Thaisteal muid chuig Schaffhausen na hEilvéise chun léiriú a fheiceáil san Stadttheater ansiúd.
2026-04-05
Dá mba andúileach í Mimi...
Thaisteal muid chuig Schaffhausen na hEilvéise chun léiriú a fheiceáil san Stadttheater ansiúd.
2025-10-24
Ora, a dhiabhal, preab san ól
2025-05-18
Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
2024-10-23
Dúisigí, arsa an Tiarna
Ní abhaile a chuaigh mé ar an Satharn ón mbád, ach go tigh m'athair arís - chun cinntiú go mbeadh sé in am chun dul linn go Loch Garman. Bhí Fionn imithe romhainn.D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.” '
Salm 110:1
2024-10-19
Idir shúgradh agus dáiríre....
![]() |
| Fionn Ó hAlmhain (Doktor) ⁊ Tom Butler (Wozzeck) |
Tá máistreacht san ceol Opera críochnaithe ag mo mhac Fionn agus tá sé anois i mbun cúrsa oiliúna dhá bhliain in Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain Shasana (mar ar bhain sé amach an máistreacht)
Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist, agus neart oibre. Ar mhaithe le snas a chuir ar an obair seo, agus chun obair na n-ábhar amhránaithe a thaispeáint, eagraítear taibhiú ar radhairc as Opera éagsúla. A leithéid sin a thug go Londain mé.
Roghnaítear na míreanna chun guthanna a léiriú agus chun dúshlán a thabhairt do na daltaí. Seacht gcinn de radhairc a bhí i gceist.
- Giacomo Puccini (1858-1924)
Radharc as Gníomh 4 de La bohème - Gioachino Rossini (1792-1868)
Gníomh 4, No. 20 & 21 as Guillaume Tell - Alban Berg (1885-1935)
Gníomh 1, Radharc. 4 as Wozzeck - Vincenzo Bellini (1801-1835)
Cavatina & Cabaletta as Gníomh 4 Radharc 1 de La sonnambula - Albert Lortzing (1801-1851)
Dísréad No. 2 as Der Wildschütz - Giacomo Puccini (1858-1924)
Dísréad as Gníomh 2 of Madama Butterfly - Leoš Janáček (1854-1928)
Dísréad as Gníomh 2 The Cunning Little Vixen
La bohème
- Rodolfo Owen Lucas
- Marcello Tom Butler
- Schaunard Anton Kirchhoff
- Colline Mikayel Sargsyan
Guillaume Tell
- Mathilde Abigail Sinclair
- Jemmy Caroline Blair
- Hedwige Charlotte Clapperton
Wozzeck
- Doktor Fionn Ó hAlmhain
- Wozzeck Tom Butler
La sonnambula
- Rodolfo Mikayel Sargsyan
Der Wildschütz
- Gretchen Abigail Sinclair
- Baculus Theodore McAlindon
Madama Butterfly
- Cio-Cio-San Grace Hope-Gill
- Suzuki Charlotte Clapperton
The Cunning Little Vixen
- Vixen Caroline Blair
- Fox Ruby Bak
2024-10-01
Damhsa aos sí i Sligeach
![]() |
2024-06-29
Caesar cóis Móire
2023-06-07
Mac an Bheatha cois Móire
2022-09-03
Semele
2022-06-02
Claisceadal Bhaile Nua
2021-09-04
Puccini cois Móire
2019-05-30
Chomh lán floisc le hábhair píobaire
Nuair atá do chlann ar an ollscoil is beag is féidir leat a dhéanamh le tacú leo (lasmuigh de chúrsaí airgid...).
Go háirithe má tá siad ag tabhairt faoi ábhar nach bhfuil scil agat féin inti.
Bhí gníomh deiridh sa chúrsaí céime roimh Fhinn inné. Cur i láthair ar a chumas ceoil. Scrúdú. Ní minic deis agat tacú le do mhac i scrúdú cinniúnach.
Ach ceolchoirm a bhí ann freisin agus mar sin bhí mo nuachar, m'iníon agus mé féin i Halla John Mc Cann i Rae Chatham inné i bhfochair an bpainéal scrúdaitheoir. Bhí cairde agus comhghleacaithe le Fionn ann freisin, agus daichead nóiméad aige le dul i bhfeidhm orainn.
