30 May 2019

Chomh lán floisc le hábhair píobaire

Nuair atá do chlann ar an ollscoil is beag is féidir leat a dhéanamh le tacú leo (lasmuigh de chúrsaí airgid...).

Go háirithe má tá siad ag tabhairt faoi ábhar nach bhfuil scil agat féin inti.

Bhí gníomh deiridh sa chúrsaí céime roimh Fhinn inné. Cur i láthair ar a chumas ceoil. Scrúdú. Ní minic deis agat tacú le do mhac i scrúdú cinniúnach.

Ach ceolchoirm a bhí ann freisin agus mar sin bhí mo nuachar, m'iníon agus mé féin i Halla John Mc Cann i Rae Chatham inné i bhfochair an bpainéal scrúdaitheoir. Bhí cairde agus comhghleacaithe le Fionn ann freisin, agus daichead nóiméad aige le dul i bhfeidhm orainn.

Idir seinm agus cur i láthair. Tá ginealach an ceoil tábhachtach i measc aos ceoil traidisiúnta. "Fuair mé an bport seo ó sheinm ó leithéidí seo nó ó chnuasach a leithéidí siúd". Níos fearr fós má tá scéilín barrúil ag dul leis.

Tá aistir fhada curtha de ag Fionn ó spreag seinm Con Durham, beannacht Dé lena anam, é leis an deannach a bhaint de foireann cleachtadh píb a bhí ag a mháthair. Bhí deis aige roinnt a fhoghlaim ó Con sular sciob ailse eisean uainn.

Is mó máistir a d'fhoghlaim sé uaidh ó shin. Agus inné bhí dalta leis féin ag éisteacht...

Bhí tionlacan éagsúla aige le míreanna éagsúla agus na píob uilleann nó an fheadóg mhór á sheinm aige. Bodhrán (Jack Ó hAonghusa, a chomhbhádóir i Préachán). Mandola (Joey Doyle). Cláirseach (Rachel Ní Dhufaigh, chomhbhádóir eile). Batiste ón Fhrainc lena mhusette.

Bhí díséad na bpíb iontach maith. Chonaic ná méara ag saothrú ach ní raibh mo chluasa in ann idirdhealú idir ceol na bpíb uilleann agus an musette.

Ceol éadrom ard.

Codarsnacht ab ea an amhrán gan tionlacan a d'fhoghlaim sé ó Antaine Ó Faracháin, i. Leagan Chonnachta den mBonnán Buí. Véarsaí aige thar mar a chloistear go hiondúil.

Chuir sé na píob ag caint dúinn ansin. Scéal Cath Chéim an Ois ó 1649 agus Alastair Mac Giolla Choda (measaim!).
Máirseáil ann. Trumpa an fhogha. Caismirt na gClaíomh. Páirc an áir á chuardach. Bás gan choinne. Caoineadh na mBan - a mháthair Ultach, a bhuime Laighneach, a nuachar Mhuimhneach.

Bhí an seomra chomh meirbh go raibh na píob ag fulaingt agus giolcaigh as cruth.

Ach d'éirigh leis teacht go ceann scríbe le dhá fhonn Duibhneach, áit a bhfuair sé go leor ceoil thar na blianta. Port de chuid Cormac Bhegley agus Camino a athair Bhreandáin.

Tá súil agam go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar na scrúdaitheoirí!

3 comments:

LiamOhA said...

Cuntas breá ar scrúdú!!!! Tá siúil agam go n-éireoidh go geal leis! Tá sé tuillte aige!!

Tom Weymes said...

Nach líofa, réidh a scríobhann tú, a Aonghus! (Cúpla focal, dár gciall a chaitheas measadh - 'nuachar', 'ailse', 'codarsnacht'). D'aithníos féin Fionn mar bhall den chóras ar ståitse an Gaiety cúpla sheachtain ó shoin, cé nárbh fhéidir liom ar ndoigh a ghuth aonair a chloisint.
Comgháirdeachas dó: guidhim saol ceoltóire dó - sásúil, taitneamhach - agus an oiread saibhris atá cothrom lena bhuanna!

Tom Weymes

aonghus said...

Buíochas!
Bhí gáire aonair le clos uaidh sa cheoldráma (an radharc agus na másúin ag plé glacadh le Tamino) ach seachas sin dord i measc na ndord ab ea é, mar is cuí.