Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Lios Mór werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Lios Mór werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-06-29

Caesar cóis Móire

Ingeborg Bröcheler (Cesare) agus Fionn Ó hAlmhain (Curio) i Giulio Cesare | Photo: John D Kelly

B'é toisc go raibh Fionn ag canadh i Giulio Cesare i Féile Opera Gleann Móire a bhíomar i bPort Láirge ar chor ar bith. Ba ar an Domhnach a bhí ticéid againn don Opera. Ach roimhe sin, ag meáin léi, bhíomar ag fothrach Caisleáin na Martra, áit ar thug Fionn agus triúr eile ón gcór sampla dá gceird - arias aonair, beirte agus ceathrar. Bhí an ghrian láidir agus an caisleán ina chúlra cuí.

Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist le hOpera, agus teangacha éagsúla i gceist. Is cuid de mhisean an Fhéile bolscaireacht a dhéanamh ar an ealaín, agus b'fhéidir gurbh é sin an chúis gur chan siad roinnt as Béarla. Ar ndóigh bhí Handel ag saothrú as Béarla tráth, agus tá leithéidí Purcell agus Britten ann. (Tá ar a laghad opera gaeilge amháin ann - Eithne agus a bhuí le hiarrachtaí Dairena Ní Mheadhra tá cnuasach amhráin ealaíne Gaeilge ann. Cuid acu anois i répertoire Fhinn). 

Ba deas an ócáid é. Bhí sos gairid againn ansin go dtí go raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar Chaisleán na Leasa Móire. Bhí dinnéar in áirithint againn mar chuid den fhéile. 
Bhí manglam againn le biotáille áitiúil, agus ba dheas an ghéarú goile iad. Tá gairdíní an Chaisleáin taitneamhach mar ionad (Ní scaoiltear isteach sa Chaisleán féin ach aíonna an Diúic, ball de theach ríoga Shasana. Aíocht atá ar fáil le ceannach is cosúil ach sparán sách trom a bheith ag duine). Bhí an dinnéar go deas. Réamhchúrsa le Feta agus meacan biatais, agus gearg don bpríomhchúrsa. Bhí orainn fanacht go dtí an briseadh san Opera ar an mhilseog! 

Is i gclós stáblaí, nach bhfuil in úsáid níos mó, a bhíonn an Opera féin. Iarsmaí na stáblaí mar chúlra - blianta eile mar chuid den stáitse. I mbliana áfach bhí an dearadh stáitse thar a bheith simplí. Ardán mar a bheadh caolbhealach chun tosaigh. Cat mór ar thaobh amháin agus Hippo ar an dtaobh eile. 

Rud a d'fhág gur faoi na hamhránaithe a bhí sé ard an phobal a tharraingt agus a choinneáil. Rud a rinneadar. Scéal Caesar san Éigipt atá i gceist, Pompei básaithe ag na hÉigiptigh - Ptolemy ag súil gnaoi Caesar a fháil leis an gníomh grod. Agus é féin agus a ghinearál in iomaíocht chun an baintreach a fháil, ise í féin agus a mac óg ag lorg díoltas. Cleopatra ag iarraidh Caesar a mhealladh agus an coróin a fháil di féin. Grá, drúis, díoltas, cruálacht ina mhanglam cumhachtach mothúcháin. Ceolfhoireann ag tacú leis na hamhránaithe. Thuas seal, thíos seal ach bua ag Caesar agus Cleopatra sa deireadh, agus díoltas bainte amach ag mac Pompei Seste. 

Dráma sách fada ach thar a bheith taitneamhach. B'fhiú an turas (agus an chostas!) é. 








2022-06-02

Amor omnia vincit


De bhrí go bhfuil mo mhac Fionn ag dul don Opera chomh maith leis na píob le traidhfil blianta, tá an tairseach dúinn freastal ar ócáidí dá leithéid íslithe ainneoin costas ard na dticéad (ar ndóigh tá costais arda a leithéid a stáitsiú). Bhíomar ar ais dá réir i clós stáblaí Caisleán an Leasa Mhóir aréir, agus Orfeo et Euridice le Gluck ar stáitse ag Féile Opera Gleann na Móire.

Ba ardoíche a bhí ann. Titeann formhór na hoibre ar an Orfeo - Meili Li ón tSín a bhfuil guth ard binn aige. Tá sé ar an ardán beagnach ó thús go deireadh agus is a scéal é - dobrónach de dheasca bás Euridice (Aoife Gibney) - nach bhfeicimid go dtí go bhfuil sé ag iarraidh filleadh léi ón Domhan Thíos. Amor (Kelli Ann Masterson) á spreagadh, agus i gcasadh ar an seanscéal á tabhairt ar ais di ainneoin a shárú geasa. 

Bhí damhsóirí Coiscéim i bpáirt leis an gcór (ina raibh Fionn ag canadh). Ach is amhlaidh go raibh aonad amháin déanta daoibh, cóiréagrafaíocht cuanna a rinne mar a bheadh neach amháin astu. Bheadh ort a bheith ann airdeallach chun idirdhealú a dhéanamh idir cantóir is rinceoir - dream amháin ag treorú an dreama eile. An scéal á aithris le damhsa agus cantaireacht. 

Seit lom simplí ach feistis cliste, dubh dorcha don lucht caointe, tuathánaigh fraochmhara na Fúire agus a ndeamhan, éide ar bháine an tsneachta ar na hanamnacha sona in Elysium na gile agus ceiliúr éin. 

Bhí an triúr príomhamhránaí ana mhaith i mbun ceoil, ach bhraith mé go raibh splanc paisin ar lár i gcanadh Euridice - níor chuir sí a héadóchas le fuaire mar ja Orfeo ina luí orm. Bhí Amor thar barr, ag léiriú mioscais agus flaithiúlacht na ndéithe - 

As flies to wanton boys are we to the gods 

Bás agus beatha de réir a dtoil. 

Ba le hOrfeo an oíche áfach, dobrón, dóchas, diongbháilteacht, mian láidir á chreimeadh ag an gcoimhlint le atrua na seirce, dubh éadóchas agus Euridice caillte arís aige, lúcháir ag an slánú gan choinne ag Amor. 

Cloisfear neart fós faoi Meili Li.