Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-03

Aighneacht maidir le foilsitheoireacht na Gaeilge

 Seo an méid a sheol mé chuig Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le foilsiú na Gaeilge:


1. Réamhrá

Is craosléitheoir mé, agus léim cúpla leabhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine go minic. Léim irisí agus tréimhseacháin Gaeilge go rialta – faoi láthair léim Tuairisc, Nós agus Meon Eile (na hailt scríofa) go laethúil; agus na hailt ar rte.ie/gaeilge agus uaireanta ar rte.ie/news/nuacht freisin. Léim na hailt seachtainiúla ar Tuarascáil (An Irish Times) agus anois is arís Seachtain ar independent.ie. Is beag nuachta a léim as Béarla, ach bím ag léamh nuachtán ar líne as Gearmáinis agus Béarla. Tá síntiúis agam le Comhar, Feasta agus An Timire. Tá mé ar dhuine den meitheal deonach a thugann cabhair aistriúcháin/eagarthóireachta don Timire. Bíonn súil amach agam do na píosa léirmheastóireachta Gaeilge nó faoin nGaeilge ar leithéidí writing.ie. Léim cuid de na hailt ar comharttaighde. 

Is tuismitheoir freisin mé, ach is é mo thaithí – cé gur léitheoirí maithe mo chlann (atá anois fásta) – gur beag a léigh siad as Gaeilge ó na luath déaga ar aghaidh, ainneoin gur léigh siad go leor as Béarla agus Gearmáinis. 

Is blagadóir freisin mé, agus de thimpiste a bheag nó a mhór tá cáil orm as nótaí (seachas léirmheasanna) a scríobh ar leabhair agus ócáidí liteartha. Uaireanta cuireann foilsitheoirí cóipeanna léirmheasa de leabhair nua faoi mo bhráid chun go bhfoilseofaí léirmheas ar mo bhlag. Uaireanta bíonn píosaí liom foilsithe i Tuairisc, Nós nó Comhar.

Is ón dearcadh agus taithí seo atá an aighneacht seo scríofa.

Creidim gur gá plé le hiriseoireacht agus foilsitheoireacht leabhair ar bhealaí éagsúla, cé go bhfuil naisc eatarthu. 

2. Iriseoireacht na Gaeilge

An constaic is mó roimh iriseoireacht na Gaeilge ná an easpa leanúnachais; le mo linn féin is iomaí nuachtán Gaeilge ar cuireadh deireadh tobann leis nuair a baineadh an deontas de. Níl mórán cuimhne agam ar Inniu, ach bhí mé i mo léitheoir dílis de chuid Anois, Foinse, Lá (idir sean agus Nua), agus Gaelscéal, fad a mhair siad. Agus thaitin beo.ie go mór liom. Bíonn scéalta maithe scríofa go minic ar rte.ie/nuacht/news – is trua gur ar na laethanta seachtaine amháin a chuirtear leo.

Bhí deacrachtaí dáileacháin ag na nuachtáin clóite ar fad – ach go hiondúil bhí ar mo chumas teacht orthu i siopaí ar leith i mBaile Átha Cliath. Tá an deacracht céanna le feiceáil ag cuid de na tréimhseacháin míosúla agus ráitheacháin, ach is féidir iadsan a dháileadh leis an bpost.

Is dócha gur leigheas áirithe ar an ndeacracht dáileacháin na nuachtáin agus irisí a bheith ar líne – mar atá Tuairisc, Meon Eile agus Nós. Ach bítear ag súil le níos mó ná an focal scríofa agus pictúir ar líne; ní hionann nuachtán nó iris ar líne agus cóip digiteach den rud clóite. Léiríonn Meon Eile an cuir chuige seo, is ardán do físeáin atá ann go príomha, fearacht Molscéal de chuid TG4; ach bíonn ailt scríofa ar fáil freisin.

An mór deacracht dar liom ná go bhfágann an easpa leanúnachais nach bhfuil conair gairme soiléir ann do iriseoirí óga; níl na hacmhainní ann chun go bhfoghlaimeoidís a gceird agus níl bealach chun cinn sa cheird céanna soiléir. 

Seachas maoiniú gearr tréimhseach – conarthaí cúpla bliain ar féidir deireadh tobann theacht leo, tá gá le straitéis níos fadtéarmaí a chuireann athraithe teicneolaíochta agus margaidh san áireamh ach a amharcann chuige go ndéantar scríbhneoirí agus na scileanna eile atá de dhíth d'fhoilseacháin nuachta a fhorbairt agus go bhfuil conair fiúntach gairme ar fáil – ag cuir san áireamh go bhfuil na meáin físe agus craoltóireachta mealltach freisin d'iriseoirí óga.

Tá gá freisin le margaíocht, chun go mbeadh léitheoirí agus iadsan nach leithéoirí fós iad ar an eolas faoi cad atá ar fáil.

Tá na huimhreacha reatha an-bheag – is dóigh liom gur thart ar 5,000 cóip a bhí á dhíol ag Gaelscéal. Tá, go bhfios dom, thart ar míle síntiúsóir ag an Timire – tar éis feachtas leanúnach earcaíochta. Is gá méid an mhargadh a aithint agus díriú ar conas cuir leis. 

Tá fhios agam ach gan eolas cruinn agam faoi go bhfuil méid áirithe Gaeilge á fhoilsiú sna nuachtáin áitiúla agus go raibh iarrachtaí ann nuachtáin nó seirbhísí nuachta áitiúla a fhorbairt – Goitse i dTír Chonaill, mar shampla. 

