Posts mit dem Label Opera werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Opera werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2025-05-18
Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
Tá Fionn s'againne tar éis críoch a chur le máistreacht san amhránaíocht Opera agus i mbun cúrsa dhá bhliain chun barr feabhais a bhaint amach - rud a thógann tamall ar dhord!
Ar mhaithe le taithí agus oiliúint cuirtear píosaí ar stáitse le linn an chúrsa. An uair seo chur cleas na céad bhliana The Burning fiery furnace le Britten ar stáitse Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain.
Dráma laistigh de dhráma, cliar manach ag cuir dráma cráifeach bunaithe ar scéal an triúr ógánach i leabhar Daniel. Do fir agus buachaillí a scríobhadh an píosa i dtosach, ach rinneadh cóiriú ar páirteanna áirithe do na mná sa rang.
Níl mo chluasa sách oilte chun breith cóir a thabhairt ar na hamhránaithe, agus gan amhras tá mé claonta. Is túisce a chuaigh aisteoireacht i bhfeidhm ormsa ná ceol - agus go minic bhí mím den scoth ar siúl ag amhránaithe nach raibh páirteach san canadh, ag insint gné eile den scéal nó ag treisiú an scéil le gothaí agus dreach.
Thug mé suntas ar leith do Grace Hope-Gill, sular ionchollaigh sí an aingeal. Searbhónta ag an bhféasta, a dreach ag léiriú amhras agus imní faoi cad a bhí in ndán don triúr aosánach.
Fionn gan amhras ina réalteolaí dorcha, ag scéiméireacht agus ag mealladh Rí Owen Lucas. An rí féin ag streachailt le cíor thuathail mothúcháin, imní, amhras, fearg....
Bhí an dís Caroline Blair agus Abigail Sinclair éachtach mar chrosáin, ag léiriú le greann agus le diabhlaíocht an tubaiste a bheadh mar deireadh ré, blianta i ndiaidh an scéil, ar Bhabylon agus a ghairdíní clúite crochta.
Tá scéal an triúr aosánach, eachtrannaigh le freagracht faoi impire a bhfuil formad ag a chomhluadar seisean leo tráthúil ar go leor bealaí. An seasmhacht i gcreideamh seachas lúbadh le gaoithe na polaitíochta. Gan sléachtadh do íol óir, ná géilleadh do chraos agus ragairne, fiú má tá praghas le n-íoc.
Bhí an dearadh stáitse, smidiú, éidiú agus soilsiú éifeachtach simplí.
Ceol fhoireann ilghnéitheach ar an stáitse freisin, agus in úsáid mar chuid den gcliar. Neart cnaguirlisí ag léiriú drámatacht na hócáide.
B'fhiú go mór an turas é!
Tá léirmheas oilte le léamh ar Opera Today.
Cliar :
King Nebuchadnezzar Owen Lucas
The Astrologer (Abbot) Fionn Ó hAlmhain
Ananias - Harrison Robb
Misael - Konstantinos Akritides
Azarias - Theodore McAlindon
The Herald/Leader of the Courtiers Tom Butler
Courtiers
Charlotte Clapperton
Ella Orehek-Coddington
Zixin Tang
Entertainers/Attendants
Caroline Blair
Abigail Sinclair
Angel Grace Hope-Gill
Faoi stiúir ceoil Christopher White agus stiúir stáitse Victoria Newlyn.
Clibeanna
Fionn Ó hAlmhain,
gaeilge,
Opera
2024-10-19
Idir shúgradh agus dáiríre....
![]() |
Fionn Ó hAlmhain (Doktor) ⁊ Tom Butler (Wozzeck) |
Tá máistreacht san ceol Opera críochnaithe ag mo mhac Fionn agus tá sé anois i mbun cúrsa oiliúna dhá bhliain in Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain Shasana (mar ar bhain sé amach an máistreacht)
Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist, agus neart oibre. Ar mhaithe le snas a chuir ar an obair seo, agus chun obair na n-ábhar amhránaithe a thaispeáint, eagraítear taibhiú ar radhairc as Opera éagsúla. A leithéid sin a thug go Londain mé.
Roghnaítear na míreanna chun guthanna a léiriú agus chun dúshlán a thabhairt do na daltaí. Seacht gcinn de radhairc a bhí i gceist.
- Giacomo Puccini (1858-1924)
Radharc as Gníomh 4 de La bohème - Gioachino Rossini (1792-1868)
Gníomh 4, No. 20 & 21 as Guillaume Tell - Alban Berg (1885-1935)
Gníomh 1, Radharc. 4 as Wozzeck - Vincenzo Bellini (1801-1835)
Cavatina & Cabaletta as Gníomh 4 Radharc 1 de La sonnambula - Albert Lortzing (1801-1851)
Dísréad No. 2 as Der Wildschütz - Giacomo Puccini (1858-1924)
Dísréad as Gníomh 2 of Madama Butterfly - Leoš Janáček (1854-1928)
Dísréad as Gníomh 2 The Cunning Little Vixen
Tá amharclann ar leith i RAM, agus bhí suíochán breá agam san dara sraith, i lár báire. Seachas ceolfhoireann, bhí an tionlacan ar fad ar phianó (Leon Ruiyang Chen). Bhí an dearadh stáitse thar a bheith simplí - bord agus dhá chathaoir, agus cúpla mion phrapa eile. Na ceoltóirí iad féin a bhog na prapaí de réir mar ba ghá, é fite isteach san aisteoireacht nó iad ag teacht thar stáitse, fós "i gcarachtar" chun an chéad radharc eile a ullmhú. Bhí an soilsiú an-éifeachtach. Ag pointe amháin bhí iontas orm na hamhránaithe a fheiceáil le I-Padanna, Ceoltóirí ag léamh a gceol? Gan na focail ar eolas acu? Ach ar ndóigh bhí - ní raibh sna i-padanna ach cleas chun a n-aghaidh a shoilsiú ó thíos faoi sa chaoi is go raibh na cloigne gan colainn ar foluain sa dorchadas.
Ar an mórgóir bhí na feistis an-mhaith freisin , cé gur shíl mé go raibh sé thar fóir éide campa géibhinn a bheith ar Wozzeck - saighdiúir atá ann, ní brá. Bhí aontas idir stíl na feistis agus chabhraigh sin leis an leanúnachas idir na drámaí atá an-éagsúil dáiríre.
Bhí na ceoltóirí uilig an-mhaith; ach chuaigh cuid acu i feidhm orm níos mó ná a chéile.
Ar ndóigh, táim claonta, ach ní mise amháin a shíl Doktor Fhinn a bheith uafar éifeachtach. Agus Wozzeck Tom Butler foighneach éadóchasach faoi láimhseáil chruálach an dochtúra. Fiú iadsan nár thuig na focail Gearmáinise, thuigfeadh siad an t-olc agus an bagairt ón aisteoireacht agus an ceol.
Mheall sionnach baineann Caroline Blair mé - í idir mealltach agus cúthail agus dísréad rince, mothúcháin agus ceol idir í agus sionnach Ruby Bak. Iad ag teacht gar dá chéile ach ag léim siar ag an nóiméad deiridh. Mealltacht téisiúil gan aon agó.
Bhí gné eile den imirt céanna san allagar idir Gretchen Abigail Sinclair agus Baculus Theodore McAlindon. Ise ag éileamh, eisean ag gealladh - go pointe. Siar agus aniar, suas agus síos. Mealltacht agus dalbacht Gretchen ag cuir Baculus faoi bhrú, toisc a imní faoin toice sa chaisleán agus éad air féin.
Bhí sé níos fusa orm an canadh as Gearmáinis (Wozzeck, Wildschütz) agus Béarla a leanadh ná an Iodáilis - go háirithe do Guillaume Tell agus La sonnambula - ceal eolas ar an bplota ginearálta. (Bhí sé de cheart agam amharc níos luaithe ar an gclár agus m'obair bhaile a bheith déanta agam).
B'fhiú an turas (fada) thar muir agus tír an ócáid cinnte!
