Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-29

Caesar cóis Móire

Ingeborg Bröcheler (Cesare) agus Fionn Ó hAlmhain (Curio) i Giulio Cesare | Photo: John D Kelly

B'é toisc go raibh Fionn ag canadh i Giulio Cesare i Féile Opera Gleann Móire a bhíomar i bPort Láirge ar chor ar bith. Ba ar an Domhnach a bhí ticéid againn don Opera. Ach roimhe sin, ag meáin léi, bhíomar ag fothrach Caisleáin na Martra, áit ar thug Fionn agus triúr eile ón gcór sampla dá gceird - arias aonair, beirte agus ceathrar. Bhí an ghrian láidir agus an caisleán ina chúlra cuí.

Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist le hOpera, agus teangacha éagsúla i gceist. Is cuid de mhisean an Fhéile bolscaireacht a dhéanamh ar an ealaín, agus b'fhéidir gurbh é sin an chúis gur chan siad roinnt as Béarla. Ar ndóigh bhí Handel ag saothrú as Béarla tráth, agus tá leithéidí Purcell agus Britten ann. (Tá ar a laghad opera gaeilge amháin ann - Eithne agus a bhuí le hiarrachtaí Dairena Ní Mheadhra tá cnuasach amhráin ealaíne Gaeilge ann. Cuid acu anois i répertoire Fhinn). 

Ba deas an ócáid é. Bhí sos gairid againn ansin go dtí go raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar Chaisleán na Leasa Móire. Bhí dinnéar in áirithint againn mar chuid den fhéile. 
Bhí manglam againn le biotáille áitiúil, agus ba dheas an ghéarú goile iad. Tá gairdíní an Chaisleáin taitneamhach mar ionad (Ní scaoiltear isteach sa Chaisleán féin ach aíonna an Diúic, ball de theach ríoga Shasana. Aíocht atá ar fáil le ceannach is cosúil ach sparán sách trom a bheith ag duine). Bhí an dinnéar go deas. Réamhchúrsa le Feta agus meacan biatais, agus gearg don bpríomhchúrsa. Bhí orainn fanacht go dtí an briseadh san Opera ar an mhilseog! 

Is i gclós stáblaí, nach bhfuil in úsáid níos mó, a bhíonn an Opera féin. Iarsmaí na stáblaí mar chúlra - blianta eile mar chuid den stáitse. I mbliana áfach bhí an dearadh stáitse thar a bheith simplí. Ardán mar a bheadh caolbhealach chun tosaigh. Cat mór ar thaobh amháin agus Hippo ar an dtaobh eile. 

Rud a d'fhág gur faoi na hamhránaithe a bhí sé ard an phobal a tharraingt agus a choinneáil. Rud a rinneadar. Scéal Caesar san Éigipt atá i gceist, Pompei básaithe ag na hÉigiptigh - Ptolemy ag súil gnaoi Caesar a fháil leis an gníomh grod. Agus é féin agus a ghinearál in iomaíocht chun an baintreach a fháil, ise í féin agus a mac óg ag lorg díoltas. Cleopatra ag iarraidh Caesar a mhealladh agus an coróin a fháil di féin. Grá, drúis, díoltas, cruálacht ina mhanglam cumhachtach mothúcháin. Ceolfhoireann ag tacú leis na hamhránaithe. Thuas seal, thíos seal ach bua ag Caesar agus Cleopatra sa deireadh, agus díoltas bainte amach ag mac Pompei Seste. 

Dráma sách fada ach thar a bheith taitneamhach. B'fhiú an turas (agus an chostas!) é.