Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-04-07

Sárú

Chuir muid aithne cheana ar Evan agus Rio sna leabhair Vortex agus Hóng. I Sárú tá réamhamharc faighte ag Evan ar chluiche nua ríomhaireachta a phléann le sábháil na cruinne. Ach tá ar féin agus Rio dul i ngleic le drong atá ag tromaíocht san fíorshaol freisin; agus cén ról go díreach atá ag an cailín nua Gael-Mheiriceánach Cara? Tá go leor eolas aici faoin gcluiche, ach an cara nó eascara í? 

Tugann scéal an chluiche deis don údar ceisteanna caidrimh agus timpeallachta atá tráthúil a phlé gan a bheith ag seanmóireacht. Tá go leor eolais faoi nithe tráthúla - athrú aeráide, teacht i dtír comhlachtaí móra ar an bpobal anseo agus thar lear, aicmeachas, brú oibre- fite fuaite tríd an scéal ar bhealach nádúrtha. 

Tá an aimsir féin gníomhach sa scéal agus anfa agus fuarlaigh ag cuir corr i gcinniúint na gcarachtar. 

Ní maith liom féin gluais téarmaíochta Gaeilge-Béarla. Tá a leithéidí ag cúl an leabhair: b'fhearr go mór liom go dtabharfaí míniú i nGaeilge shimplí ar téarmaí, más gá. 

Tá an leabhair dírithe ar dhéagóirí óga agus measaim go mbainfidh siad sult agus tairbhe as. 

Sárú
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht