Leanamar an bóthar coille ar chiumhais an locha uachtaraigh go dtí iarsmaí sráidbhaile na mianadóirí. Ba léir go raibh neart fearthainne tar éis titim. Ba eas gach feadán sléibhe. Thugamar aghaidh ar an cosán nathrach suas go barr an ghleanna. Bhí sé fós ag ceobhrán. Ba cláideach láidir Abhann Ghleann Abhlach, na heasanna ann dár mbodhrú. Ach domsa ba gheall le hinstealladh lúcháire a bheith amuigh faoin spéir agus neart an dúlra a mhothú le mo chéadfaí ar fad.
2024-10-07
Conair na mianadóirí
Leanamar an bóthar coille ar chiumhais an locha uachtaraigh go dtí iarsmaí sráidbhaile na mianadóirí. Ba léir go raibh neart fearthainne tar éis titim. Ba eas gach feadán sléibhe. Thugamar aghaidh ar an cosán nathrach suas go barr an ghleanna. Bhí sé fós ag ceobhrán. Ba cláideach láidir Abhann Ghleann Abhlach, na heasanna ann dár mbodhrú. Ach domsa ba gheall le hinstealladh lúcháire a bheith amuigh faoin spéir agus neart an dúlra a mhothú le mo chéadfaí ar fad.
2024-06-21
Na Déise ag Déaglán go bráth!
2024-06-16
Bus, Dord, Cos
2024-04-08
Modharchoill
2023-05-08
Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - ag siúl cois Loire
Lean mé orm fán mbruach theas go dtí an droichead iarnróid, a bhfuil cosán coisithe lena ais, agus ar ais go dtí an bruach thuaidh - tá canáil comhthreomhar leis an abhann ansin. Bhí neart báid ceangailte, iad fada agus tógtha d'uiscí tanaí. Mar a bheadh punt, ach seolta (agus inneal uaireanta) orthu.
2021-07-20
Stevenson agus a Asal, trascruthaithe ag Seán Ó Ruadháin
2021-04-10
Is geal leis an gcaora dhubh a uain féin
2021-04-08
Fernweh
Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,
Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do mhúineadh,
Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,
Ach na bóithre fada bána 's iad am shámh-tharraing chútha.
A malairt sin níor bh'fearr liom ach bád seasgair siubhlach,
'S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;
Eamonn geal bheith láimh linn 's do lámh-sa dár stiúradh,
'S a chara dhil na n-árann, nár bh'álainn an triúr sinn!
Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny 'gus Brúgmann,
'S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té sgrúd iad.
Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc de dhántaibh is d'ughdair
Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair .
Tá na bóithre fada bána coiscthe orainn le tamall ag an dianghlasáil; tá na bóithre agus na coillte ar tairseach an doras siúlta agam de thruslóga fhada, ach níl leigheas iontu don eolchaire taistil. Go háirithe nuair atá, mar atá faoi seo, a nuaíocht ídithe ag athshiúl minic.
Phrioc an Fernweh mé le fios a chuir ar scanóir agus na sleamhnáin atá ag bailiú deannach le beagnach
tríocha bliain a athscrúdú agus a dhigitiú. Ar corr aistear de na haistir a rinne mé an uair úd choinnigh mé dialann de chineál éigin, agus idir na pictiúr agus na focail, déantar athnuachan ar chuimhní sona fánaíochta. Maolú éigin ar an eolchaire. Agus múscailt ar chuimhní eile nach bhfuil breátha síos agam roimhe, agus go deimhin, má tá pictiúr ann ní heol dom go baileach cá bhfuilid tar éis na haistrithe cónaí san tréimhse céanna.
Ní leigheas ar an eolchaire atá anseo, ar ndóigh – go deimhin is mó fonn a spreagann sé ionam bheith siúlach arís. Ach tá luach leis na cuimhní, agus spreagann siad smaointe ar turais a bheartú arís. Rud a bheith níos fusa agus mo chlann nach mór tógtha!