La bohème
- Rodolfo Owen Lucas
- Marcello Tom Butler
- Schaunard Anton Kirchhoff
- Colline Mikayel Sargsyan
Guillaume Tell
- Mathilde Abigail Sinclair
- Jemmy Caroline Blair
- Hedwige Charlotte Clapperton
Wozzeck
- Doktor Fionn Ó hAlmhain
- Wozzeck Tom Butler
La sonnambula
- Rodolfo Mikayel Sargsyan
Der Wildschütz
- Gretchen Abigail Sinclair
- Baculus Theodore McAlindon
Madama Butterfly
- Cio-Cio-San Grace Hope-Gill
- Suzuki Charlotte Clapperton
The Cunning Little Vixen
- Vixen Caroline Blair
- Fox Ruby Bak
Clibeanna
Fionn Ó hAlmhain,
gaeilge,
Opera,
RAM
2024-10-01
Damhsa aos sí i Sligeach
![]() |
Ó chuaigh mo mhac le ceol Opera táim ag freastal níos minice ar ócáidí toisc é bheith ar an stáitse. An seal seo, siar go Sligeach a thugamar ár n-aghaidh. Féile Barócach Shligigh.
Chuir muid fúinn in Eachrois cois trá, leathuair sa ghluaisteán ó Bhaile Shligigh. Ghlac an déagóir páirt i gceardlann damhsa Barócach ar an Satharn, ach seachas sin is ar Fairy Queen Purcell in amharclann Hawk's Well amháin a d'fhreastail muid.
Sraith masque, damhsaí agus ceoil tógtha thart ar dhráma Shakespeare atá i gceist. San léiriú seo bhí béim ar leith ar an damhsa. Bhí ceoltóirí ón gCróit agus Vín páirteach chomh maith le Oirfidigh Handel Londain. Iad uilig ag seinm ar uirlisí ar déanamh na linne. Slua óg amhránaithe. (Cuireadh ar stáitse sa Chróit é cúpla mí ó shin leis an gcliar céanna).
Mar mhím a cuireadh na míreanna drámaíochta i láthair, guth ón gcúlra ag cuir na míreanna i láthair.
Dearadh stáitse simplí - dhá ríchathaoir ar stáitse folamh.
Bhí béim ar leith ar na damhsaí, saothrú nua déanta orthu bunaithe ar aimsiú nodaireacht comhaimseartha do na damhsaí.
Ar ndóigh, is le cuir i láthair Liam Buí agus a céile a cumadh an leath-Opera seo, breithlá Oberon ag meabhrú breithlá agus cothrom lae pósta an Rí (ar ghnóthaigh an pósadh céanna Coróin Shasana agus coróin Éirinn dó ar ball...)
Bhí cuid de na damhsaí cúirtéiseach, maorga. Ach bhí fronsa agus spraoi i gceist freisin. Rince na bhfear glas, nó rince lucht bainte tuí. Ana obair déanta ag an saineolaí damhsa Mary Collins.
Trí mór ról a bhí ag Fionn s'againne - an File meisce a thagann ar choisir aos sí agus a céastar acu. Codladh, agus é in éineacht le Rúndacht, Diamhaire agus Oíche ag mealladh Titania chun suain, agus ag bronnadh deis dá réir ar Puck agus a ghiolla Puckette chun mioscais a imirt uirthi agus ar a mac altrama a déantar asal as. (Bhí an leaid óg sa pháirt sin iontach maith!) Agus ar deireadh, Hymen, dia an phósta i mír sollúnta ar deireadh.
Sheas Mercè Bruguera Abelló amach dom, go háirithe agus í ag caoineadh a cás mar bhean tréigthe. Agus bhí crosánacht Seán Tester, agus é i ról Mopsa cúthail mealltach nóthálta ar fad, agus é ag mealladh sean scairt gáirí ón bpobal.
Bhí an chliar ar fad iontach maith, idir ceol, aisteoireacht agus damhsa.
Clibeanna
Fionn Ó hAlmhain,
Opera,
Sligeach
2024-06-29
Caesar cóis Móire
Ingeborg Bröcheler (Cesare) agus Fionn Ó hAlmhain (Curio) i Giulio Cesare | Photo: John D Kelly
B'é toisc go raibh Fionn ag canadh i Giulio Cesare i Féile Opera Gleann Móire a bhíomar i bPort Láirge ar chor ar bith. Ba ar an Domhnach a bhí ticéid againn don Opera. Ach roimhe sin, ag meáin léi, bhíomar ag fothrach Caisleáin na Martra, áit ar thug Fionn agus triúr eile ón gcór sampla dá gceird - arias aonair, beirte agus ceathrar. Bhí an ghrian láidir agus an caisleán ina chúlra cuí.
Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist le hOpera, agus teangacha éagsúla i gceist. Is cuid de mhisean an Fhéile bolscaireacht a dhéanamh ar an ealaín, agus b'fhéidir gurbh é sin an chúis gur chan siad roinnt as Béarla. Ar ndóigh bhí Handel ag saothrú as Béarla tráth, agus tá leithéidí Purcell agus Britten ann. (Tá ar a laghad opera gaeilge amháin ann - Eithne agus a bhuí le hiarrachtaí Dairena Ní Mheadhra tá cnuasach amhráin ealaíne Gaeilge ann. Cuid acu anois i répertoire Fhinn).
Ba deas an ócáid é. Bhí sos gairid againn ansin go dtí go raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar Chaisleán na Leasa Móire. Bhí dinnéar in áirithint againn mar chuid den fhéile.
Bhí manglam againn le biotáille áitiúil, agus ba dheas an ghéarú goile iad. Tá gairdíní an Chaisleáin taitneamhach mar ionad (Ní scaoiltear isteach sa Chaisleán féin ach aíonna an Diúic, ball de theach ríoga Shasana. Aíocht atá ar fáil le ceannach is cosúil ach sparán sách trom a bheith ag duine). Bhí an dinnéar go deas. Réamhchúrsa le Feta agus meacan biatais, agus gearg don bpríomhchúrsa. Bhí orainn fanacht go dtí an briseadh san Opera ar an mhilseog!
Is i gclós stáblaí, nach bhfuil in úsáid níos mó, a bhíonn an Opera féin. Iarsmaí na stáblaí mar chúlra - blianta eile mar chuid den stáitse. I mbliana áfach bhí an dearadh stáitse thar a bheith simplí. Ardán mar a bheadh caolbhealach chun tosaigh. Cat mór ar thaobh amháin agus Hippo ar an dtaobh eile.
Rud a d'fhág gur faoi na hamhránaithe a bhí sé ard an phobal a tharraingt agus a choinneáil. Rud a rinneadar. Scéal Caesar san Éigipt atá i gceist, Pompei básaithe ag na hÉigiptigh - Ptolemy ag súil gnaoi Caesar a fháil leis an gníomh grod. Agus é féin agus a ghinearál in iomaíocht chun an baintreach a fháil, ise í féin agus a mac óg ag lorg díoltas. Cleopatra ag iarraidh Caesar a mhealladh agus an coróin a fháil di féin. Grá, drúis, díoltas, cruálacht ina mhanglam cumhachtach mothúcháin. Ceolfhoireann ag tacú leis na hamhránaithe. Thuas seal, thíos seal ach bua ag Caesar agus Cleopatra sa deireadh, agus díoltas bainte amach ag mac Pompei Seste.
Dráma sách fada ach thar a bheith taitneamhach. B'fhiú an turas (agus an chostas!) é.
2024-06-16
Bus, Dord, Cos
Maidin Dé Máirt d'fhág mé an Rinn ar an mbus nasc áitiúil go dtí An Baile Mór, i. Dún Garbhán. D'fhág mé ón oifig an phoist atá iata anois...
Ní raibh orm fanacht ach cúpla nóiméad i nDún Garbhán ar bhus ar aghaidh go dtí Lios Mór. Nasc áitiúil arís, compordach agus iníoctha le cárta Leap. Ní fada go raibh mé ag ól caife le Fionn ina lóistín sa Lios Mór - iostán ar an Sráid Nua.
Bhí ceolchoirm faoin spéir le bheith ag cuid den chór i bPáirc na Mílaoise gar don gCaisleán.
Tar éis caife thugamar aghaidh ar an bpáirc.
Ba oscailt an fhéile a bhí i gceist, agus bhí orainn éisteacht le cúpla óráid - gairid bld - sular thosaigh an ceol. Ansin chan cór gasúr scoile roinnt amhráin sular thosaigh Fionn agus a chomrádaithe ag canadh rogha aria, ina n-aonar agus i ngrúpaí. D'éirigh leo críochnú díreach in am sular thit múr samhraidh eile....
Thaithin an ceol agus an aisteoireacht liom. Réimse leathan acu agus teangacha éagsúla. Mothúcháin iomadúla...
