Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Na Déise werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Na Déise werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-06-12

Gleann Anna

Chaitheamar dhá oíche i mBaile an tSléibhe i Seanaphobal na Déise agus muid ag freastal ar Féile ceoldrámaíochta Gleann na Móire ag an deireadh seachtaine fada. Is ar an gceol a bhí ar n-aird. Ach rith sé liom go mbeadh deis agam roinnt siúl a dhéanamh. Ní bhfuair mé eolas ar líne, mar sin chuir mé ceist ar roinnt de mo lucht twaithne. Tharraing Sorcha Ní Chéilleachair m'aird ar tóraíocht taisce Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Agus an chuid eile fós ina luí tar éis ceoldráma Oíche Domhnaigh bhuail mé amach maidin Luain. Bhí ceann de na siúlóidí nach mór ar lic an dorais agam. Tamall ag siúl ar bhóithre go dtí gur tháinig mé ar imeall coille i ngleann géar. Casadh isteach ar bhóithrín ansin faoi foscadh na gcrann. Deireadh tar éis tamaill leis an mbóthar ach cosán tanaí ansin ag dul le fána, agus an fána ag dul i ngéire de réir mar a tháinig i ngiorracht don gcósta. Cuas beag idir aillte. Cosán géar nathrach síos chomh fada leis.

Dornán teaghlach i mbun campála ann. Polannaigh, measaim. Ó lár na hEorpa cibé de réir a gcaint. Ní dóigh liom go bhfuil nós na campála fiáin i measc teaghlaigh Éireannacha níos mó má bhí riamh!

Sruthán ag teacht anuas an Ghleanna agus isteach sa bhfarraige ag trá clochach. Ar fhaiche beag glas agus ar na clocha duirlinge a bhíodar ag campáil. Clochán trasna an srutháin a thrasnaigh mé. Roimh dul ar ais ar an mbóthar shiúl mé an ghainimh garbh ar an trá faoi na haillte arda. Bhí obair na cruinne le feiceáil sna ciseal casta claochlaithe le feiceáil sa chloch nochtaithe. Féar agus bláthanna ag bharr agus taobhanna na haillte.

Carrchlós beag os cionn na trá, agus bóthar nathrach suas go barr na haille arís. Flúirse bláthanna fiáine ar gach taobh. Casadh ar dheis ansin, ar an mbóthar ar ais chuig an lóistín, síos beagán go droichead sa ghleann, agus suas arís an taobh eile. Fógraí galánta i gcló fhoireann ar leith Gaelach ag na crosairí. Stad seachas stop ar na fógraí dearga sé shleasach. Na Béarlóirí bochta...

Reilig tréigthe, an féar go com. 

Maidin chiúin siúlóide. 

(Tá sé i gceist againn filleadh ar feadh seachtaine an bhliain seo chugainn, b'fhéidir. Beidh níos mó le déanamh ag Fionn san fhéile agus sparánacht bronnta air chun cuidiú lena oiliúint i Londain. Súil agam níos mó siúl a dhéanamh. An Coinigéar go háirithe) 

2022-06-02

Claisceadal Bhaile Nua


Féile ilghnéitheach is ea Féile Opera Gleann na Móire, a dhéanann iarracht oideachas agus spéis sa  cheol a spreagadh sa cheantar uilig. Inniu faoi ceolchoirm ar leith ag baill an chóir ar an mBaile Nua (Villierstown). Bhí an ceolchoirm i séipéal a tógadh nuair a tógadh an bhaile nua beartaithe seo, a thóg an Tiarna talún do ceardaithe línéadach a thug sé isteach ó Shasana. Foirgneamh ó thús an ochtú céad déag. 

Is iondúil gur amhránaithe i dtús a ngairm baill an chóir í dtaispeántas Opera, agus ba amhlaidh anseo. Thug an ceolchoirm seo deis dóibh a gcumas faoi sheach a léiriú, iad ag canadh arias aonair, nó díséad nó grúpaí beaga - agus cúpla píosa le chéile. 

Baill an ghrúpa ná - ó guthanna arda go hísle.. 

Hannah Barrett
Tara McDermott
Blathnaid Nicholson 

Aine Cassidy
Fidelma Kelly

Keith Matthews
Oisín Ó Dálaigh
Stephen Walker

Eoin Foran
David Mulhall
Fionn Ó hAlmhain

Chan siad ceoil ó réimse Opera - ó Mozart go comhaimseartha.

Tá mé taobhach ar ndóigh agus mac liom ina measc, ach fuair siad ard mholadh. 

Thaithin aria Adelaide ó The Enchanted Pig go háirithe liom - píosa iontach spraíúil a chan Hannah Barrett, ag fáisceadh gach deor den raicleach tromaíoch as an aria.

Aprite un po'quegli occhi (osclaígí beagán bhur súile) ó Bhainis Figaro Mozart a chan Fionn, amhrán amhras Figaro éadmhar. Bíonn neart aisteoireacht i gceist le Opera, a chuidíonn nuair nach bhfuil an teanga ag an éisteoir!

Chan cúigear an allagar idir na Triúr Ban agus Tamino agus Papageno ón Feadóg Mhór Draíochta. Ba lán ait liom Papageno a chlos ag Béarlóireacht!

Bhí slua maith ann san Eaglais agus fuaireamar scoth taispeántas, ag léiriú réimse ceoil agus obair.

Sí Mairéad Hurley a rinne cúram den gcór don Opera agus is í a rinne na hamhránaithe ar fad a thionlacan ar an bpianó. 