Is dócha mé an flosc fánaíochta ó thaobh na dtaobhann. Chaith mo mháthair seal ag staidéar sa Fhrainc, agus seal ag obair san Afraic sular phós sí. Agus í ann, dhreap sí Kilimanjaro. Le tríocha bliain anuas thug a chuid oibre m’athair go lár na hÁise agus na críocha a bhíodh in Aontas na Soibhéide. Cúis gáire dá chlann an teideal oifigiúil a bhíodh ar sna turais seo – “Saineolaí”. Is minic a chuaigh mo mháthair leis ar na turais seo, ar feadh seal ar a laghad, agus bhíodar freisin san Viet Nam.
Go deimhin, an turas is faide go dtí seo a ghlac mé féin, ba thuras oibre de chuid m’athair a bhí ann ó cheart. Sna 1970í bhí comhdháil ceimice le bheith i mBudapest agus é de dhualgas ar m’athair a bheith ann. Ba leor na fiacha a bheadh ar eitilt ann agus ar ais dó féin chun an clann a thabhairt leis i mionbhus trasna na hEorpa – mionbhus campála ina raibh lóistín ann freisin. Thrasnaigh muid dá réir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ostair. Is dóigh liom freisin gur thrasnaigh muid cuid de na Tíortha Ísle freisin; ach níl mórán cuimhní agam ar an aistear.
Maidir liom féin, is annamh an Eoraip fágtha agam – agus is beag fonn atá orm amhlaidh a dhéanamh. Ná ní raibh mé níos faide soir ná Vársá. Tá oiread ann nach bhfuil feicthe fós agam. Chaith mé dhá seal gairid sna Stáit Aontaithe ar thurais oibre. B’ait liom an áit. Mhothaigh mé i mo chláiríneach, tharla gan tiomáint agam agus é dodhéanta rud ar bith a dhéanamh d’uireasa carr. Bhí ionad siopadóireachta an gharr don óstán ina raibh mé ar thuras acu – ach bhí sé dodhéanta siúl chomh fada leis!
Tá cuid mhaith den Eoraip siúlta agam, bealach amháin nó bealach eile – ach tá fonn orm níos mó a fheiceáil. Más féidir, de shiúil na gcos – agus achair níos faide ar thraein. Mothaím gur mó deis a thugann turas traenach aistear a bhlaiseadh. Agus titim i mo thromshuan ró mhinic i ngluaisteáin. (Bíonn duine éigin eile, mo nuachar go hiondúil, ag tiomáint)
2020-08-18
Com an Lochaigh
Bhí cosán amach as an nGleann a d'éirigh níos soiléire de réir a chéile go dtí go rabhamar ag siúl ar bhóithrín a thug go dtí an áth muid. Ar an ndea-uair dúinne bhí droichead ann freisin - droichead lindéar - le go leor colúin agus clocha leathana eatarthu.
Ní raibh le déanamh ansin ach an bóthar a leanacht amach agus filleadh ar na bóithre go dtí an Baile Breac.
2020-07-04
Turscar agus teanga
2019-04-29
Siúlach scéalach, ag siúl ar chonair scéalta eile
San eagrán reatha de Comhartaighde.ie tá alt ag Pádraig de Paor faoi pléisiúr na léitheoireachta taisteal. Chuir sé ag smaoineamh mé faoi phléisiúir eile, an toise breise a chuireann léitheoireacht faoi ait, in úrscéal abair, le bheith ag taisteal ann. Nó an chaoi a measctar cuimhní cinn ar thuras le cuimhní cinn ar léamh chun cuimhní eile a chruthú.
Agus mé ag siúl amach léi chuir mo nuachar anois in aithne dom dhá rud atá fite fuaite le chéile i mo chuimhní agus samhlaíocht.
Scríbhinní Adalbert Stifter agus siúlóidí sa tSeic.
Cé gur Gearmáinis a scríobh Stifter ba Boihéimeach é (tá lár na hEorpa ilteangach ilchineálach le fada). Tá mórchuid dá scéalta lonnaithe sna cnoic idir an Ostair anois agus an tSeic anois.
Agus cónaí orainn i mBeirlín, bhí siúlóidí sa tSeic cúpla uair an chloig chun siúl ar an traein. Is iomaí deireadh seachtaine a chaith muid ann, ag siúl, ag ithe is ag ól.