Creidim go mbeadh sé fiúntach iarracht a dhéanamh – i gcomhar le RTÉ RnaG agus/nó Nuacht TG4 – oifigí áitiúla nuachta a fhorbairt agus iad ag cuir scéalta ar fáil do thréimhseachán níos téagartha Gaeilge.

3. Leabhair Gaeilge

Tá leabhair fiúntacha á chuir ar fáil ag foilsitheoirí na Gaeilge do pháistí agus do dhaoine fásta, idir foghlaimeoirí fásta agus léitheoirí cumasacha. Tá bearna aitheanta ann sna leabhair do dhéagóirí. Cailltear neart léitheoir dá bharr.

Margaíocht agus dáileadh an dúshlán is mó roimh na leabhair atá ann cheana. Tá méid áirithe bainte amach ag an bhfeachtas Love Leabhar Gaeilge, go háirithe tríd an duais a bhronntar i gcomhar leis an Books Ireland Award, mar go mbíonn fógraíocht ann do na leabhair ar an ngearrliosta a fheictear lasmuigh de na gnáth ciorcail liteartha Gaeilge (Sroicheann Gradaim an Oireachtais an dream sinn). B'fhiú an líon duaiseanna a mhéadú anseo; is deacair ficsean, filíocht, agus leabhair taighde a chuir i gcomórtas le céile – b'fhearr go mór dá mbeadh duais ann féin don filíocht agus ceann eile don neamhfhicsean.

Tá formhór na leabhar Gaeilge á dháileadh ag Áis – seachas na leabhar ó Futa Fata a bhfuil cinneadh déanta acu (luaite ag Tadhg MacDhonnagáin i caint do Chumann Merriman) obair le Gill & Macmillan ó thaobh dáileadh agus O'Brien Press ó thaobh margaíochta. Ní bhíonn caidreamh rialta ag gnáth siopaí leabhair le Áis, agus b'é mo thaithí féin (roinnt blianta siar anois) go raibh deacrachtaí ag siopaí leabhair leabhair a ordú ó Áis mar nach raibh córás ríomhaireachta acu, agus nach raibh ar a gcumas glacadh le horduithe do leabhair nach raibh i stoc. Ba cheart féachaint chuige go bhfuil na hachmhainní agus na háiseanna ag  Áis chun go mbeadh sé furasta ag siopaí leabhair, agus freisin ag na comhlachtaí a reachtálann aonaigh leabhair i scoileanna, leabhair as Gaeilge a ordú agus a fháil.

Faighim féin leabhair go príomha ó An Siopa Leabhar (ar líne nó sa siopa), nó Litríocht.com nó – go háirithe – ag seolta leabhair. Ach is dóibh siúd san eolas na modhanna sin.

Tógann margaíocht am agus acmhainní; agus ní fheileann cuir chuig deontais Scéim na Leabhair Gaeilge do feachtais ilbhliaintúil ina gcuirtear leabhar nó sraith leabhair roimh an pobal léitheoireachta, ag spreagadh fiosracht sula mbíonn an leabhar ar fáil. Ba cheart amharc arís ar conas a chuirtear maoiniú ar fáil d'fhoisitheoireacht na Gaeilge agus amhrac ar leanúachas. 

Tá sé tábhachtach, má tá sraith leabhair á scríobh nó á aistriú, nach mbeadh moill rómhór idir na leabhair. I gcás aistriúcháin go háirithe tá sé tábhachtach nach stopfaí tar éis leabhar nó dhó – má tharlaíonn sin caillfear leitheoirí Gaeilge a rachaidh i muinín na leagnacha Béarla d'fhonn an scéal a leanacht.

Tá an Cúinne Dána ar RnaG agus bhí clár léirmheasa ar feadh seal ar TG4. Ach is gá leanúnachas agus feachtas comtháite margaíochta do na leabhair Gaeilge. 

4. Leabharlanna

Bainim féin úsáid as iasachtaí idir leabharlanna chun teacht ar leabhair – uaireanta chomh sean le tríocháidí an chéid seo caite! Ach chun gur féidir leabhar a iarraidh, is gá don leitheoir fhios a bheith acu é bheith ann, agus ar fáil. 

Ba cheart catalóg ar leith Gaeilge  – nó bealach éasca leabhair Gaeilge a aimsiú i gcatalóg na leabharlanna – a bheith ann. Bheadh gá le eolas bunúsach faoin leabhar – seánra, blurba, léirmheas más ann dó (bíonn, minic go leor i Comhar mar shampla).

Ba mhaith an rud é dá mbeadh leabharlann ar leith Gaeilge ann sna cathracha móra; creidim go bhfuil rudaí beagán níos fearr sna ceantar Gaeltachta.

Mo thaithí féin ná go mbraitheann caighdeán agus leagan amach na leabhar Gaeilge i mbráinse leabharlanna go mór ar fhoireann atá inniúil i nGaeilge a bheith sa leabharlann, agus spéis acu féin i nGaeilge. Is annamh níos mó ná leabhargán amháin Gaeilge do dhaoine fásta i leabharlann, agus meascán mearaí d'ábhar ann sa chaoi is gur deacair teacht "de thaisme" ar leabhar nua soléite. 

Tá gá mar sin le feasacht na leabharlannaithe a fheabhsú. Is minic dea-thoil ann ach acmhainní gann.