Idir seinm agus cur i láthair. Tá ginealach an ceoil tábhachtach i measc aos ceoil traidisiúnta. "Fuair mé an bport seo ó sheinm ó leithéidí seo nó ó chnuasach a leithéidí siúd". Níos fearr fós má tá scéilín barrúil ag dul leis.
Tá aistir fhada curtha de ag Fionn ó spreag seinm Con Durham, beannacht Dé lena anam, é leis an deannach a bhaint de foireann cleachtadh píb a bhí ag a mháthair. Bhí deis aige roinnt a fhoghlaim ó Con sular sciob ailse eisean uainn.
Is mó máistir a d'fhoghlaim sé uaidh ó shin. Agus inné bhí dalta leis féin ag éisteacht...
Bhí tionlacan éagsúla aige le míreanna éagsúla agus na píob uilleann nó an fheadóg mhór á sheinm aige. Bodhrán (Jack Ó hAonghusa, a chomhbhádóir i Préachán). Mandola (Joey Doyle). Cláirseach (Rachel Ní Dhufaigh, chomhbhádóir eile). Batiste ón Fhrainc lena mhusette.
Bhí díséad na bpíb iontach maith. Chonaic ná méara ag saothrú ach ní raibh mo chluasa in ann idirdhealú idir ceol na bpíb uilleann agus an musette.
Ceol éadrom ard.
Codarsnacht ab ea an amhrán gan tionlacan a d'fhoghlaim sé ó Antaine Ó Faracháin, i. Leagan Chonnachta den mBonnán Buí. Véarsaí aige thar mar a chloistear go hiondúil.
Chuir sé na píob ag caint dúinn ansin. Scéal Cath Chéim an Ois ó 1649 agus Alastair Mac Giolla Choda (measaim!).
Máirseáil ann. Trumpa an fhogha. Caismirt na gClaíomh. Páirc an áir á chuardach. Bás gan choinne. Caoineadh na mBan - a mháthair Ultach, a bhuime Laighneach, a nuachar Mhuimhneach.
Bhí an seomra chomh meirbh go raibh na píob ag fulaingt agus giolcaigh as cruth.
Ach d'éirigh leis teacht go ceann scríbe le dhá fhonn Duibhneach, áit a bhfuair sé go leor ceoil thar na blianta. Port de chuid Cormac Bhegley agus Camino a athair Bhreandáin.
Tá súil agam go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar na scrúdaitheoirí!
2019-05-25
O Isis und Osiris....
I measc an seachtú cúig rud atá ar bun ag mo mhac Fionn faoi láthair, tá sé sa chór san Ceoldráma Die Zauberflöte atá léirithe ag an Irish National Opera.
Tá caidreamh fhada againn mar theaghlach le ceoldráma seo Mozart. Go deimhin bhí a mháthair i gcór na páistí san Staatsoper i mBeirlín Thoir. Fonn uirthi Papageno a shábháil ón gcroch.
Schöne Mädchen, denkt an mich,
Will sich eine um mich Armen,
Eh' ich hänge, noch erbarmen,
Wohl, so laß ichs diesmal seyn!
Rufet nur -- ja, oder nein!
Chonaiceamar san Staatsoper le chéile é sna 1990í i léiriú taibhsiúil ach sách traidisiúnta. Arís ins na 2000í i léiriú ciorruithe de chuid an Opera Theater Company, a bhí ag cuir ceoldrámaí ar stáitse an Pavilion le líon fíor bheag amhránaí - ceathrar measaim - agus ceoltóir.
Tá DVD againn le puipéid ag déanamh an aisteoireacht.
Tá na seacht n-aithne mar sin againn ar eachtraí Tamino, Pamina, Sarastro, Banríon na hOíche agus Papageno.
Bhí deis ag mo nuachar agus iníon é fheiceáil tráthnóna Déardaoin agus chonaic mé féin oíche Déardaoin é. (Mar sin ní fhacamar baileach an chliar céanna)
Tá léiriú Irish National Opera iontach spéisiúil. Tá an dráma lonnaithe acu i dteach mór Éireannach san ochtú aois déag. Cleas éifeachtach, go háirithe leis an stiúradh. Thug mé faoi ndeara ar dhóigh nach ndearna go dtí seo díreach cé chomh gránna atá na tuairimí i leith na mban a léirítear.