Chaith muid tréimhse níos faide saoire ann tráth freisin, ag dul go Český Krumlov (Krumau) agus České Budějovice (Budweis) ach freisin go Horní Plána (Oberplan), áit dúchais Stifter. Shiúlamar an ceantar, go dtí áiteanna atá luaite ina shaothar fearacht an Dreisesselstein (cloch na dtrí suí) atá san áit a dtagann an Ostair, an Bhaváir agus an tSeic le chéile. Nó an loch, draíochta más fíor, Plöckensteinsee. (Ainmneacha Gearmáinise mar a bhí ag Stifter is túisce a thagann chun cuimhne).
Tírdhreach crannach sléibhtiúil. Iarsmaí spéisiúla obair daonna na céadta bliain, a bhfuil cuir síos orthu i saothar Stifter. Tithe na fíodóirí, leath adhmaid agus leath cloch. Bhíodh an seol sa chuid adhmaid mar bhaineadh sé croitheadh as an teach.
D'fhág tragóid agus mioscais an Treas Reich go bhfuil Gearmáiniseoirí díbeartha as an gceantar anois, ach tugtar aitheantas do Stifter fós. Agus anois agus an cuirtín iarainn ar lár tá daoine a díbríodh ag filleadh ar chuairt agus ag athnuachan iarsmaí a sinsear. (ní dóigh gur gan teannas sin). Eaglaisí, reilig agus leaca cuimhne.
Dúlra agus saothar daonna le feiceáil ag an turasóir, mar sin.
Tá leabhair Stifter ar ár leabhragáin le fada, bhí siad ag mo nuachar. Ach cúpla bliain ó shin fuair mé a shaothar don Kindle agus léigh go leor de, roinnt de don gcéad uair.
Tá loinnir na seirce is na hóige ar na cuimhní seo.
Ba mhaith liom filleadh ar an gceantar. Bhí rún agam sin a dhéanamh dhá bhliain ó shin nuair a bhí seachtain idir dhá ócáid sa Ghearmáin. Bhí sé beartaithe agam taisteal, de shiúil na gcos den mórchuid, idir Český Krumlov agus Passau na Gearmáine. Theip ar an bplean mar gur fhág mé ró mhall é lóistín a lorg agus bheadh an chostas ró ard dom.
Níl an plean dearmadta agam áfach agus tá súil agam go mbeidh deis agam na cnoic a shiúl agus meabhrú ar scéalta Stifter ina áit dhúchais.
2018-12-27
Conair Frainc go Santiago
Tá aithne éigin agam le roinnt blianta ar Fhrainc Mac Bhrádaigh, atá - i measc roinnt cúram eile atá leagtha ag Cumann Íosa air - ina eagarthóir le flosc ar an iris an Timire, agus ar Foilseacháin Ábhair Spioradálta a fhoilsíonn trí leabhair nó mar sin i nGaeilge chuile bliain.
Seo dialann dá chuid ag trácht ar siúlóid an Chamino, ag tosú sa Fhrainc. Tagann deireadh leis an insint i bPamplona na Spáinne cé gur lean sé féin air go Santiago.
Dialann atá ann seachas treoirleabhar. Cuir síos ar áiteanna agus daoine a chuaigh i bhfeidhm air.
Bhraithfeá scaití go bhfuil scáil scéil eile laistiar de nach gcíorann sé go hiomlán riamh. É ar sos gairme agus drogall air bheith aitheanta mar chléireach cé nach séanann sé a cháilíocht. Tagairtí do gan bheith ag éisteacht nó ag rá Aifrinn. Tagairtí thar a bheith ionraic do gan bheith in inmhe fónamh do dhaoine mar ba mhian leis. Gan bheith i ndán sólás a roinnt ar na dúbhrónach.
Tá cuir síos bhreá ar dhúlra, ailtireacht agus daonra deisceart na Fraince sna leathanaigh seo, maille scéalta faoina chomhoilithrigh a shiúl píosa fada nó gearr den mbóthar leis.
Faoi lucht aíochta idir caoin agus colgach.
Spreagann siúl scéal agus aithris scéalta agus tá blaiseadh de stair na Fraince, fearann claíomh le fada le fáil. Stair a bhfuil nascanna ag dul i bhfad siar le stair Shasana agus Éirinn freisin.