Chuamar sa tóir ar lón ansin - rud a thóg tamall toisc go raibh an baile gnóthach le lucht na féile. Fuaireamar lón breá i bproinnteach faoi dheireadh agus d'fhill ar lóistín Fhinn. Cupán caife agus ansin thug comrádaí cóir de chuid Fhinn síob dom chomh fada leis an Eaglais - nó gar dó le bheith cruinn, áit ar thosaigh mé ag siúl ar Shlí Dhéagláin i dtreo na hAirde Móire.
Bhí mé ag siúl ar bhóithre ciúine agus bóithre glasa. Bhí radharcanna iontacha anois is arís ar Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh.
Bhí mé tar éis tosú ag siúl níos moille ná mar a bhí i gceist agam. Bhí an mála droma trom - díol coicíse d'éadaí á iompar agam. Agus cúpla rud eile. Agus nuair a tháinig mé chomh fada le Gleann an Lickey (theip orm ainm Ghaeilge a aimsiú) bhí droichead scuabtha chun siúil agus malairt treo i bhfeidhm, ag cuir roinnt km leis an siúlóid. Ghlaoigh mo bhean ag fiosrú cá raibh mé. Uair an chloig eile le siúl mo neastuchán.
Ach ansin thosaigh ceobhrán agus bhí mé ag eirí bréan de na bóithre. Mar sin d'iarr mé uirthi teacht is mé a bhailiú.
Bhí 16km siúlta agam faoin am gur bhailigh sí mé. Tá fonn orm tabhairt faoi shlí Dhéagláin ina iomláine - ach gan a bheith ag iompar barraíocht!
Beidh mé ar ais!
2022-09-03
Semele
An Cliar
Apollo | Jupiter. Andrew Gavin
Cadmus | Somnus. Edward Hawkins
Semele. Kelli-Ann Masterson
Athamas. Gerben van der Werf
Juno | Ino. Dominica Williams
Iris. Jade Phoenix
High Priest. Fionn Ó hAlmhain
Sestina
Soprano Hannah Traynor, Laura Aherne, Anna Gregg
Alto Leanne Fitzgerald, Nathan Mercieca, Eilis Dexter
Tenor Ben Escorcio, Luke Horner
Bass Adam Cahill, Fionn Ó hAlmhain
Tá mé as cleachtadh ag ól caife mall sa lá, agus ó tharla go raibh cupán agam le mo dhinnéar réamh amharclainne aréir, tá cumhacht Somnus orm lagaithe go mór agus mé i mo dhúiseacht go mí thráthúil. Tá sé chomh maith agam siamsaíocht na hoíche aréir a bhlagáil dá réir, le súil is go gcuideoidh sé sin liom cúpla uair an chloig eile codlata a mhealladh!
Tharraing Händel scéal de chuid Oivid chuige chun "oratorio tuata" a chuir ar stáitse, tráth go raibh cosc ag an Ard-Seomairlín i Londain ar dhrámaíocht le linn an Charghais. Finscéal morálta a mhaígh sé, faoi paisean ag fáil an lámh in uachtar (ar bhean, gan amhras). Mheall sé an tArd-Seomairlín, ach chonaic an pobal an ghraostacht agus miangas....
Tá an láthair athraithe ag Opera Collective Ireland ón Ghréig cianda go suíomh a mheabhródh an Great Gatsby duit, Jove ina spaga teann ag mealladh Semele, á sciobadh ó altóir an phósta, agus í ar tí Adamus a ghlacadh mar nuachar chun toil a hathair a chomhlíonadh - ainneoin a searc féin do Jove. A deirfiúr Ino croíbhriste toisc go bhfuil a searc féin bronnta aici i ngan fhios do Adamus....
Ar ndóigh, nuachar dlisteanach Jove, Juno ar buile. A giolla Iris seolta aici le fios fátha an scéal a aimsiú. Díoltas uafásach a bhaint amach aici - í ag mealladh Semele i mbréagriocht Ino chun mionn a bhaint as Jove - go dtiocfaidh sé chucu ina riocht diaga. Maíonn Juno go ndéanfar í a dhiagú más amhlaidh a tharlaíonn - ach ar ndóigh is trúig bás dá colainn daonna é...
