Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-03

Cathair na dTreabh





D'fhágamar Inis Meáin um ardtráthnóna agus thug aghaidh ar Ros a Mhíl. Turas níos faide ná aon ceann eile de na turais báid ach bád níos mó agus an fharraige, buíochas le Dia, ina léinseach. Thart ar uair an chloig más buan mo chuimhne an trasnú. Bhí fanacht orainn ansin ar an mbus go Gaillimh. Ach faoi dheireadh tháinig an bus agus bhaineamar an Gealchathair amach. Thugamar aghaidh ar an mbrú agus d'fhág an bagáiste ann.

Fuaireamar dinnéar i mbialann Áiseach lámh leis an mbrú.

Bhí socrú déanta agam le Cathal Seoighe casadh leis i dtábhairne agus go mbeadh fidil leis chun go bhféadfadh an déagóir seinm san seisiúin cheoil. Fad a bhí, bhí comhrá agam le Cathal, a chomhghleacaí Fintan agus dís ó Chymru.

Bhí seomra ceathrar sa bhrú againn dúinn féin. Leabaí bhunc. Bhí sé go deas gan a bheith ag codladh ar an talamh chrua.

An mhaidin dár gcionn chuamar ag lorg bricfeasta Éireannach chun go gcoinneoidh sé ag dul muid. Agus fuaireamar. 

Ceann de na cúiseanna go raibh an Ghaillimh ar ár gcúrsa beartaithe ná go raibh fonn le fada ar an déagóir cuairt a thabhairt ar Halla an Iarla Rua, iarsma ó na meánaoiseanna. Aon uair eile a bhíomar sa Ghaillimh bhí an áit iata. Sásaíodh an mian sin. Agus bhí an áit spéisiúil go deimhin.

Ní raibh aon éalú ansin ó siopa Charlie Byrne's. Nuair a bhí ár sáith póirseála déanta agus cúpla leabhar an duine ceannaithe, shiúl muid thart píosa agus fuair caoineog le n-ól.

Ar ais ag an mbrú ansin chun an bagáiste a fháil agus ansin fanacht ar bhus Cathair na Mart.