Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-01

Seacht gCnoc agus dhá Ardeaglais

Chaith mé an deireadh seachtaine seo caite in Ard Mhacha leis Na Cnocadóirí. Go hiondúil, is siúl cnoic a bhíonn ar bun ar a leithéid de dheireadh seachtaine, ach chaitheamar an Satharn ag siúl na cathrach (atá cnocach go maith!) ag amharc ar sciar den méid a bhí le feiceáil ann. B'fhiú go mór é. Ghlac mé i bhfad barraíocht grianghraif agus bhí sé deacair rogha a dhéanamh don mblagmhír seo. (Bhí an oiread ar siúl agus an oiread foghlamtha agam go mbeidh sraith blagmhír faoin dturas anseo).

Is i lámha Eaglais na hÉireann anois atá suíomh an Ardeaglais stairiúil atá ar bharr cnoic, agus is air a thugamar aghaidh i dtosach.
Bhí seirbhís ar siúl fós nuair a thángamar chomh fada leis, mar sin bhí deis againn amharc thart (go ciúin) sular tháinig maor na hEaglaise, fear darbh ainm Lee, chun píosa cainte a dhéanamh faoi stair na hEaglaise agus ceisteanna a fhreagairt, agus chun aird a tharraingt ar ghnéithe gur féidir nach mbeadh tugtha faoi deara againn. 

Rinne cléir Ard Mhacha sna meánaoiseanna éacht ag dearbhú a n-ionad mar Fhairche Phádraig, agus is san ionad seo atá an chumhacht Eaglasta sin lonnaithe ó shin. (In Eaglais na hÉireann agus in san Eaglais Chaitliceach araon is Príomháidh na hÉireann Uile Ardeaspag Ard Mhacha; éilíonn Áth Cliath tús áite, ach níl san Ardeaspag ansin ach Príomháidh na hÉireann...)
Ní ar an cnoc seo a bhí an chéad ionad luaite le Pádraig; chonaic muid an ionad sin ar ball, cé go bhfuil sé clúdaithe ag an gcathair anois.

Milleadh an Ardeaglais go minic thar na blianta agus is ón 19ú aois cuid mhaith den foirgneamh reatha. Ach cloíonn sé is cosúil leis an Eaglais Meánaoiseach a thóg Máel Pátraic Ó Scanaill. Thoir a bhíonn altóir go hiondúil in Eaglais; agus is amhlaidh i gcás na heaglaise seo. Tharraing an treoraí ár n-aird ar an bhfíríc nach raibh an eaglais iomlún díreach - go raibh uille bheag idir chorp na hEaglaise agus an cór agus altóir. Aithris ar chloigeann Chríost tite go leataobh ar an gCros Chéasta, más fíor.

Ar feadh seal, bhí an Ardeaspag lonnaithe sa Pháil i nDroichead Átha, agus tá dhá chathaoir ón ré sin le feiceáil ar an altóir - na cinn dubha sa phictiúir thuas.
Rud nár luaigh an treoraí, ach a thug mé féin faoi ndeara agus ar ait liom é mar nach mbíonn a leithéid i séipéil Chaitliceacha in Éirinn ar aon nós, ná an spás cuimhne a tugtar do saighdiúirí agus reisimintí in Arm Shasana - bratacha ársa crochta san Eaglais agus i fo-shéipéal ar leith agus liostaí na bhfear a thit sa chath.

Tá neart rudaí spéisiúla ar taispéaint san Eaglais, ina measc dealbh ársa a fuarthas i Tóin re Gaoth. Maítear gur Nuada atá i gceist le Fear Tóin re Gaoth. Tá sé sin ar taispéaint ar thaobh na hEaglaise; ach tá neart clocha greanta ón ré réamh Chríostaí san íoslach - cuid den foirgneamh a tógach na meánaoiseanna chun go mbeadh úrlár na hEaglaise, atá tógtha ar mhullach cnoic, díreach. Ina measc tá dealbha a léiríonn Labhraidh Loingseach agus a chluasa capaill, agus Lugh Lámhfhada - moing mór air. Agus cloigne, agus roinnt ainmhithe - beithir nó toirc, bhféidir. Tá an ionad ina bhfuil Brian Boroimhe curtha, más fíor, marcáilte freisin, lasmuigh den Eaglais.