Léirítear Teampall Sarastro mar an rud a bhí in intinn Emanuel Schikaneder agus Mozart, eadhon cruinniú de chuid na masúin ag cuir cuma shollúnta ar club sotalach na bhfear.
Mar a sheasann Lukas Jakobski (Sarastro) cloigeann is guailne go corpartha ós cionn an chliar, ba suntasaí a chanadh is aisteoireacht. Iarracht de chruálacht lom á léiriú aige le miongháire sotalach ar a bheola.
Thug mé suntas freisin do Padraic Rowan (Sprecher) a bhí ag tabhairt dúshlán Sarastro le gothaí cúramach.
Ba é Gavan Ring (Papageno) áfach an laoch domsa. Gutmensch lán grinn. Dó féin a scríobh Schikaneder an ról seo an chéad lá agus bhí go leor spraoi ag baint le léiriú Gavan idir gothaí is greann.
Baineadh casadh as an deireadh nuair a shéan Pamina an chaille pósta is theith na deora léi. Ar ball tugann Tamino a bhrat chuici.
Bhí m'iníon fiosrach faoi cad a bhí i gceist. Bhí mearbhall áirithe orm féin. Tar éis mo mharana a dhéanamh, measaim gur diúltú don dtuiscint chúng ar ról fear agus bean a bhí ann.
Rud a léiríonn go dtig le healaíon casadh a bhaint as seanscéal ach fós bheith dílis don libretto! (Ní ciardubhán ab ea Monostratos ach oiread, cé nach ndeachaigh an casadh áirithe sin i bhfeidhm chomh maith céanna orm).
Oíche pléisiúrtha a bhí ann dom agus lón machnaimh freisin.
Tá áthas orm gur spreag a chanadh sean nós daoine Fionn a mhealladh i dtreo an ceoldráma. Gné eile dá chumas is mianach ceol á fhorbairt.
O Isis und Osiris, schenket
der Weisheit Geist dem angehenden Musiker !
Die ihr der Wandr’er Schritte lenket,
Stärkt mit Geduld ihm in Gefahr.
Laßt ihm der Prüfung Früchte sehen,...
2019-05-19
Préachán, Préachán ar an Áth
Int én bec
ro léic feit
do rinn guip
glanbuidi:
fo-ceird faíd
ós Loch Laíg,
lon do chraíb
charnbuidi.
Teanór é Stephen Walker agus chan sé roinnt Lieder le tionlacan méarchláir, as Iodáilis, Béarla agus Gearmáinis. Taispeántas snasta a thug sé uaidh agus líon a ghuth an seomra.
Ach níl sé ceart ná cóir sin a rá
Chuireadar clabhsúr leis an choirm tríd Stephen a thabhairt ar ais agus amhrán a chum Anraí VIII roimh teacht i gcoróin dó a sheinm - 'Pastyme With Good Companye'
Is cinnte gur deá chomhluadar iad chun tráthnóna nó níos mó aimsire a chaitheamh leo!
2019-05-03
Bis orat qui bene cantat
Tar éis titim bhalla Bheirlín fuair Thomas Richter, ealaíontóir, cuireadh taispeántas dá shaothar a chuir ar bun sa Ghaillimh. In Áras na nGael más buan mo chuimhne. Bhí an bhean a bhfuilim pósta léi i measc an dreama a chuaigh siar don seoladh. Tholg sí spéis sa cheol Gaelach.
Ag an am is ceol na meánaoiseanna a bhí á sheinm aici, ach go raibh ceol eaglasta á seinm roimhe sin aici. Rud a mheall isteach san eaglais Liútarach í agus í sna déaga déanacha.
An spéis sa cheol Gaelach a thug isteach i tábhairne Éireannach i mBeirlín í. Tnúthán an dúchais a d'fhág mise san áit céanna. Cinniúint? Pé scéal é chuamar le chéile chuig Féile ceoil Albanach san HdK go gairid ina dhiaidh sin. Catherine Anne MacPhee a rá go raibh thart ar dhá mhíle duine sa halla. An líon céanna a bhí ar a hoileán dúchais. Nár chan sí riamh d'oileán iomlán...
As an suirí d'eascair pósadh. As an bpósadh triúr clainne. Fionn duine acu.
Más buan mo chuimhne is leis an bhfeadóg stáin a thosaigh sé féin agus a dheartháir níos sine. Fearacht go leor.
