2020-01-23
Iarratas Beag
2020-01-08
Lindbergh – Scéal luchóige a d’eitil
Tá cnámha an scéil simplí, luch atá tugtha don léamh agus staidéar an laoch. De bharr teacht an ghaiste luiche teitheann na lucha eile as an chathair, (Hamburg) agus fágtar ina haonair í. Ba mhaith léi iad a leanacht, déanta amach aici go bhfuil siad imithe go Meiriceá.
Ach ní féidir léi dul ar bord loinge mar go bhfuil cait ag faire gach poll is conair. Agus í ag ealú feiceann sí ialtóga agus tagann sé ina ceann eitilt.
Gabhann an luch ansin ar luas tríd iarrachtaí inneall eitilte a chruthú, bunaithe ar stair iarrachtaí an chine daonna. Tá mionsonraithe agus samhlaíocht na léaráidí sa chuid thar cionn ar fad, macallaí steampunk ann.
Faoi dheireadh, agus ainneoin ulchabháin a bheith sa tóir uirthi, éiríonn le turgnaimh na luiche agus trasnaíonn sí an Atlantach. Fáiltíonn idir daoine agus lucha roimpi agus tugann a heachtraí spreagadh do bhuachaill óg – Charles Lindbergh!
Spreagann an scéal agus go háirithe na léaráidí smaointe – ba dheacair domsa gan smaoineamh ar teifigh daonna, agus go háirithe na Giúdaigh sa Ghearmáin sna 1930í; ach freisin ar mhisneach dosháraithe agus díogras fionnaitheach.
Tá Gaeilge chuanna curtha ag Myra Zepf agus Andreas Vogel ar an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga neamhspleácha agus leanaí a léitear dóibh, agus go deimhin a dtuismitheoirí an-sásamh as an seod seo.
Torben Kuhlmann
Aistriúchán: Andreas Vogel agus Máire Zepf
ISBN: 9781910945261
Futa Fata
Aois: 8+
Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Meán Fómhair 2017
2018-12-19
Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí
Fuair mé cóip léirmheasa den saothar seo. Cé go mbeadh mé tar éis freastal ar dhráma Celia de Fréine murach gur bhac droch shlaghdán mé, ní dóigh go mbeadh mé tar éis leabhar neamhfhicsin toirtiúil a tharraingt chugham!
2018-06-15
Jeaicín File
Ní raibh mórán iomrá cloiste agam ar an mbráthair S. E. Ó Cearbhaill. Ach tharla go raibh leabhar leis, An tÁr sa Mhainistir i measc cnuasach a bhronn Réaltán orm.
Ansin bhí mé ag seoladh de chuid Foilseacháin Spioradálta áit ar labhair Ray Mac Mánais go ceanúil faoi. Ina dhiaidh sin chuala mé gur spreag sé, agus é in oide, spéis Michael Davitt i nGaeilge agus i bhfilíocht.
Thaithin a raibh san Ár sa Mhainistir liom, agus chuir mé fios ón leabharlann ar an díolaim a chuir Liam Prút (file agus bráthair eile) i dtoll a chéile, Jeaicín File.
An míbhuntáiste a bhaineann le díolaim filíochta a fháil ón leabharlann ná go bhfuil tréimhse ama teoranta sular gá é thabhairt ar ais. Ní faoi bhrú ama ná léamh ó chlúdach go clúdach an dóigh is fearr le taitneamh a bhaint as filíocht. B'fhearr liom a leithéid a bheith ar leabhragán agam le tarraingt as nuair a bhuaileann an taom mé, ach is fada mo leabhragáin ar cuir thar maoil!
Cnuasach toirtiúil atá ann. Tá na dánta i rannóga de réir téama, léargas iontu ar ghreann, gean agus creideamh an fhile. Agus ar a chuid taisteal. Dánta fada agus dánta gairide. Tabhairt faoi deara iontu.
Bhraith mé nach bhfuil siad ar fad ar ardchaighdeán agus b'fhéidir go mbeadh breis spíonadh déanta ag an bhfile féin orthu.
Ach tá go leor ann a bhfuil taitneamh agus spreagadh machnaimh ann.
Dánta cathrach. Dán a thugann Baile Átha Cliath agus an file ag teacht in inmhe chun beatha trí bhíthin boladh! Cuir síos ar Nua Eabhrac. An chathair Síoraí, An Róimh, áit ar chaith sé seal fada ag teagasc.
Creideamh domhain umhal caoin. Mórtas teanga agus pian an deoraí. Streachailt an nuachainteora chun an teanga a shealbhú i gceart. Dua an fhile an tinfeadh a thabhairt slán i bhfocail ar phár.