2021-09-04

Puccini cois Móire

Chuaigh mo mhac Fionn le ceol, ina phíobaire nuair a thosaigh sé ar an gcoláiste, spreagtha go háirithe ag seinm agus cúpla ceacht ó Con Durham, beannacht Dé lena anam. Bíonn réimse ceoil le clos sa teach seo áfach, agus nuair a chualathas ag ceol ar an sean-nós é ar an gcoláiste mealladh é le leathnú amach - i gcór i dtosach, agus ansin fuair duine de na múinteoirí amhránaíochta seilbh air. Shantaigh siad an dord aige agus rinne amhránaí Opera as freisin.

Fiú roimh na paindéime ní raibh teacht éasca ar Opera in Éirinn agus bhí sé daor le hais Opera sa Ghearmáin. Is cuimhin liom ceart go leor gur fhreastail muid mar theaghlach, roinnt mhaith blianta siar, ar leagan de Fliúit Draíochta Mozart a chur an Opera Theater Company ar stáitse an Pavilion -  leathdhosaen amhránaí agus cúpla ceoltóir ag iompar an cúram uilig!

Ach an deireadh seachtaine seo tá Fionn páirteach i bhFéile Opera Ghleann na hAbhann Móire  atá lonnaithe go príomhga i gCaisleán na Leasa Móire. Ghlac mé féin agus mo nuachar cúpla lá saor ó chúraimí an tsaoil chun freastal ar chúpla ócáid.

Déardaoin um meán lae bhí ceadal i bPáirc na Mílaoise ag triúr de na hamhránaithe - Bríd Ní Ghruagáin,  Jakob Mahese, agus Fionn féin. Cúpla amhrán an duine, agus comhcheoil idir Fionn agus Jakob, agus Fionn agus Bríd. Bhí mé iontach sásta gur roghnaigh Fionn an dán le Eoghan Ó Tuairisc Na Bóithre Fada Bána mar chuid dá thaispeántas féin. Chuir John Kinsella ceol leis do thogra Dáirine Ní Mheadhra Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge. Chan siad amhráin le Rossini óna leagan siúd de Figaro agus ó Carmen de chuid Bizet freisin.

Bhí daltaí ó dhá bhunscoil suite rompu ar an léana, agus is deas an taispeántas a thug siad - baineann geatsaíocht agus aisteoireacht le hOpera agus Amhráin Ealaíne araon, gan amhras.

Ach ba é an príomh ócáid dúinne léiriú tráthnóna ar ghearr dráma Puccini Gianni Schicchi. Opera greannmhar gairid, bunaithe ar eachtra stairiúil i Flórans an tríú chéad déag. Tá tagairt do i Inferno Dante, drochmheas aige siúd ar Schicchi mar gurb de chlann Donati - a bhí thíos le gliceas Schicchi - a nuachar. Toice mhór de chlann Donati básaithe, a ghaolta trína chéile mar go bhfuil an cuma air go raibh a shaibhreas ag dul chuig na manaigh. Cabhair Schicchi á lorg acu, brionnú le déanamh. Roinnt na caillí mar is áil léi féin a dhéanann seisean, agus é ag fágáil an sciar is fearr dó féin.

B'é a rinne an stiúrthóir ealaíne Pierre-Emmanuel Rousseau ná Mafiosi a dhéanamh astu. Agus cailleach dhubh as Zitat (Bríd Ní Ghruagáin). Fite tríd an scéal tá scéal miangais agus grá Lauretta (Solen Mainguené), iníon Gianni agus Rinuccio (John Porter), nia Zita, atá ag brath ar an oidhreacht chun go mbeadh ar a gcumas pósadh. 

Is fronsa iontach greannmhar atá ann, lán den teannas idir sliocht na n-uasal atá anois daibhir agus na tuathánaigh atá ag cnuasach saibhreas. Uabhar agus formad agus saint agus miangas. 

Ba mhinic clos an stábla, áit a raibh an léiriú, faoi dhíon sealadach, craite ag gáire an lucht éisteachta. (Ba mhór an chabhair na fortheidil dóibh siúd gan Iodáilis an Opera). 

Bhí an aisteoireacht thar cionn, samhlaíocht Rousseau curtha i gcrích go hiontach acu ar fad. Fiú agus go raibh beirt leaids óga, feisithe mar buachaillí altóire le cúpla líne fánach, agus searbhónta (nár thug mé a hainm liom mar nach bhfuil sí luaite sa chlár) gan guth ar bith, a rinne aisteoireacht den scoth chun an atmaisféar a chruthú - tóraíocht uachta, agus comhcheilg chun cur i gcéill nach raibh Busano séalaithe fós agus uacht nua a scríobh. 

Radharc iontach greannmhar agus na gaolta ag iarraidh ar Schicchi an maoin is fearr a fhágáil acu. É i leaba an duine marbh agus triúr ban thart air - duine acu in éide mná rialta - ag iarraidh é a mhealladh. 

A iníon agus a leannán ag suirí go follasach fisicúil ar fud na ball. 

Thug Lauretta (Solen Mainguené) ach go háirithe taispeántas iontach láidir idir aisteoireacht agus amhránaíocht - grá i ngleic le duairceas nuair a fheiceann sí nach mbeidh an maoin ann don bpósadh. Ise a chuireann i luí ar a hathair dul san amhantar. 

Ansin baineann seisean feidhm as an bagairt a bheadh ar comhpháirtithe sa choir chun na gaolta a bhalbhú fad is atá sé ag deachtú uacht chun a leasa féin don dlíodóir (
Seramantio di Nicola, Fionn s'againne). 

Bhain mé taitneamh thar na bearta as an rud ar fad. Agus as an fleadhóg roimhe i ngairdíní iontacha an Chaisleáin!