Tá lón machnaimh sa leabhar. Labhair sé féin ar shochraid Liam Ó Muirthile faoin míún siúl atá ar fáil ina dhialann siúd, Oilithreacht Pinn. Tá a leithéid le fáil sa leabhar seo.
Tar éis an tsaoil is ar oilithreacht atáimid ar fad ar an saol seo : cuidíonn siúl na gcos ar aistir fhada linn meabhrú ar sin.
Conair na Fraince go Santiago
Údar: Frainc Mac Brádaigh, SJ
ISBN: 978-1-906982-41-6
2018-06-09
Mo thigín beag aerach sa ghleann seo thíos
|
Bhí mé féin sna macaoimh ar feadh seal gairid. Ansin agus mé ins na déaga chuaigh mé le fiontraithe - an dream is sine de na gasóga. Idir eatarthu bhí baint agam le clubanna óige a thug amach ar na sléibhte measartha minic mé. Nuair a bhí mé sa Ghearmáin i dtosach, bhí mé páirteach ar feadh cúpla bliain le grúpa gasóg thall - taithí ar leith mar gur tharraing siad as traidisiúin Wandervogel na Gearmáine chomh maith le smaointe Baden Powell (atá, bímís ionraic, sách míleatach). Bhíodh go leor slua-amhránaíocht ar bun acu, abair. Agus pubaill ar leith, a phíosa éadach féin ag cách as ar tógadh pubaill éagsúla, ceann beag fearacht tipí, nó ceann ana mhór fearacht yurt na steipeanna. Tá cion agus meas agam ar an siúl, ar an ndúlra. Bhí mo mhic páirteach sna gasóga freisin, ó thús ('beavers') go deireadh. Ach ar chúiseanna iomadúla níl m'iníon páirteach leo. |
| Níor mhaith liom an taithí seo a cheilt uirthi, codladh amuigh sna cnoic. Oíche Satharn na deireadh seachtaine fada (bhí sí cruógach roimhe sin, agus cibé bhí uaim Aifreann a éisteacht) thug mo nuachar muid chomh fada le Coill Chróine agus shiúl muid suas cosán na hAille go dtí an ghleann ós cionn eas Cúirt an Phaoraigh ar abhann na Deargaile. Glensoulan atá ar an ngleann as an léarscáil - níl ainm Gaeilge agam ná ag Logainm air! Agus muid ag teacht síos i dtreo an droichid chonaic mé scata pubaill agus tine mhór. Ní raibh fonn comhluadair orm agus cibé ní raibh mé cinnte nach déagóirí ag ól cannaí a bheadh romhainn - mar sin shiúil muid trasna an chnoic ag lorg áit suaimhneach roinnt céadta méadar isteach sa Ghleann, rud a d'aimsigh muid. |
|
|
Níor ghlac sé i bhfad orainn an puball a chuir suas. Bhí áit measartha cothrom cois abhainn aimsithe againn. (D'fhoghlaim mé nach raibh sé baileach chomh cothrom sin san oíche ach níl raibh neart air sin). Ní raibh le clos ach crónán an srutháin, ceiliúradh na n-éin sa chlapsholas, agus rannán rabhaidh na bhfianna. Rinneamar cupán tae agus chuaigh a luí. Chodail muid go measartha. Ar maidin rinne mé ispíní a fhriochta ar an sorn Trangia - sorn a dhónn biotáille mheitileach agus atá éadrom éifeachtach. Chonaic muid dhá phréacháin - fiacha dubha seans - ag ruaigeadh seabhac as a gceantar. Chuaigh muid ar siúl píosa - ag dreapadh Málainn ó dheas uainn, agus ag siúl i dtreo foinse an Life thar sleasa Tóin Dubh. Shocraigh muid áfach go raibh an sprioc ró fhada ar lá meirbh marbhánta agus d'fhill ar ár gcampa. |