B'fhiú go mór an turas a ghlacadh. Tá grúpa foirgneamh agus gairdíní leagtha amach thart timpeall ar an Ardeaglais, toisc go raibh faoin Ardeaspag Robinson ollscoil a bhunú in Ard Mhacha; thóg sé leabharlann cáiliúil ann, agus neart foirgneamh eile. Tá gairdíní ana dheasa múrtha ar thaobh na hEaglaise freisin, áit dheas chun scíth gairid a ligean.




Bhí Réamonn Ó Ciaráin ann chun muid a threorú tríd an mbaile; agus beidh níos mó le rá agam faoi sin in mír eile. Ach mar chuid de sin thugamar cuairt ar an Ardeaglais Chaitliceach; bhí míthuiscint  éigin ann faoin turas a bhí eagraithe, agus bhíomar mall ar aon nós - agus bainis ar tí tosú, ach bhí deis againn súil a chaitheamh ar an Eaglais agus ar uaigheanna na gCairdinéil atá curtha lámh leis.

Is ar chnoc eile atá an Ardeaglais chaitliceach, agus staighre mór feicéalach suas chuige (ar chúis diamhar éigin níor ghlac mé pictúir den staighre!)
Tá sé níos feiceálaí ná an Ardeaglais eile, leis an dá spuaic ard, ar a laghad ós na háiteanna a raibh mé féin ag siúl. Bhí moill orainn ag teacht chomh fada leis, agus ní raibh an turas a bhí socruithe ar fáil dúinn - i measc rudaí eile toisc go raibh bainis le bheith ann agus lucht na bainise ag bailiú. Bhí deis againn amharc thart áfach. Eaglais ó dheireadh an naoú aois déag atá ann, níos airde agus níos mó solais ann ná san Eaglais eile. Roimh ré na hathbheochana a tógadh é, is dócha, agus is beag Gaeilge atá le feiceáil ann - ainmneacha na naoimh Éireannacha a bhfuil mósáic díbh timpeall na ballaí i leaganacha Béarla, abair. Chonaic mé "Naomh Pádraig, guí orainn" i mósáic amháin, maith go leor, agus mana as Gaeilge ar íomhá den Trócaire Diaga - rud níos nuaí sin.
Is trua nach raibh an turas ar fáil - táim cinnte go bhfuil rudaí suntasacha nár thug mé faoi ndeara san amharc tapa a thug mé thart. Thug mé suntas don dealbh de Oilibhéar Pluincéid - rópa an chrochta thart ar a mhuinéal. Agus an tabarnacal i taobh séipeál áit a bhfuil an sacraimint ar chaomhnú - mheabhraigh sé ealaíon ársa na manach dom chomh maith leis an gcuir síos san sean Tiomna. 
Lasmuigh den Eaglais tá ceathrar Ardeaspag curtha i dtuamaí cloiche - Tomás Ó Fiach ar dhuine acu. Bhí cuimhní phearsanta ag Réamonn air siúd, bhí sé mar fhreastalaí Aifrinn dó uair nó dhó. Fear a raibh gean an phobail air, ach a tharraing achrainn ar féín leis na hudaráis le linn agóidí na Bloc H.

Mura mbeadh ann ach an dá Ardeaglais, bheadh go leo le feicéail in Ard Mhacha; ach tá i bhfad níos mó ann a chonaic muid agus níos mó fós nach bhfaca. Beidh cúpla blagmhír eile agam faoin dturas, agus shamhlóinn go mbeidh mé ag filleadh ar an gcathair arís.

Tá an chathair tógtha i gceantar droimlíneach agus is mó ná seacht gcnoc atá ann - ach is aithris ar seacht chnoc na Róimhe a thug teideal don mír seo. Aithris a déantar ann - bhí cléir Ard Mhacha ó Tíreachán ar aghaidh go maith ag an mbolscaireacht!

(Inscríbhinní Gaeilge ar na tuamaí - sean Ghaeilge ag Ó Fiach - doroega port n-eisirgi ard machae mo chell - Roghnaigh mé port aiséirí, Ard Mhacha mo chill; Ar uaigh John d'Alton "gur móide teaghlach Dé a anam" - guí ana dheas, dar liom. Ar uaigh Conway atá an mana "Ag Críost an síol, ag Críost an Fómhair" mura bhfuil mo chuimhne ag buaileadh bob orm.)