Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-08

Iniúchadh agus spreagadh chun dóchais


Tá mé ar mo bhealach abhaile ó seoladh an leabhair Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht le Pádraig B. Ó Laighin. Bhí slua maith i gclub na múinteoirí le bheith i láthair don seoladh seo - seoladh an leabhar cheana i gConamara agus sa Bhruiséil. Bhí Liam Mac Cóil ina chathaoirleach agus is é Colmcille Ó Monacháin a rinne an leabhar a sheoladh. Labhair siad araon agus Pádraig féin faoin leabhar - iniúchadh ar cheist na Gaeilge san dá dlínse ar an oileán seo, an "milseacht briathra agus sínteoireacht aimsire", an coup atá curtha i gcrích dar le hiniúchadh Phádraig chun an Ghaeilge a dhíbirt as riarachán an stáit.

B'é samhail Cholmcille don iniúchadh atá déanta ag Pádraig agus a bhfuil torthaí agus fianaise sa leabhar, ná aimhréidh olla a bheith bainte as a chéile agus na snáithe ar leith aimsithe go néata.

Ní scrúdú amháin atá sa leabhar áfach - nó ba dheacair dóchas a bhaint as sin - ach in éineacht leis an fáthmheas tá oideas leighis molta ag Pádraig. 

Tá cóip léirmheas bronnta aige orm, agus tá súil agam, ach é bheith léite agam, go mbeidh tuairimí liom féin le cuir leis an méid thuas. 

Luaigh Colmcille go sonrach go raibh na sleachta as buncaipéisí Béarla agus Fraincise aistrithe go Gaeilge aige, agus an téarmaíocht cuí aimsithe aige chuige sin. Is beag mo scil féin i socheolaíocht agus dlí-eolaíocht - ach tá dóchas agam go mbeidh adhmaid le baint agam mar sin féin as idir anailís agus moltaí. 

Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht
Pádraig B. Ó Laighin