| Bhí roinnt cluichí tugtha linn againn agus ghlac muid go bog é; ag déanamh ár dinnéar ar phasta nach raibh le cuir leis ach uisce fiuchta. Bhí pota couscous agam freisin de chuid John West le spíosraí tríd agus tuinnín leis. Blasta! Chodail muid níos fearr de bharr aclaíocht an lae. Maidin Luain tar éis bricfeasta thóg muid anuas an phuball agus shiúl go deas réidh, ag glacadh sos go minic faoinár ualaigh, ar Slí Chill Mhantáin amach go dtí an bóthar míleata ós cionn Loch Té. |
|
|
Sos beag taitneamhach a bhí ann. Agus níor bhain sé an oiread as mo chnámha is a shíl mé! Tá campáil fiáin mar a rinne muid ceadaithe ach cloí le roinnt prionsabal simplí. Chomh gar do BhÁC faraor bíonn roinnt bruscar le feiceáil - agus muid ag siúl fuair muid buidéal gloine ar shleasa Málainn a thug muid linn - baol tine is ea sin. Ach tá go leor den dúlra fós sách slán - chonaic muid go leor fianna. Bhí leamhain agus ciaróga fairsing freisin - agus míoltóga sa chamhaoir faraor. Bhíos buíoch gur choinnigh mogall an phubaill slán muid óna n-ionradh sin. Chonaic muid fáinleog a sciorradh ós cionn an sruthán, ag tumadh san eitilt. Raithneach agus fraoch is mó a bhí ag fás, agus chonaic muid roinnt ceannbháin bhána ar an bportach; caonach agus crotal thall is abhus. Bhí dornán beag crainn sa ghleann - cuileann, caorthainn agus sceach gheal. Tá, dar ndóigh plandálacha giúise Coillte thart ar an ngleann - agus tá béithe agus crainn leathan duilleacha eile sa ghleann ag an eas. |
2017-11-18
Cnocadóirí cois chósta Ceredigion
![]() |
| Coire mara! Bhí an cuar á scaipeadh ar an ngaoth go barr na haille. |
![]() |
| An Brú i dTresaith |
![]() |
| Ceann den iliomad droichead deá chóirithei |
![]() |
| Radharc ar an gcósta |
![]() |
| Trá Tresaith |
![]() |
| Eas Tresaith |
![]() |
| Sos gairid i Mwnt |
2017-06-03
Adalbert Stifter
Scríobh sé mór úrscéal stairiúil amháin - Witiko - faoi fear a tháinig chun cinn mar taoiseach sa cheantar sin sna meánaoiseanna agus a bhunaigh roinnt sliocht uasail.
Seachas sin áfach is mioneachtraí teaghlaigh a bhíonn i gceist, ach minic go leor is uaisle na pearsan atá i gceist, agus éirí agus titim a sleachta.
Teanga shaibhir séimh atá ina scríbhinní, agus téann mothúcháin a phearsan agus áilleacht an dúlra, fiú an fásaigh, i bhfeidhm orm. Bíonn an searc cumhachtach sna scéalta, agus ní bhíonn mórán olc ná gráin i gceist. Léitheoireacht sítheach suaimhneach taitneamhach.
Bhí súil agam turas siúlóide a thabhairt ar an gceantar an samhraidh seo, ach níor chuir mé lóistín in áirithint in am, agus d'athraigh mé mo bheart dá réir. Tá súil agam filleadh ar an bheart! Agus gach seans go mbeidh níos mó le rá agam abhus faoi Stifter agus Witiko.
2017-02-28
Saoirse fánaíochta
Is breá liom bheith ag siúl. Nuair a bhím in Iarthar Dhuibhneach ach go háirithe. Tá méid áirithe bealaí siúl marcáilte, agus tá camchuairt na leithinse - Slí Chorca Dhuibhne - ann. Faraor, tá i bhfad barraíocht de ar bhóithre. Is beag talamh poiblí atá in Éirinn. Fiú sleasa na sléibhte, is cimín in úinéireacht grúpa feirmeoirí mórchuid de. Níl, mar atá ar an mór roinn, nó fiú san Ríocht Aontaithe, cearta bealaigh fairsing ná dlí fánaíochta ann.