Tá aguisín leis an leabhar á thugann sampla dá chuid teagasc - admhaím gur shleamhnaigh mé thar sin, mar ar shleamhnaigh mé thar cúpla dán eile.
Mar sin féin, ba mhaith liom an cnuasach seo a bheith agam le tarraingt as anois is arís.
Jeaicín File
S.E. Ó Cearbhaill
Liam Prút a chuir in eagar
Coiscéim 2005
2018-05-12
Mac Dé Cé hÉ?
2018-04-17
Duan na Nollag
Charles Dickens & Pádraig Ua Duinnín
2018-04-07
Sárú
An Nollaig Thuas
2018-01-25
Ursula K le Guin
2018-01-23
Colm Breathnach
Prós is mó a léim. Ach tá cnuasach sách mór leabhra filíochta Gaeilge ar mo leabhragáin, agus nuair a bhuaileann an taom mé léim dán nó dhó.
Is minic Colm Breathnach molta ag Caitlín Nic Íomhair ar Twitter, ach ní raibh aon chuimhne agam ar aon rud dá chuid bheith léite agam. Fuair mé dán dá chuid ar líne An Ghrá a chuir le m'fhiosracht. Mar sin, chuir mé fios ar an gcnuasach Rogha Dánta ón leabharlann.
Rogha as na cnuasaigh atá foilsithe go n-uige seo aige, maille réamhrá le Máirín Nic Eoin. (Seachnaím réamhrá go hiondúil, ach is fiú léargas Mháirín a bhlaiseadh).
Ós rud é gurbh ón leabharlann a fuair mé é, chrom mé ar a léamh ó chlúdach go clúdach. Cuir chuige nach bhfuil inmholta le filíocht dáiríre, agus go deimhin is minic a leag mé uaim an leabhar tar éis dornán dán a léamh d'fhonn póit filíochta a sheachaint.
Tá foclóir shaibhir ag an mBreathnach (a bhí ag plé le téarmaíocht agus aistriúchán go gairmiúil roimh dul ar luathscor chun díriú ar scríobh). Tá an eolas freisin aige ar an litríocht agus tagairtí don Fhiannaíocht agus Rúraíocht (agus gach seans rudaí eile a bhfuil mise dall orthu) sna dánta.
Dánta grá agus gaoil, grá agus achrann athair is mic, grá máthar is mic, grá leannáin, grá áite, grá teangan (dosheachanta d'fhile, file Gaeilge ach go háirithe). Dánta saibhre a spreagann mothúcháin agus machnamh araon.
Tá rún agam b'fhéidir amach anseo cnuasach nó dhó leis a chuir ar mo leabhragáin chun tarraingt astu ar mo chaothúlacht.
Táim buíoch do Chaitlín as é a chuir in aithne dom!
2018-01-12
Kíor Thuathail
Kíor Thuathail
Jean-Claude Izzo
€15.00
280 lch; clúdach bog;
ISBN 978-1-911363-40 8.
Is maith liom scéinséir maith. Scéinséir den scoth atá curtha ar fáil ag Bernadette Nic an tSaoir anseo dom, ós rud é nach mbeadh Fraincis diongbhála Izzo agam.
Scéal triúr de shliocht inimirce a tháinig in inmhe le chéile i Marseille, ag streachailt le cúngú saoil nuair a theip ar fhostaíocht. Beirt a chuaigh le drongadóireacht, duine a rinne iarracht éalú tríd dul sna péas.
Tá duine acu marbh ag tús an scéil. An darna duine marbh i gcith piléir póilíní sar i bhfad, tar éis iarracht díoltas a bhaint amach as bású a chomrádaí.
Sruth comhfheasa an treas duine atá i mórchuid an úrscéil, an póilín ag iarraidh ciall a bhaint as na heachtraí. Agus as eachtraí eile a bhfuil cuma fánach orthu ach atá snaidhmthe sa bhréidín céanna as éagóir, coiriúlacht, drúis is drugaí.
Gabhann a smaointe siar is aniar, ag míniú caidreamh an triúr agus bean leo, Lole. Bean a bhfuilid triúr i ngrá léi.
Tá stair sóisialta ann, póilín pobail an reacaire, é ag iarracht a gceart a bhaint amach don nglúin is déanaí de shliocht inimirce - na hArabaigh.
Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim.
Scéinséir lán castaí is corr. Ladair éagsúla sa scéal. Coirpigh. Póilíní, idir díreach is cam. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír a ghlac iad orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad , drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.
Cloisim go bhfuil an dara gála ar na bacáin ag Bernadette. Táim ag tnúth leis.