Tá sé de nós againn ó 2003 saoire a chaitheamh i gCorca Dhuibhne. Is ann a casadh Con Durham, beannacht Dé lena anam, ar Fionn agus bhí sé spreagtha ag an bpíb uilleann. Tharla sé go raibh foireann cleachtadh píb ag Uta ón uair úd i mBeirlín agus chrom sé ar foghlaim. Fuair sé a chéad ceachtanna ó Chon agus muid ar saoire thiar. Bhí sé sáite i gcúrsaí Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Agus píobaireacht. Seachtain Willie Clancy i Sráid na Cathrach. Seo siúd is uile.
Áit éigin fán mbealach thosaigh sé ag canadh corr amhrán sean nóis.
(Bhí meascán ceoil i dtólamh le clos tí s'againne, Raidió na Gaeltachta agus carnán CD ilchineálach)
Ba léir gur le ceoil a rachadh sé san ollscoil. Agus rinne. Ceol traidisiúnta i DIT (Ollscoil teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois).
Uair éigin chuala duine éigin ag canadh é agus shantaigh a dhord don Claiscideal Clasaiceach. As sin fuadaíodh isteach i gcúrsaí Opera é.
Tá sé i mbliain na céime faoi láthair. Agus ag cleachtadh le cór Opera Ireland don Zauberflöte. (Ceol a chloistear go minic tí s'againne. Bhí a mháthair i gcór na leanaí sa Staatsoper fadó agus fonn uirthi Papageno a tarrtháil ó lámh a chuir ina bhás féin... Ein Mädchen oder Weibchen....) Ag scríobh tráchtas. Ag ullmhú do scrúdaithe. Gnóthach....
Ach aréir bhí mé in Eaglais Naomh Lorcán ar champas nua OTÁC. Fuinneog ghloine. An Croí Ró Naofa sa lár. Naomh Lorcán ar ar chlé uaidh. Naomh Dymhna ar a dheasláimh. Meabhrú gur ospidéal meabhairghalair a bhí i nGráinseach Gormáin tráth.
Bhí an Cumann Claiscidil ag cuir Aifreann Shollúnta Rossini i láthair. Tionlacan piano agus harmonium.
Bíonn Aifreann Laidine sa séipéal áitiúil maidin Sathairn agus éistim measartha minic é. Aifreann íseal gan cantaireacht gan amhras. Fágann sé áfach go bhfuil taithí agam ar Ghréigis an Kyrie, agus ar Laidin an Gloria, Credo, Sanctus. Tá an Salutaris Hostia féin cloiste measartha minic agam (éistim le cantaireacht Greagórach scaití).
Tá tuiscint measartha agam ar bhrí na focail. Ar ndóigh tá na paidreacha cloiste na céadta uair as Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis agam.
Ar dhóigh éigin áfach tá sollúntacht ar leith ag baint leis an Laidin.
Chóirigh Rossini nathanna agus frásaí ar leith, agus bhí píosaí áirithe á chanadh ag amhránaithe aonair nó grúpa amhrán aonair.
Níl fhios agam cé chomh domhain agus atá creideamh na n-amhránaithe, an ag guí chomh maith le ag canadh a bhí siad. (Ní bhaineann sé liom ar aon nós).
Ach bhí an oiliúint opera ag roinnt acu soiléir sa chur i láthair, in athchanadh nath cóirithe.
Bhí aria ag Fionn féin tógtha thart ar na focail Quoniam tu solus sanctus, tu solus altissimus, Jesu Christe (mar is tú amháin is naofa, is tú amháin is ró ard, Íosa Críost).
Chan Naho Koizumi soprano O Salutaris Hostia ina haonar freisin. Go gleoite. Le brí agus fuinneamh.
Mar sin, domsa, is taithí ar chúpla leibhéal a bhí ann. Daidí mórtasach. Éisteoir. Creidmheach.
Cáid cach ceól co cruit. (uasal gach ceol go gcomparáid le cruit é) a dúirt ar sinsir.
N'fheadar. Thabharfainn an chraobh don nguth oilte. A ardaíonn meanma. Go flaithis uaireanta.
Bis orat qui bene cantat. Urnaí faoi dhó a dhéanann an té a chanann go maith.
Nath a luaitear le hAibhistín.