Is le déanaí - cúpla glúin - a fuair muintir na hÉireann seilbh ar an dtalamh a shaothraíonn siad agus íocadh praghas ard i streachailt agus allas agus airgead freisin as. Fágann sin dearcadh láidir, colgach go minic ag úinéirí talún a bhfuil a gcuid talún tarraingteach do shiúlóirí. Is furasta deá thoil a ídiú.
Ní chabhraíonn sé gan amhras gur lucht cathrach mórchuid de na siúlóirí, dream atá gan ar thuiscint go minic ar eallach agus barraí.
Tá ceart siúl achrannach dá réir agus gan aon amharc ar réiteach fónta. Ní chuidíonn cásanna cúirte faoi timpistí ina éilítear cúiteamh ard. Bhí cás dá leithéidí sna cúirteanna le déanaí. Chaill an t-iarratasóir ar deireadh, ach bhí an cás ag dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Thuigfinn ar dhóigh don feirmeoir a mheasann gurbh fearrde dó cead siúl a dhiúltú agus fanacht glan ar achrann. Is mór an trua é, áfach.
Bhí orm an turas seo mo bhealach a dhéanamh tráthnóna Aoine ón mBuailtín chomh fada le Tig Áine ar an nGráig. Thaispeáin an léarscáil atá agam slí Chorca Dhuibhne ag leanacht an chósta ó Bhaile an Challa go Cloichear. Bhí fonn orm an píosa sin a shiúl - ní raibh sé siúlta cheana agam. Ar aghaidh liom mar sin, ainneoin na gaoithe. Ach agus mé ag Baile an Challa bhí na fógraí do mo threorú ar ais go dtí an príomhbhóthar. Chas mé ar ais, ag ceapadh go raibh botún déanta agam. Ach ní raibh rian de thús an bhealaigh.
Bhuail mé bleid ar fear amuigh lena mhadra, agus dhearbhaigh sé an rud a shíl mé - bhí an cosán a bhí ar mo léarscáil múchta, toisc gur dhún feirmeoir cúpla gort.
Ní raibh fonn achrainn orm, agus bhí mé ar tí aghaidh a thabhairt ar an príomhbhóthar le croí trom; ach thairg sé dom mé a thionlacan thar an bpíosa iata.
Táim fíor bhuíoch go ndearna. Bhí siúlóid iontach sceirdiúil agam fán gcósta, is chonaic mé an eas.
Ar ámharaí an tsaoil tá lúb leagtha amach ag an gcomharchumann chun an gcuid is fearr a fheiceáil - Slí Chuas na nEighe - a thosaíonn ag Cloichear. Mar sin féin is trua an bhealach a bheith iata.
Agus is mór an trua gan cead siúl ar bith a bheith ar Cheann Sibéal agus na Triúr Deirfiúr.
Ba mhithid teacht ar shocrú stuama.
Ar ndóigh ar mo shiúlta bhí fadhb eile soiléir - creimeadh cósta. Déardaoin shiúl mé giota den mbealach ó Béal Bán go Baile an Reannaigh- cuid mhór den bealach ite ag an bhfarraige agus bheadh sé deacair é shiúl ag lánmhara.
Ach táim buíoch go bhfuair mé an deis!
(Siúlóid Déardaoin gorm agus Aoine dearg ar an léarscáil thíos)
2013-08-25
Cathair na bhFionnúrach
Áit spéisiúil agus ana slacht ar an áit. Tréaslaím a gcuid oibre le hOidhreacht Chorca Dhuibhne. Níl fhios agam an mbíonn mórán tarraingt ar an áit - níl sé ar Slí Chorca Dhuibhne, agus níl an lúb a shiúl mise - ón mBaile Breac ar bhóthair glas chomh fada leis an gClais, agus ansin ar bhóithre chomh fada le Baile na hAbha, marcáilte. (Chuaigh mé síos in aice srutháin chuig cuas an bhodaigh ach dáiríre ní raibh an slí sin feiliúnach - bhí orm claí nó dhó a thrasnú.) Shúil mé ar ais fán mbóthar "mór" ó Cuas ach is fíor bheagán tráchta a bhí ann, mar sin bhí an cuid sin sách taitneamhach chomh maith.
|
|
|


















