Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-06-06

An Saothraí

Tá cáil bainte amach agus tuillte ag Cartoon Saloon as an ard ealaín a chruthaíonn siad ina gcuid scannáin beochana. Tá péire curtha amach acu as Gaeilge freisin go dtí seo, iad lonnaithe in Éirinn agus ag tarraingt as cruinne scéalaíochta na hÉireann.

Is as cruinne eile a tharraingíonn an scannán is déanaí, atá bunaithe ar úrscéal faoi chailín óg faoin Taliban i gCabúl. Níl aon chuir amach agam ar an úrscéal, ach tá Ceannaí Leabhair Chabúl le hÅsne Seierstad léite agam. Mheas mé go raibh blas agus boladh na fírinne faoi dán an ghnáthdhuine faoi chúng daoirse na himpireachtaí air. Agus, mar a insíonn a hathair don laoch Parwana, is fada iad céasta ag saighdiúirí na himpireachtaí ag réabadh tríd a dtír, ó Alastair Mór anall. (Radharc éifeachtach!).

Gabhann an Taliban a hathair de bharr formaid agus tá an teaghlach i ndrochchuí.

Níl réiteach ar an scéal ach éadaí buachaill a tharraingt chuici féin agus iarracht airgead agus bia a thuilleadh, agus iarracht a dheánamh a hathair a tharrtháil.

Mar snáithe tríd an scéal chun a misneach a chothú tá scéal fada a aithrisíonn sí, dá deartháir óg i dtosach ansin dá cara.

Corróidh an scéal seo tú. Tá an ealaíon álainn, tá na snáithí éagsúla fite le chéile. Stíl éagsúil do chruinne na scéalaíochta. Léiriú ar ghrá i dteaghlach, ar chairdeas, ach freisin ar an formad a spreag roinnt isteach sa Taliban, an dúil san tromaíocht sa bhogadán fir.

Mhothaigh sé ana nádúrtha a bheith ag éisteacht le guthanna Gaeilge ag insint an scéil. Ar ndóigh tá na snáithí uilíoch.