Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-08

Eamhain Mhacha

Jon Sullivan - pdphotos.org, Fearann Poiblí, Nasc

(Cé gur ghlac mé neart ghrianghraif ní bhfuair mé ceann fiúntach den gcarn ar bharr an chnoic)

Ní raibh mé riamh roimhe in Eamhain Mhacha scéalach na Rúraíochta. Ach is iomaí scéal faoi léite agam - le déanaí chuir mé dhá leagan den dinnseanchas anseo. Bhí sé d'ádh leis na Cnocadóirí treoraí dar chuid féin a bheith linn; shábháil muid costas an turas treoraithe oifigúil (as Béarla) ón Ionad oidhreachta (atá cuanna go maith, ní mór a rá). Cheana féin agus muid ag siúl i dtreo an chnoic ón ionad bhí Réamonn ag aithris scéalta dúinn a bhain leis an áit agus le Cú Chulainn. (Laoch na Laochra!)


Radharc ón gcarn

Agus muid níos giorra don gcarn phléigh sé a bhfuil léite aige le AE agus a thuisicnt siúd ar chomhfhios na cruinne. Is cinnte go bhfuil áiteanna ann ina mhotháimid teagmháil leis an crunne agus na sinsir - ceist gan fuascailt dar liom an é sin toisc gur tharraing a leithéid d'áit ár sinsir freisin nó an é tionchar na scéalaíochta agus na cuimhne a fhágann amhlaidh muid. Measaim go bhfuil meascán den dá rud i gceist. (Ach is pápaire mé féin agus amhras orm faoi chomhfhios thairis sin a bheith ag an gcruinne; cé go bhfuil spioraid ann, agus cultúr, agus cuimhne).

Cé nach sílfeá é agus tú ag dreapadh an chnoic tá léargas i bhfad óna bharr. Níl ach roinnt paineál eolais le feiceáil, seachas sin is cnoc glas atá ann - agus an féar fágtha fada ar mhaithe le beacha. Fáinne crainn thart ar na claíocha. Cnoc saorga ar bharr an chnoic nádúrtha.

Áit shollúnta. Agus muid ag seasamh ag a bharr, ag éisteacht le reacaireacht Réamoinn bhí clamháin agus preacháin ag guairdeall san aer thar ar an gcnoc - ag meabhrú Macha agus an Mór Ríon dom! Fairsinge spéire a bhraith mé ann. Cinnte, an chathair le feiceáil ag bun na spéire agus spuaic dúbailte na hArdeaglaise Caitlicí. Agus an caireál a tháinig an gar don gcnoc fós ann, ach ceilte ag athfhás crainn. Ach fós mhothófá gur áit lasmuigh den am a bhí faoi do chosa. Áit mídheamhain. 

Stair agus machnamh á reic

Táim thar a bheith sásta go raibh deis agam faoi dheireadh dul chomh fada le hEamhan Mhacha. Log iontach tábhachtach i scéalaíocht na nGaeil agus a gcuimhne.