Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-02

Amor omnia vincit


De bhrí go bhfuil mo mhac Fionn ag dul don Opera chomh maith leis na píob le traidhfil blianta, tá an tairseach dúinn freastal ar ócáidí dá leithéid íslithe ainneoin costas ard na dticéad (ar ndóigh tá costais arda a leithéid a stáitsiú). Bhíomar ar ais dá réir i clós stáblaí Caisleán an Leasa Mhóir aréir, agus Orfeo et Euridice le Gluck ar stáitse ag Féile Opera Gleann na Móire.

Ba ardoíche a bhí ann. Titeann formhór na hoibre ar an Orfeo - Meili Li ón tSín a bhfuil guth ard binn aige. Tá sé ar an ardán beagnach ó thús go deireadh agus is a scéal é - dobrónach de dheasca bás Euridice (Aoife Gibney- nach bhfeicimid go dtí go bhfuil sé ag iarraidh filleadh léi ón Domhan Thíos. Amor (Kelli Ann Masterson) á spreagadh, agus i gcasadh ar an seanscéal á tabhairt ar ais di ainneoin a shárú geasa. 

Bhí damhsóirí Coiscéim i bpáirt leis an gcór (ina raibh Fionn ag canadh). Ach is amhlaidh go raibh aonad amháin déanta daoibh, cóiréagrafaíocht cuanna a rinne mar a bheadh neach amháin astu. Bheadh ort a bheith ann airdeallach chun idirdhealú a dhéanamh idir cantóir is rinceoir - dream amháin ag treorú an dreama eile. An scéal á aithris le damhsa agus cantaireacht. 

Seit lom simplí ach feistis cliste, dubh dorcha don lucht caointe, tuathánaigh fraochmhara na Fúire agus a ndeamhan, éide ar bháine an tsneachta ar na hanamnacha sona in Elysium na gile agus ceiliúr éin. 

Bhí an triúr príomhamhránaí ana mhaith i mbun ceoil, ach bhraith mé go raibh splanc paisin ar lár i gcanadh Euridice - níor chuir sí a héadóchas le fuaire mar ja Orfeo ina luí orm. Bhí Amor thar barr, ag léiriú mioscais agus flaithiúlacht na ndéithe - 

As flies to wanton boys are we to the gods 

Bás agus beatha de réir a dtoil. 

Ba le hOrfeo an oíche áfach, dobrón, dóchas, diongbháilteacht, mian láidir á chreimeadh ag an gcoimhlint le atrua na seirce, dubh éadóchas agus Euridice caillte arís aige, lúcháir ag an slánú gan choinne ag Amor

Cloisfear neart fós faoi Meili Li.