Ní raibh orm fanacht ach cúpla nóiméad i nDún Garbhán ar bhus ar aghaidh go dtí Lios Mór. Nasc áitiúil arís, compordach agus iníoctha le cárta Leap. Ní fada go raibh mé ag ól caife le Fionn ina lóistín sa Lios Mór - iostán ar an Sráid Nua.
Bhí ceolchoirm faoin spéir le bheith ag cuid den chór i bPáirc na Mílaoise gar don gCaisleán.
Tar éis caife thugamar aghaidh ar an bpáirc.
Ba oscailt an fhéile a bhí i gceist, agus bhí orainn éisteacht le cúpla óráid - gairid bld - sular thosaigh an ceol. Ansin chan cór gasúr scoile roinnt amhráin sular thosaigh Fionn agus a chomrádaithe ag canadh rogha aria, ina n-aonar agus i ngrúpaí. D'éirigh leo críochnú díreach in am sular thit múr samhraidh eile....
Thaithin an ceol agus an aisteoireacht liom. Réimse leathan acu agus teangacha éagsúla. Mothúcháin iomadúla...
Chuamar sa tóir ar lón ansin - rud a thóg tamall toisc go raibh an baile gnóthach le lucht na féile. Fuaireamar lón breá i bproinnteach faoi dheireadh agus d'fhill ar lóistín Fhinn. Cupán caife agus ansin thug comrádaí cóir de chuid Fhinn síob dom chomh fada leis an Eaglais - nó gar dó le bheith cruinn, áit ar thosaigh mé ag siúl ar Shlí Dhéagláin i dtreo na hAirde Móire.
Bhí mé ag siúl ar bhóithre ciúine agus bóithre glasa. Bhí radharcanna iontacha anois is arís ar Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh.
Bhí mé tar éis tosú ag siúl níos moille ná mar a bhí i gceist agam. Bhí an mála droma trom - díol coicíse d'éadaí á iompar agam. Agus cúpla rud eile. Agus nuair a tháinig mé chomh fada le Gleann an Lickey (theip orm ainm Ghaeilge a aimsiú) bhí droichead scuabtha chun siúil agus malairt treo i bhfeidhm, ag cuir roinnt km leis an siúlóid. Ghlaoigh mo bhean ag fiosrú cá raibh mé. Uair an chloig eile le siúl mo neastuchán.
Ach ansin thosaigh ceobhrán agus bhí mé ag eirí bréan de na bóithre. Mar sin d'iarr mé uirthi teacht is mé a bhailiú.
Bhí 16km siúlta agam faoin am gur bhailigh sí mé. Tá fonn orm tabhairt faoi shlí Dhéagláin ina iomláine - ach gan a bheith ag iompar barraíocht!
Beidh mé ar ais!