Rubaillín leis an scéal - faigheann Ino Adamus, agus rugtar Bacchus ó chaidreamh Semele agus Jove.
Finscéal morálta faoi na paisean? N'fheadar!
Bhí an léiriú thar cionn. Aisteoireacht, amhrán, soilsiú, feisteas, stáitsiú uilig ag teacht le chéile go foirfe. Ní amharclann Opera an Pavilion, agus bhí ar an gcompántas a bheith cruthaitheach le spás teoranta. Bhíomar féin sa chéad sraith, nach mór ar an stáitse.
Bhí ceoltóirí an Akademie für alte Musik Berlin, ag seinm uirlisí a bhí comhaimseartha le Händel, ar an stáitse, scaipthe ar an dá thaobh ag cruthú cuid den cúlra. An stiúrthóir ar thaobh amháin - cuidiú teicneolaíochta chun go raibh radharc ag ceoltóirí agus amhránaithe air tríd scáileáin.
Bhí an aisteoireacht go hiontach. Bhí mé tógtha go háirithe le hIris agus Ino/Juno a léirigh mothúcháin cumhachtacha le gothaí beaga agus strainceanna séimh.
Bhí mothúcháin Semele, idir lúcháir agus imní agus dóchas agus éadóchas curtha i láthair go hiontach freisin. Go deimhin, ag tús agus a droim leis an lucht féachana, d'éirigh le galar na gcás ina raibh sí á léiriú leis an droim céanna!
Ard oíche amharclannaíochta agus ceoil.
Tá deis eile an léiriú a fheiceáil anocht, ach go bhfios dom tá an Pavillon díolta amach arís, mar a bhí aréir. Is deas go bhfuil an tacaíocht á fháil ag oirfidigh Opera in Éirinn anois, luach saothair éigin ar an ndua agus an allas a chaitear chun a leithéid a chur i láthair an phobail. (Agus gan é bheith ró chostasach ar an duine aonair!)
2022-06-02
Claisceadal Bhaile Nua
Féile ilghnéitheach is ea Féile Opera Gleann na Móire, a dhéanann iarracht oideachas agus spéis sa cheol a spreagadh sa cheantar uilig. Inniu faoi ceolchoirm ar leith ag baill an chóir ar an mBaile Nua (Villierstown). Bhí an ceolchoirm i séipéal a tógadh nuair a tógadh an bhaile nua beartaithe seo, a thóg an Tiarna talún do ceardaithe línéadach a thug sé isteach ó Shasana. Foirgneamh ó thús an ochtú céad déag.
Is iondúil gur amhránaithe i dtús a ngairm baill an chóir í dtaispeántas Opera, agus ba amhlaidh anseo. Thug an ceolchoirm seo deis dóibh a gcumas faoi sheach a léiriú, iad ag canadh arias aonair, nó díséad nó grúpaí beaga - agus cúpla píosa le chéile.
Baill an ghrúpa ná - ó guthanna arda go hísle..
Hannah Barrett
Tara McDermott
Blathnaid Nicholson
Aine Cassidy
Fidelma Kelly
Keith Matthews
Oisín Ó Dálaigh
Stephen Walker
Eoin Foran
David Mulhall
Fionn Ó hAlmhain
Chan siad ceoil ó réimse Opera - ó Mozart go comhaimseartha.
Tá mé taobhach ar ndóigh agus mac liom ina measc, ach fuair siad ard mholadh.
Thaithin aria Adelaide ó The Enchanted Pig go háirithe liom - píosa iontach spraíúil a chan Hannah Barrett, ag fáisceadh gach deor den raicleach tromaíoch as an aria.
Aprite un po'quegli occhi (osclaígí beagán bhur súile) ó Bhainis Figaro Mozart a chan Fionn, amhrán amhras Figaro éadmhar. Bíonn neart aisteoireacht i gceist le Opera, a chuidíonn nuair nach bhfuil an teanga ag an éisteoir!
Chan cúigear an allagar idir na Triúr Ban agus Tamino agus Papageno ón Feadóg Mhór Draíochta. Ba lán ait liom Papageno a chlos ag Béarlóireacht!
Bhí slua maith ann san Eaglais agus fuaireamar scoth taispeántas, ag léiriú réimse ceoil agus obair.
