Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-15

Comharseilbh, carthain, ceannas, ciontacht

FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN An Choilíneacht SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.

Arcadia, Thomas Cole, Fearann Poiblí

San scéal "An Choilíneacht" feicimid "múinteoir" ag míniú fíorstair an phobal do ábhar múinteora. Fuílleach an chine daonna iad "An Phobal" - cúpla céad duine ina gcónaí i ngleann iargúlta ar oileáin torthúil mara, folaithe agus cosanta ag sléibhte agus coillte. Diaidh ar ndiaidh foghlaimíonn an dalta fíor stair an Phobal - atá ceilte ar éinne nach múinteoir iad - ón múinteoir.

Eascraíonn an Phobal as coilíneacht a bhunaigh rachmasóir ar mhaithe leis féin nuair a bhí an tubaiste timpeallachta follasach; coilíneacht ina raibh amhais an rachmasóra agus beagán eile in uachtar agus mná go háirithe in íochtar.  Tarlaíonn, nuair atá sé follasach go bhfuil an sibhialtacht lasmuigh teipthe, ceannairc i measc na n-amhas; agus bíonn cúrsaí níos measa do formhór na ndaoine nach den dream beag amhais iad. Daoirse oibre i ndán do chách; daoirse collaíochta i ndán do na mná; ocras nó bás foréigneach i ndán d'éinne a dheineann iarracht éalú chun na coillte.

Beartaíonn líon beag ban, sna coillte agus i measc na mná leapan ag na hamhais, nach bhfuil de réiteach ar an scéal ach éirí amach, agus sibhialtacht nua a thógáil ar fothracha na coilíneachta. Léirítear sa scéal conas mar a éiríonn leo; agus go bhfuil sé beartaithe acu go gcuirfí an stair leis na corpán nach féidir iad a sheachaint má tá éirí amach le bheith ann.
"Dhéanfaidh muidne cinnte de nach mbeidh ach ár macasamhail féin ar an eolas fá seo go deo. Mná iontaofa!"
Cé go ndeirtear go bhfuil cách comhionann sa phobal, is léir gurb iad na múinteoirí, atá ar an eolas faoin bhfíor stair, agus an stair a chuaigh roimhe, atá i gceannas. Iad airdeallach ar na tréithe sainte a d'fhéadfadh an coimheá a chuir as a riocht, agus ar a gcumas iad a mhúchadh. Ní mínítear conas, ach ar ndóigh tá neart de na drochthréithe daonna atá foghlamtha agus a mbeadh oideachas sa chiall is leithne leor dóthanach chun iad a mhúchadh. Baineann sé sin go háirithe le saint agus ceann de na hábhair eile a phléitear go mion sa scéal - an dóigh go raibh ciníochas fite fuaite sa sochaí díreach roimh an teip, agus é ina mhodh smachtaithe ag an t-aos beag i gceannas. 

Dhá rud eile a phléitear mar chúis leis na fadhbanna ná creideamh; agus lánúnachas, agus grá collaí. Mheas mé (ach is creidmheach mé) an píosa faoi chreideamh sa scéal a bheith measartha eadomhain agus níor aithin mé mé féin ann; cé gur dúradh go mbeadh cead ag an gcéad glúin cloí leis an gcreideamh, nach mbeadh cead acu é a sheachadadh. Míníodh freisin, ó tharla nár tharrtháil a nDia daoine a chreid in gcreideamh ón tubaiste, go nglacfaidís leis go réidh nach raibh a gcreideamh fíor. Ní dóigh liom go bhfuil creideamh ar bith a shíleann sin; cé go bhfuil grúpaí beaga Críostaí ann gan amhras atá ag dreim leis "An Rapture" - go dtógfar ná fíréan ar neamh d'aon iarracht chun iad a tharrtháil ón tubaiste. Tá formhór na gcreideamh níos casta ná sin, agus is deacair liom a shamhlú go ngéillfí don coinníol a bhí luaite san scéal - ach níl sa scéal ag deireadh an lae ach sceitse de shaol a bheadh níos casta dá mba ann dó.

Bhí an pointe faoi leanaí a bheith á tógaíl scartha óna dtuismitheorí bitheolaíochta spéisúil - níor míníodh sa scéal conas a ghinfí iad. Bheadh sé le tuiscint, go háirithe agus gan ach pobal beag ann, go mbeadh córas éigin ann chun páistí folláine a ghineadh chun an pobal a choinneáil seasmhach. Tá méid an phobal luaite, ach níl an coibhneas idir fir agus mná; seachas go bhfuil fir fós ann agus mar sin gur ar gnáthbhealach a gintear clann. Bheadh ceisteanna agam áfach faoi an mbeadh pobal de 300 dáiríre inbhuanaithe - sin an teorainn a luaitear le hacmhainní an tearmainn atá acu, agus atá i gcosúil fíor leochaileach. 

Mheabhraigh an scéal dhá scéal eile dom a phléann le saol gan fir - cé nach bhfuil a leithéid i gceist go baileach sa scéal seo; saol gan patrarcacht atá ann.

San scéal Herland a phléigh mé anseo cheana - agus gearrscéal a léigh mé i bfad siar Houston, Houston, Do You Read? 

San dá scéal sin, saol iomlan gan fir atá i gceist ach tagann triúr fear isteach san saol sin agus is trina súile siadsan, nó le bheith cruinn tríd súile an duine is mó a bhfuil bá aige leis na mná a insítear an scéal. Spéisúil go leor, agus rud nach raibh fhios agam i dtosach - mná a scríobh an dá scéal, i 1915 agus 1977 faoi sheach.

Cabhraíonn ficsean samhlaíocht amharc ar fadhbanna agus réitigh a shamlú. Comhtráthúil go leor tháinig an aiste seo Instructions for the Age of Emergency  mo threo inné agus mé ag machnamh ar an scéal seo agus na ceisteanna a tharraingíonn sé anuas. Níl - go bhfios dom - aon rud le Monica Byrne léite liom. Ach tá an leabhar a luaigh sí A Paradise Built in Hell: The Extraordinary Communities That Arise in Disaster le Rebecca Solnit anois ar mo liosta. 

Pointe suntasach in san aiste, agus pointe atá thar a bheith tráthúil - baineann go leor den dioscúrsa faoi IS ag gabháil seilbh ar an domhain le himní an líon beag fear geal atá anois i seilbh na cumhachta go dtiocfaidh deireadh le domhan s'acu. Tiocfaidh, gan amhras - agus is gá go dtiocfadh mar níl sé inbhuanaithe. Ceist eile conas. [An an ábhar sin, ritheann scéal eile liom Emergency Skin le  N. K. Jemisin (ar fáil saor in aisce anseo)]

Is breosla na scéalta seo, idir diostóip agus útóip, chun machnamh a dhéanamh ar conas an saol a athrú - táimid i Ré na Géarchéime, agus ní féidir teacht slán gan an status quo a athrú, agus athrófar é - ach an n-athrófar chun feabhais é, nó an mbeidh cogadh agus ár ann? Tá na hacmhainní ann an pobal a chothú - ach níl na hacmhainní ann don saol santach caifeach atá an bheagán - muide ina measc - ag caitheamh ar chostas an mórán. Ar nhaithe linn féin tá leasú de dhíth. 

Is maith liom go bhfuil roinnt den ábhar seo á chíoradh as Gaeilge anois - féach freisin An Dara Rogha  le Celia de Fréine.