2018-01-11
Cú na mBaskerville
Tá athchóiriú déanta ag Evertype ar roinnt de na scoth aistriúcháin a rinne An Gúm fadó. Mar thoradh ar phlé ar Twitter ar na mallaibh chuir mé fios ón leabharlann ar leagan Nioclás Tóibín de shaothar chlúiteach Conan Doyle, Cú na mBaskerville.
Murab ionann agus cuid mhaith de na scéalta faoi Sherlock Holmes, úrscéal atá anseo. Mar is iondúil, ó dhearcadh comhghleacaí Holmes, Watson atá an reacaireacht - agus Holmes as radharc don gcuid is mó. Diaidh ar ndiaidh a scaoiltear an scéal chugainn, maraon le cúpla conair chaoch. Árd scéal atá ann.
I measc mion uaisle Sasana atá an imirt, lucht an County. Measaim gur aimsigh Tóibín an réimse ceart cainte leis an atmasféar ceart a chruthú.
Admhaím go raibh roinnt focail nach raibh agam - léiriú ar an tanú atá tagtha ar an nGaeilge ó shin, is dócha. Ach bhíodar neadaithe i comhthéacs a d'fhág gur d'fhonn brí a chinntiú seachas a fháil a bhí orm an Dálach a cheadú.
Is é Aibhistín Ó Duibh a rinne an leagan seo a choiriú.
Ní minic dom saothar atá léite agam sa bhunleagan a léamh in aistriúchán Gaeilge. Ach scéal den scoth atá anseo, (a raibh mionsonraí dearmadta agam sa chaoi go raibh teannas san athléamh).
Agus is maith an rud an Ghaeilge a aclú i suíomh nua mar a rinne Tóibín.
2017-12-12
An Bhean Istigh
Tá ríomhaithne na mblianta agam, mar chomhbhlagadóir, ar Áine Durkin. Go deimhin casadh ar a chéile muid cúpla babhta agus Áine abhus san ardchathair. Bhí cuir amach éigin agam uirthi mar fhile, mar gur fhoilsigh sí corr dréacht ar an mblag. Bhí fhios agam freisin baint a bheith aici le cúirt filíochta an oireachtais.
D'fhulaing a muintir roinnt tragóid phoiblí, bás a deirfiúr faoi chúinsí nár soiléiríodh riamh agus í ar dhualgas le arm Mheiriceá san Afganastáin.
Tá taithí fhada sna dánta seo a cnuasaíodh thar scór bliain.
Dánta teaghlaigh, caidrimh, ceana.
Feictear dom gur leor dó féin an sonas, agus gur minice a éadromaíonn croí faoi bhuairt é féin i ndán.
Tá scáil an bhróin, ach freisin an teacht aniar as ar na dánta seo. Ach ní dánta gruama éadóchasach iad. Tá splanc an dóchais is an grá iontu; an anam daonna neartaithe agus maisithe, mar a bheadh ealaín Kintsugi na Seapáine, soitheach briste deisithe le hór.
Tá féin chíoradh agus iniúchadh an scríbhneora le fáil iontu freisin; mórtas agus grá máthar, deirféar, iníne, gariníne, cara.
Bhí aithne freisin agam ar Nuala Nic Con Iomaire, suaimhneas síoraí uirthi: tugann marbhnaí Áine chun beatha arís í.
Goltraí agus geantraí, grá agus gruaim, gontacht agus greann.
Gura fada buan Áine!
Mise Áine: An Bhean Istigh
Cló Iar Chonnacht
2017-09-01
Tubaiste ar an Titanic
Bhí Lá leis na Lochlannaigh ceannaithe agam agus léite le m'iníon, mar sin nuair a chonaic mé an scéal seo a tháinig roimhe croch mé liom ón leabharlann é.
An uair seo nuair a osclaíonn Brídín agus Cormac an doras draíochta (don gcéad uair) aimsíonn siad iad féin ar long mhór ghalánta. Buaileann siad le himirceach óg as Éirinn atá faoin deic, san tríú grád. Is féidir leis na páistí na doirse glasáilte a oscailt, agus bíonn an triúr acu ag baint lán na súil as cuannacht an chéad agus an dara grád.
Diaidh ar ndiaidh áfach tagann siad ar an dtuiscint go bhfuil siad ar an Titanic - agus níos measa fós, go bhfuil briseadh na loinge ar tí tarlú.
Éiríonn leo máthair agus deartháir an chailín ar bhuail siad leo a tharrtháil chomh maith leis an gcailín féin - murach iad bheadh siad féin faoi ghlas!
Agus an teaghlach beag slán ar bhád, cromann siad ar an ndoras draíochta a lorg athuair- agus práinn leis toisc go bhfuil an long ag dul go tóin poill.
Éiríonn leo sa deireadh (ar ndóigh!)
Insint beoga drámatúil, lán sonraí. Lón léitheoireachta!