Sí Mairéad Hurley a rinne cúram den gcór don Opera agus is í a rinne na hamhránaithe ar fad a thionlacan ar an bpianó.
Amor omnia vincit
De bhrí go bhfuil mo mhac Fionn ag dul don Opera chomh maith leis na píob le traidhfil blianta, tá an tairseach dúinn freastal ar ócáidí dá leithéid íslithe ainneoin costas ard na dticéad (ar ndóigh tá costais arda a leithéid a stáitsiú). Bhíomar ar ais dá réir i clós stáblaí Caisleán an Leasa Mhóir aréir, agus Orfeo et Euridice le Gluck ar stáitse ag Féile Opera Gleann na Móire.
Ba ardoíche a bhí ann. Titeann formhór na hoibre ar an Orfeo - Meili Li ón tSín a bhfuil guth ard binn aige. Tá sé ar an ardán beagnach ó thús go deireadh agus is a scéal é - dobrónach de dheasca bás Euridice (Aoife Gibney) - nach bhfeicimid go dtí go bhfuil sé ag iarraidh filleadh léi ón Domhan Thíos. Amor (Kelli Ann Masterson) á spreagadh, agus i gcasadh ar an seanscéal á tabhairt ar ais di ainneoin a shárú geasa.
Bhí damhsóirí Coiscéim i bpáirt leis an gcór (ina raibh Fionn ag canadh). Ach is amhlaidh go raibh aonad amháin déanta daoibh, cóiréagrafaíocht cuanna a rinne mar a bheadh neach amháin astu. Bheadh ort a bheith ann airdeallach chun idirdhealú a dhéanamh idir cantóir is rinceoir - dream amháin ag treorú an dreama eile. An scéal á aithris le damhsa agus cantaireacht.
Seit lom simplí ach feistis cliste, dubh dorcha don lucht caointe, tuathánaigh fraochmhara na Fúire agus a ndeamhan, éide ar bháine an tsneachta ar na hanamnacha sona in Elysium na gile agus ceiliúr éin.
Bhí an triúr príomhamhránaí ana mhaith i mbun ceoil, ach bhraith mé go raibh splanc paisin ar lár i gcanadh Euridice - níor chuir sí a héadóchas le fuaire mar ja Orfeo ina luí orm. Bhí Amor thar barr, ag léiriú mioscais agus flaithiúlacht na ndéithe -
As flies to wanton boys are we to the gods
Bás agus beatha de réir a dtoil.
Ba le hOrfeo an oíche áfach, dobrón, dóchas, diongbháilteacht, mian láidir á chreimeadh ag an gcoimhlint le atrua na seirce, dubh éadóchas agus Euridice caillte arís aige, lúcháir ag an slánú gan choinne ag Amor.
Cloisfear neart fós faoi Meili Li.
2021-09-04
Puccini cois Móire
Chuaigh mo mhac Fionn le ceol, ina phíobaire nuair a thosaigh sé ar an gcoláiste, spreagtha go háirithe ag seinm agus cúpla ceacht ó Con Durham, beannacht Dé lena anam. Bíonn réimse ceoil le clos sa teach seo áfach, agus nuair a chualathas ag ceol ar an sean-nós é ar an gcoláiste mealladh é le leathnú amach - i gcór i dtosach, agus ansin fuair duine de na múinteoirí amhránaíochta seilbh air. Shantaigh siad an dord aige agus rinne amhránaí Opera as freisin.
Fiú roimh na paindéime ní raibh teacht éasca ar Opera in Éirinn agus bhí sé daor le hais Opera sa Ghearmáin. Is cuimhin liom ceart go leor gur fhreastail muid mar theaghlach, roinnt mhaith blianta siar, ar leagan de Fliúit Draíochta Mozart a chur an Opera Theater Company ar stáitse an Pavilion - leathdhosaen amhránaí agus cúpla ceoltóir ag iompar an cúram uilig!
Ach an deireadh seachtaine seo tá Fionn páirteach i bhFéile Opera Ghleann na hAbhann Móire atá lonnaithe go príomhga i gCaisleán na Leasa Móire. Ghlac mé féin agus mo nuachar cúpla lá saor ó chúraimí an tsaoil chun freastal ar chúpla ócáid.
