13 January 2018

Gradaim Ceol Nós

Is de bharr gur tógadh léi mé atá Gaeilge agamsa. Ach is de shliocht Gaeilgeoirí athbheochana mé, gan fréamhacha Gaeltachta. Fear cathrach. Fágann sin gurb as Gaeltacht na leabhair is mó a thagann mo thinfeadh. Cinnte, anois agus mé fillte go hÉireann tá RTÉ RnaG agam, agus TG4 uaireanta. Agus ó lár na 1990í an idirlíon - nasc riachtanach ó tharla gan baint ghairmiúil dá laghad agam leis an teanga, rud a fhágann gur gá dom bheith sa tóir ar dheiseanna. Dhaingnigh tréimhse eisimirce sna 1990í an Ghaeilge mar dhlúthchuid de m'fhéiniúlacht. Sroicheann rudaí i nGaeilge áiteanna i mo chroí agus anam atá iata don mBéarla (agus don nGearmáinis, mo theanga laethúil eile - cé go bhfuil sin ar bhealach níos mothúchánaí de bhrí gur teanga mo nuachar atá inti, inar chuir mé aithne uirthi).

Ó thaobh toighis ceoil, is beag spéis a chuir mé i ceol comhaimseartha go dtí le déanaí; is fearr liom ceol clasaiceach agus ceol na hÉireann, agus go pointe ceol Domhanda, i. ceol traidisiúnta ó thíortha ar fud na cruinne. Is maith liom amhránaíocht, gan tionlacan ach go háirithe. Thairis sin, tá corr DD agam le Christy Moore agus a leithéid agus fadó, fadó measaim go raibh fad cheirnín agam de chuid Chris de Burgh. (fear nach bhfaigheadh éisteacht anois uaim). Agus mé i m'aosánach agus déagóir is túisce go raibh mé sáite i leabhar, i foluain sna scéalta ná ag éisteacht le ceol.

Ó d'fhill mé ar Éireann i dtús na Náidí áfach caithim barraíocht ama ar iompar phoiblí. Is mór an chabhair scamall ceoil chun spás suaimhneach a chruthú. Ní féidir braith go hiomlán ar an raidió de bhrí go mbíonn poll raidió fán líne DART áit nach bhfuil teacht ar an gcomhartha.

Is tríd leithéidí Nós agus amhrán na hAoine s'acu, chomh maith le RnaG a chuala mé faoi leithéidí IMLÉ, Bruadar, Rís, Bréag agus mórán nach iad atá ag cruthú ceol nua freacnairceach i nGaeilge. Ceol a labhraínn liom ar dhóigh nach labhraínn amhráin i mBéarla. Ar ndóigh, fáisceadh  roinnt de na ceoltóirí as an saol céanna liom - Gaeilgeoirí uirbeacha báite i nDomhan Béarla. 

Trí bliana ó shin a cuireadh tús le Gradam Ceol Nós, ócáid bhliantúil chun aitheantas a thabhairt do na hoirfidigh seo. Bhí mé i láthair gach bliain ó shin. Ócáid spleodrach fuinniúil. 

Níor thaise i mBliana é, agus céim nua forbartha tógtha sa mhéid is go raibh clár beo de chuid RTÉ RnaG fáiscthe as an searmanas agus as comhráití san seomra glas.

Bhí ceol den scoth ar feadh na hoíche ar an stáitse - IMLÉ, le tacaíocht bhreise, drumadóir agus cello leictreach. Tá Ríona Sally Hartman ag canadh anois leo agus ag cuir leis an manglam suntasach guthanna acu. 

Chan Róisín Seoighe go binn. Is dócha go bhfuilim féin éirithe dóite i mo sheanaois; is breá liom go bhfuil bean óg Gaeltachta fós spreagtha ag laochra 1916, agus sásta streachailt ar son cultúr agus teanga. Ba mhaith liom í ag clos ar ábhar eile freisin áfach! Sin an dóigh is fearr le cruthú nach marbh ach beo beoga bríomhar atá teanga ár sinsir!

Rud a thuigeann Pádraig Jack, moram, a chan go binn le tionlacan grúpa fíorúil. Nó Abhainn Bheara, a chroith sean-amhráin agus foinn agus bhain sca astu!

Bhí Kíla i measc an dreama a d'oscail conair don nGaeilge isteach is saol an cheoil idirnáisiúnta agus tá siad fós á dhéanamh. Bhí sé tráthúil gurb iad a bhain curaidh mhír Banna na Bliana agus thug siad léiriú fuinniúil spleodrach ar cén fáth gurb iad na máistrí!

Deacair a shéanadh áfach gurb oíche Kneecap agus a rap easurramach ropairí a bhí ann! Is iad a chuir bailchríoch ar an oíche agus mheall siad mórchuid den slua síos go dtí ós comhair an stáitse, áit a chuaigh "Mo Chara" ag surfáil ar an slua agus iad a ropadh amach a gcuid greann dóite fuinniúil feargach (agus ag spochadh as lucht RTÉ, Bláthnaid Ní Chofaigh fiú, rud a ghlacann misneach!)

Rud a chuaigh i bhfeidhm orm ná gurb ócáid pobail a bhí ann, bhí teaghlaigh ann ag tacú leis na ceoltóirí, bhí dream óg spleodrach a tháinig aduaidh agus aniar le grúpaí ar leith, bhí mo leithéidí de chadhain aonair ann ag iarraidh ríomhaithne a iomlánú san fíor saoil.

Bhí scata mór ann a d'aithin mé - ach scata níos mó nár aithin mé!

Chuaigh cuid mór daoine ar ragairne ina dhiaidh - ar an ndrochuair táimse i mo ghéillsine ag an bus deireadh ó dheas.

Ardú croí, neartú pobal, ceol, comhluadar, tinfeadh...


Gura fada buan Gradaim Nós agus na pobail as ar eascair siad...

Tá na torthaí ar fad maraon le grianghraif den scoth ar fáil ar NÓS féin anseo

2 comments:

Pintofmilk said...

Haigh Aonghus ..bhí mé fhéin ag gradam nós sa Sugar club i mbliana,freisin.
Caithfidh mé a rá go bhain mé ann aitneamh go deo as an ocáid...
Tá mé in ann a inseacht go bhfuil cúpla amhrán nua ag Róisín ..tá súil agam nach mbeiadh sé i fhad go gcloisfidh cúile duine iad!!
Is maith liom do blag! bhí mé ag iarradh freaga a cuir ar seo le fada ach bhí deachaireachtaí
agan ag logáil isteach .....

aonghus said...

Grma Colm.

Bhí mé ag suí laistiar daoibh, ach is ina dhiaidh a thuig mé gur réalta óg Song of Granite a bhí romham!


Go n-éirí libh