Tubaiste ar an Titanic
Máire Zepf
Cló Mhaigh Eo
2017-08-28
Opération Anthropoïde
Chonaic mé Breandán Delap ag moladh an leabhar HHhH cúpla uair ar Twitter (agus i gComhar, seans).
Bheartaigh mé mar sin fios a chuir air. Úrscéal stairiúil atá ann ar an dromchla. Chuir Laurent Binet roimhe scéal na beirte a rinne iarracht Heydrich - fear mór na Naitsithe i bPrág a dhúnmharú. Scéal a fuair greim ar a shamhlaíocht agus é ina chónaí sa tSeicslóvaic.
Ach ní insint dhíreach atá ann. Fite fuaite le heachtraí an scéil tá tráchtaireacht an údair ar an dóigh a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thar blianta fada, na saothair is na háiteanna a cheadaigh sé. An deacracht gan an scéal a chuir as a riocht le samhlaíocht.
An slí a dhíbir Heydrich - a bhfuil níos mó ábhar faoi, ar ndóigh, scéal na beirte a rinne an bheart i leataobh ainneoin a dhícheall.
Léiriú ar sin, teideal an leabhair. Opération Anthropoïde an teideal a roghnaigh an údair, ainm na hoibríochta rúnda faoinar sheol rialtas deoraíochta na Seicslóvaice an bheirt ar ais ó Shasana le buille suntasach a bhualadh (agus fios maith acu go mbainfí díoltas fuilteach amach).
Ró ficsean eolaíochtúil arsa an foilsitheoir. HHhH a rogha siúd - Himmlers Hirn heisst Heydrich (Heydrich is ainm d'inchinn Himmler).
Heydrich in uachtar arís.
Tá torthaí taighde fhada sa leabhar, léargas ar na pearsain, léargas ar a dheacracht úrscéal ionraic staire a scríobh, léargas ar na sluaite gan ainm a bhí páirteach sa bhfreasúra, nach iad laochra aonair a rinne na gníomhartha gaile (ná a d'íoc an praghas)
Bréidín shaibhir de scéal, agus lón machnaimh ar go leor leibhéal.
Táim buíoch do Bhreandán as an nod!
2017-02-16
Corp an Duine Uasail
Tá scata leabhair bhreátha i nGaeilge á fhoilsiú, ach níl spás ná airgead agam iad ar fad a bheith i mo sheilbh. Agus níl leabharlann ceart ar fáil don nGaeilge. Tá teacht ar sciar áirithe de leabhair i nGaeilge sna gnáth leabharlanna ach teacht orthu.
Anois is arís áfach tagann deis eile i'm threo. Ag an deireadh seachtaine thug mé 'Corp an Duine Uasail' faoi ndeara i gcarr carad. Bhí sé ceannaithe aige ag ceapadh go mbeadh sé - de bharr gur úrscéal graifeach atá ann- oiriúnach do leanaí. Ar ábharaí an tsaoil thug sé spléachadh air sular thug sé dóibh é.
Sciob mise mar léitheoireacht leapain don deireadh seachtaine.
Scéal Zoë atá ann. Beag óg atá ag obair mar 'fáilteoir' - bé botha ag taispeántas, gan de chúram uirthi ach cuma ghleoite a bheith uirthi sna pictiúr. Agus, gan amhras, glacadh le crúbáil ó na cliantaí. Crúbáil a fhulaingíonn sí ar an metro plódaithe abhaile chuig a bodach falsa díomhaoin de leannán, a chaitheann léi freisin mar a bheadh meall feola atá ann lena ainmhian a shásamh.
Ní nach ionadh tá sí cráite ag a saol.
Tagann cor ina saol, buaileann de thaisme le fear agus eascraíonn caidreamh ar leibhéal níos uaisle. Nó an bhfuil?
Baintear cúpla corr cliste eile as an scéal roimh deireadh.
Tá líníocht agus scéalaíocht Pénélope Bagnieu cliste, súil ghéar agus inchinn caolchúiseach aici.
Léitheoireacht éadrom taitneamhach ach lón machnaimh ceilte ann. Aistrithe go cliste ag Darach Ó Scolaí agus sleasainna glice go saol litríocht na Gaeilge ann.
Corp an Duine Uasail
Pénélope Bagieu
€12.00
128 lch; clúdach bog;
ISBN: 978-1-909907-78-2
2016-01-24
Tomhas orm, Tomhas ort
Ealaíontóir – Sinéad Ní Chadhain. Eagarthóir – Eoghan Mac Giolla Bhríde
2016-01-19
Sofi Oksanen: Páis na hEastóine
2016-01-11
Scéal Scéil
ISBN: 978-1-907494-39-0
Foilsithe: 2014










