Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-19

Idir shúgradh agus dáiríre....

Fionn Ó hAlmhain (Doktor)
⁊ Tom Butler (Wozzeck)

Tá máistreacht san ceol Opera críochnaithe ag mo mhac Fionn agus tá sé anois i mbun cúrsa oiliúna dhá bhliain in Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain Shasana (mar ar bhain sé amach an máistreacht) 

Tá aisteoireacht chomh maith le ceol i gceist, agus neart oibre. Ar mhaithe le snas a chuir ar an obair seo, agus chun obair na n-ábhar amhránaithe a thaispeáint, eagraítear taibhiú ar radhairc as Opera éagsúla. A leithéid sin a thug go Londain mé. 

Roghnaítear na míreanna chun guthanna a léiriú agus chun dúshlán a thabhairt do na daltaí. Seacht gcinn de radhairc a bhí i gceist.

 

 

  1. Giacomo Puccini (1858-1924)
    Radharc as Gníomh 4 de La bohème 
  2. Gioachino Rossini (1792-1868)
    Gníomh 4, No. 20 & 21 as Guillaume Tell
  3.  Alban Berg (1885-1935)
    Gníomh 1, Radharc. 4 as Wozzeck
  4.  Vincenzo Bellini (1801-1835)
    Cavatina & Cabaletta
    as Gníomh 4 Radharc 1 de La sonnambula
  5.  Albert Lortzing (1801-1851)
    Dísréad No. 2 as Der Wildschütz
  6. Giacomo Puccini (1858-1924)
    Dísréad as Gníomh 2 of Madama Butterfly
  7. Leoš Janáček (1854-1928)
    Dísréad as Gníomh 2  The Cunning Little Vixen
Tá amharclann ar leith i RAM, agus bhí suíochán breá agam san dara sraith, i lár báire. Seachas ceolfhoireann, bhí an tionlacan ar fad ar phianó (Leon Ruiyang Chen). Bhí an dearadh stáitse thar a bheith simplí - bord agus dhá chathaoir, agus cúpla mion phrapa eile. Na ceoltóirí iad féin a bhog na prapaí de réir mar ba ghá, é fite isteach san aisteoireacht nó iad ag teacht thar stáitse, fós "i gcarachtar" chun an chéad radharc eile a ullmhú. Bhí an soilsiú an-éifeachtach. Ag pointe amháin bhí iontas orm na hamhránaithe a fheiceáil le I-Padanna, Ceoltóirí ag léamh a gceol? Gan na focail ar eolas acu? Ach ar ndóigh bhí - ní raibh sna i-padanna ach cleas chun a n-aghaidh a shoilsiú ó thíos faoi sa chaoi is go raibh na cloigne gan colainn ar foluain sa dorchadas.

Ar an mórgóir bhí na feistis an-mhaith freisin , cé gur shíl mé go raibh sé thar fóir éide campa géibhinn a bheith ar Wozzeck - saighdiúir atá ann, ní brá. Bhí aontas idir stíl na feistis agus chabhraigh sin leis an leanúnachas idir na drámaí atá an-éagsúil dáiríre. 

Bhí na ceoltóirí uilig an-mhaith; ach chuaigh cuid acu i feidhm orm níos mó ná a chéile. 
 
Ar ndóigh, táim claonta, ach ní mise amháin a shíl Doktor Fhinn a bheith uafar éifeachtach. Agus Wozzeck Tom Butler foighneach éadóchasach faoi láimhseáil chruálach an dochtúra. Fiú iadsan nár thuig na focail Gearmáinise, thuigfeadh siad an t-olc agus an bagairt ón aisteoireacht agus an ceol.

Mheall sionnach baineann Caroline Blair mé - í idir mealltach agus cúthail agus dísréad rince, mothúcháin agus ceol idir í agus sionnach Ruby Bak. Iad ag teacht gar dá chéile ach ag léim siar ag an nóiméad deiridh. Mealltacht téisiúil gan aon agó.

Bhí gné eile den imirt céanna san allagar idir Gretchen Abigail Sinclair agus Baculus Theodore McAlindon. Ise ag éileamh, eisean ag gealladh - go pointe. Siar agus aniar, suas agus síos. Mealltacht agus dalbacht Gretchen ag cuir Baculus faoi bhrú, toisc a imní faoin toice sa chaisleán agus éad air féin.

Bhí sé níos fusa orm an canadh as Gearmáinis (Wozzeck, Wildschütz) agus Béarla a leanadh ná an Iodáilis - go háirithe do Guillaume Tell agus La sonnambula  - ceal eolas ar an bplota ginearálta. (Bhí sé de cheart agam amharc níos luaithe ar an gclár agus m'obair bhaile a bheith déanta agam).

B'fhiú an turas (fada) thar muir agus tír an ócáid cinnte!



La bohème

  • Rodolfo Owen Lucas
  • Marcello Tom Butler
  • Schaunard Anton Kirchhoff
  • Colline Mikayel Sargsyan

Guillaume Tell

  • Mathilde Abigail Sinclair
  • Jemmy Caroline Blair
  • Hedwige Charlotte Clapperton

Wozzeck

  • Doktor Fionn Ó hAlmhain
  • Wozzeck Tom Butler

La sonnambula

  • Rodolfo Mikayel Sargsyan

Der Wildschütz

  • Gretchen Abigail Sinclair
  • Baculus Theodore McAlindon

Madama Butterfly

  • Cio-Cio-San Grace Hope-Gill
  • Suzuki Charlotte Clapperton

The Cunning Little Vixen

  • Vixen Caroline Blair
  • Fox Ruby Bak