Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-06-15

Jeaicín File


Ní raibh mórán iomrá cloiste agam ar an mbráthair S. E. Ó Cearbhaill. Ach tharla go raibh leabhar leis, An tÁr sa Mhainistir i measc cnuasach a bhronn Réaltán orm.
Ansin bhí mé ag seoladh de chuid Foilseacháin Spioradálta áit ar labhair Ray Mac Mánais go ceanúil faoi. Ina dhiaidh sin chuala mé gur spreag sé, agus é in oide, spéis Michael Davitt i nGaeilge agus i bhfilíocht.
Thaithin a raibh san Ár sa Mhainistir liom, agus chuir mé fios ón leabharlann ar an díolaim a chuir Liam Prút (file agus bráthair eile) i dtoll a chéile, Jeaicín File.
An míbhuntáiste a bhaineann le díolaim filíochta a fháil ón leabharlann ná go bhfuil tréimhse ama teoranta sular gá é thabhairt ar ais. Ní faoi bhrú ama ná léamh ó chlúdach go clúdach an dóigh is fearr le taitneamh a bhaint as filíocht. B'fhearr liom a leithéid a bheith ar leabhragán agam le tarraingt as nuair a bhuaileann an taom mé, ach is fada mo leabhragáin ar cuir thar maoil!
Cnuasach toirtiúil atá ann. Tá na dánta i rannóga de réir téama, léargas iontu ar ghreann, gean agus creideamh an fhile. Agus ar a chuid taisteal. Dánta fada agus dánta gairide. Tabhairt faoi deara iontu.
Bhraith mé nach bhfuil siad ar fad ar ardchaighdeán agus b'fhéidir go mbeadh breis spíonadh déanta ag an bhfile féin orthu.
Ach tá go leor ann a bhfuil taitneamh agus spreagadh machnaimh ann.
Dánta cathrach. Dán a thugann Baile Átha Cliath agus an file ag teacht in inmhe chun beatha trí bhíthin boladh! Cuir síos ar Nua Eabhrac. An chathair Síoraí, An Róimh, áit ar chaith sé seal fada ag teagasc.
Creideamh domhain umhal caoin. Mórtas teanga agus pian an deoraí. Streachailt an nuachainteora chun an teanga a shealbhú i gceart. Dua an fhile an tinfeadh a thabhairt slán i bhfocail ar phár.
Tá aguisín leis an leabhar á thugann sampla dá chuid teagasc - admhaím gur shleamhnaigh mé thar sin, mar ar shleamhnaigh mé thar cúpla dán eile.

Mar sin féin, ba mhaith liom an cnuasach seo a bheith agam le tarraingt as anois is arís.

Jeaicín File
S.E. Ó Cearbhaill
Liam Prút a chuir in eagar
Coiscéim 2005