Déardaoin um meán lae bhí ceadal i bPáirc na Mílaoise ag triúr de na hamhránaithe - Bríd Ní Ghruagáin, Jakob Mahese, agus Fionn féin. Cúpla amhrán an duine, agus comhcheoil idir Fionn agus Jakob, agus Fionn agus Bríd. Bhí mé iontach sásta gur roghnaigh Fionn an dán le Eoghan Ó Tuairisc Na Bóithre Fada Bána mar chuid dá thaispeántas féin. Chuir John Kinsella ceol leis do thogra Dáirine Ní Mheadhra Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge. Chan siad amhráin le Rossini óna leagan siúd de Figaro agus ó Carmen de chuid Bizet freisin.
Bhí daltaí ó dhá bhunscoil suite rompu ar an léana, agus is deas an taispeántas a thug siad - baineann geatsaíocht agus aisteoireacht le hOpera agus Amhráin Ealaíne araon, gan amhras.
Ach ba é an príomh ócáid dúinne léiriú tráthnóna ar ghearr dráma Puccini Gianni Schicchi. Opera greannmhar gairid, bunaithe ar eachtra stairiúil i Flórans an tríú chéad déag. Tá tagairt do i Inferno Dante, drochmheas aige siúd ar Schicchi mar gurb de chlann Donati - a bhí thíos le gliceas Schicchi - a nuachar. Toice mhór de chlann Donati básaithe, a ghaolta trína chéile mar go bhfuil an cuma air go raibh a shaibhreas ag dul chuig na manaigh. Cabhair Schicchi á lorg acu, brionnú le déanamh. Roinnt na caillí mar is áil léi féin a dhéanann seisean, agus é ag fágáil an sciar is fearr dó féin.
B'é a rinne an stiúrthóir ealaíne Pierre-Emmanuel Rousseau ná Mafiosi a dhéanamh astu. Agus cailleach dhubh as Zitat (Bríd Ní Ghruagáin). Fite tríd an scéal tá scéal miangais agus grá Lauretta (Solen Mainguené), iníon Gianni agus Rinuccio (John Porter), nia Zita, atá ag brath ar an oidhreacht chun go mbeadh ar a gcumas pósadh.
Is fronsa iontach greannmhar atá ann, lán den teannas idir sliocht na n-uasal atá anois daibhir agus na tuathánaigh atá ag cnuasach saibhreas. Uabhar agus formad agus saint agus miangas.
Ba mhinic clos an stábla, áit a raibh an léiriú, faoi dhíon sealadach, craite ag gáire an lucht éisteachta. (Ba mhór an chabhair na fortheidil dóibh siúd gan Iodáilis an Opera).
Bhí an aisteoireacht thar cionn, samhlaíocht Rousseau curtha i gcrích go hiontach acu ar fad. Fiú agus go raibh beirt leaids óga, feisithe mar buachaillí altóire le cúpla líne fánach, agus searbhónta (nár thug mé a hainm liom mar nach bhfuil sí luaite sa chlár) gan guth ar bith, a rinne aisteoireacht den scoth chun an atmaisféar a chruthú - tóraíocht uachta, agus comhcheilg chun cur i gcéill nach raibh Busano séalaithe fós agus uacht nua a scríobh.
Radharc iontach greannmhar agus na gaolta ag iarraidh ar Schicchi an maoin is fearr a fhágáil acu. É i leaba an duine marbh agus triúr ban thart air - duine acu in éide mná rialta - ag iarraidh é a mhealladh.
A iníon agus a leannán ag suirí go follasach fisicúil ar fud na ball.
Thug Lauretta (Solen Mainguené) ach go háirithe taispeántas iontach láidir idir aisteoireacht agus amhránaíocht - grá i ngleic le duairceas nuair a fheiceann sí nach mbeidh an maoin ann don bpósadh. Ise a chuireann i luí ar a hathair dul san amhantar.
Ansin baineann seisean feidhm as an bagairt a bheadh ar comhpháirtithe sa choir chun na gaolta a bhalbhú fad is atá sé ag deachtú uacht chun a leasa féin don dlíodóir (
Seramantio di Nicola, Fionn s'againne).
Bhain mé taitneamh thar na bearta as an rud ar fad. Agus as an fleadhóg roimhe i ngairdíní iontacha an Chaisleáin!
Abonnieren
Posts (Atom)