Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-06-09

Mo thigín beag aerach sa ghleann seo thíos

Bhí mé féin sna macaoimh ar feadh seal gairid. Ansin agus mé ins na déaga chuaigh mé le fiontraithe - an dream is sine de na gasóga. Idir eatarthu bhí baint agam le clubanna óige a thug amach ar na sléibhte measartha minic mé. Nuair a bhí mé sa Ghearmáin i dtosach, bhí mé páirteach ar feadh cúpla bliain le grúpa gasóg thall - taithí ar leith mar gur tharraing siad as traidisiúin Wandervogel na Gearmáine chomh maith le smaointe Baden Powell (atá, bímís ionraic, sách míleatach). Bhíodh go leor slua-amhránaíocht ar bun acu, abair. Agus pubaill ar leith, a phíosa éadach féin ag cách as ar tógadh pubaill éagsúla, ceann beag fearacht tipí, nó ceann ana mhór fearacht yurt na steipeanna.  Tá cion agus meas agam ar an siúl, ar an ndúlra. Bhí mo mhic páirteach sna gasóga freisin, ó thús ('beavers') go deireadh. Ach ar chúiseanna iomadúla níl m'iníon páirteach leo.
Níor mhaith liom an taithí seo a cheilt uirthi, codladh amuigh sna cnoic. Oíche Satharn na deireadh seachtaine fada (bhí sí cruógach roimhe sin, agus cibé bhí uaim Aifreann a éisteacht) thug mo nuachar muid chomh fada le Coill Chróine agus shiúl muid suas cosán na hAille go dtí an ghleann ós cionn eas Cúirt an Phaoraigh ar abhann na Deargaile. Glensoulan atá ar an ngleann as an léarscáil - níl ainm Gaeilge agam ná ag Logainm air! Agus muid ag teacht síos i dtreo an droichid chonaic mé scata pubaill agus tine mhór. Ní raibh fonn comhluadair orm agus cibé ní raibh mé cinnte nach déagóirí ag ól cannaí a bheadh romhainn - mar sin shiúil muid trasna an chnoic ag lorg áit suaimhneach roinnt céadta méadar isteach sa Ghleann, rud a d'aimsigh muid.
Níor ghlac sé i bhfad orainn an puball a chuir suas. Bhí áit measartha cothrom cois abhainn aimsithe againn. (D'fhoghlaim mé nach raibh sé baileach chomh cothrom sin san oíche ach níl raibh neart air sin). Ní raibh le clos ach crónán an srutháin, ceiliúradh na n-éin sa chlapsholas, agus rannán rabhaidh na bhfianna. Rinneamar cupán tae agus chuaigh a luí. Chodail muid go measartha. Ar maidin rinne mé ispíní a fhriochta ar an sorn Trangia - sorn a dhónn  biotáille mheitileach agus atá éadrom éifeachtach. Chonaic muid dhá phréacháin - fiacha dubha seans - ag ruaigeadh seabhac as a gceantar. Chuaigh muid ar siúl píosa - ag dreapadh Málainn ó dheas uainn, agus ag siúl i dtreo foinse an Life thar sleasa Tóin Dubh. Shocraigh muid áfach go raibh an sprioc ró fhada ar lá meirbh marbhánta agus d'fhill ar ár gcampa.
Bhí roinnt cluichí tugtha linn againn agus ghlac muid go bog  é; ag déanamh ár dinnéar ar phasta nach raibh le cuir leis ach uisce fiuchta. Bhí pota couscous agam freisin de chuid John West le spíosraí tríd agus tuinnín leis. Blasta! Chodail muid níos fearr de bharr aclaíocht an lae. Maidin Luain tar éis bricfeasta thóg muid anuas an phuball agus shiúl go deas réidh, ag glacadh sos go minic faoinár ualaigh, ar Slí Chill Mhantáin amach go dtí an bóthar míleata ós cionn Loch Té.
Sos beag taitneamhach a bhí ann. Agus níor bhain sé an oiread as mo chnámha is a shíl mé! Tá campáil fiáin mar a rinne muid ceadaithe ach cloí le roinnt prionsabal simplí. Chomh gar do BhÁC faraor bíonn roinnt bruscar le feiceáil - agus muid ag siúl fuair muid buidéal gloine ar shleasa Málainn a thug muid linn - baol tine is ea sin. Ach tá go leor den dúlra fós sách slán - chonaic muid go leor fianna. Bhí leamhain agus ciaróga fairsing freisin - agus míoltóga sa chamhaoir faraor. Bhíos buíoch gur choinnigh mogall an phubaill slán muid óna n-ionradh sin. Chonaic muid fáinleog a sciorradh ós cionn an sruthán, ag tumadh san eitilt. Raithneach agus fraoch is mó a bhí ag fás, agus chonaic muid roinnt ceannbháin bhána ar an bportach; caonach agus crotal thall is abhus. Bhí dornán beag crainn sa ghleann - cuileann, caorthainn agus sceach gheal. Tá, dar ndóigh plandálacha giúise Coillte thart ar an ngleann - agus tá béithe agus crainn leathan duilleacha eile sa ghleann ag an eas.
Tá súil agam bheith in ann mo phléisiúir sna cnoic a roinnt níos minice le'm iníon amach anseo! Tá súil agam í a thabhairt liom go barra Chnoic Bhréanainn mar shampla ag deireadh na míosa seo chugainn agus muid in Iarthar Dhuibhneach arís. Tá suaimhneas na gcnoc agus áilleacht an dúlra go maith don gcolainn agus don anam.