Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label camchuairt werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label camchuairt werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-08

Uisce thar talamh

Córas uisce Chnoc Mheilearaí 

Bhí cosán beartaithe agam do mo shiúlóid sna Cnoic Mhaoldomhnaigh, Slí Dhéagláin a leanacht go dtí pointe áirithe agus ansin gearradh trasna agus siúl fá na beanna. Ach ar mo shlí suas thug mé faoi deara slabhra taiscumair, agus bothán cuanna cloiche. Ansin chonaic mé go raibh conair go dtí an foinse marcáilte, agus go raibh an foinse marcáilte ar mo léarscáil ag cumar trí sruthán faoi bhun Cnoc na gCnámh. Bheartaigh mé an cosán a leanacht agus dreapadh uaidh sin.

Thug mé faoi deara go raibh an t-uisce anois i trinse a bhí gearrtha díreach trasna an portach. B'fhéidir troigh ar leithéid agus doimhne, leacracha faoi agus ar na taobhanna. Leac mar droichead thairis anois is arís.

De réir mar a tháinig mé i ngaireacht don bhfoinse, bhí m'ionadh ag borradh. Bhí an cuma air go raibh an uisce ag dul in aghaidh an fána. Agus bhí.

Ní raibh aon inneall i gceist áfach, is leor an domhantarraingt agus sruth an trí feadán ón sliabh chun an cnoc a shárú. 

Éacht innealtóireachta a cuireadh i gcrích, dar leis an leabhrán staire a cheannaigh mé sa siopa féiríní sa mhainistir, ag an bráthair Vincent Stapleton in 1887. Ní hamháin gur chuir an scéim fíoruisce ar fáil do na manaigh agus a bhfeirm ach bhí trealamh á thiomáint ag cumhacht an uisce - go díreach, agus go hindíreach tríd aibhléis a ghiniúint.

Ní cosúil go raibh aon oiliúint foirmiúil ar an mbráthair ach tá sé follasach go raibh samhlaíocht agus bua aige. 

Do chum glóire Dé.... 

2024-11-02

Ó do bhíos-sa lá 'bPort Láirge

Bhí mé i bPort Láirge thart ar a trí tar éis teacht ar an mbus ó Cheapach Choinn tríd Dún Garbhán. Ach ní raibh an traein le bheith ann do dtí 18:25, agus bhí an traein roimhe díreach imithe.
Bhí an bus gafa i Sráid Pharnell nuair a chonaic mé an litreoireacht cuanna ar fhoirgneamh tréigthe an CYMS. Bhí an bus ag stopadh i Sr. Pharnell cibé, mar sin léim mé de chun pictiúr níos fearr a fháil. Bhí sé i gceist agam aghaidh a thabhairt ar iarsmalann nó dhó ansin, agus greim bia d'fháil. 
Ach go tobann thuig mé go raibh mo hata fágtha ar an mbus agam. Abhae liom de thruslóga fada diana go dtí stáisiúin an bhus ar na céanna cois Siúire. D'aimsigh cigire. Reic mo scéal. Dúirt sé liom go raibh an bus díreach imithe - do Dún na nGall...
Ag magadh a bhí sé ar ndóigh, cé gur ghlac sé meandar orm sin a thuiscint. Ní fada go raibh mo hata ar mo cheann agus mé ag siúil ar ais i dtreo Túr Raghnaill. Shíl mé iarsmalann Lochlannach a bheith ansin. Bhí dul amú orm. Timpeall an chúinne i lána na mBráithre Liatha a bhí na hiarsmalanna. Réaltacht fíorúil a bhí i gceist leis an gceann Lochlannach, rud nach raibh fonn orm tabhairt faoi. Músaem na Meánaoiseanna mar sin.
Ó siléar na fíona thar cúpla urlár trí stair Gallda Port Láirge - an chuimse cairteacha a bhronn an Rí seo agus siúd ar buirgéisigh dílse na cathrach. Ina measc, an chéad cáipéis as Béarla in Éirinn - seachas Fraincis Normannach nó Laidin.
 
Claíomh ó Ré Chromail agus dealbha ó eaglaisí na Meánaois a chuireadh i bhfolach óna dhrong mar meabhrú nach i gcónaí a bhí dílseacht do Sasana chun leasa na cathrach. 

Gné amháin cineál Gaelach - fuinneog ina raibh éide Aifrinn de chuid Seathrún Céitinn. Agus cóip dá mhórshaothar - as Béarla! (R-phost scríofa faoi sin)

Chuaigh mé ag siúl na sráideanna ansin ag lorg greim bia. Is maith liom ealaíon sráide Phort Láirge - tá cuir chuige córasach acu tithe a mhaisiú. Faoi dheireadh chaith mé proinn i gCafé Goa ar na céanna, agus thug aghaidh ar an stáisiún traenach agus an mbaile.

Bheadh fonn orm filleadh agus súil a chaitheamh ar mhúsaem na hama, agus músaem an tórraimh. Agus an réaltacht fíorúil féin, b'fhéidir.

duibithir éc


Agus mé i Port Láirge (blagmhír níos iomláine ar na bacáin) chonaic mé an éide Aifrinn thuas arbh le Séathrún Céitinn, údar Foras Feasa ar Éirinn, é tráth. Níl an dath liotúirgeach dubh in úsáid mórán ón leasú a lean Vatacáin II - is túisce bán á chaitheamh ag Aifreann éagnairce, agus dearg ar Aoine an Chéasta. Ach inniu Féile na nAnamnacha  Uile. Bhí mé ar Aifreann. As Laidin a deir an sagart áitiúil Aifreann an tSathairn de ghnáth. Agus bhí éide dubh á chaitheamh aige. Dath an bháis agus an dobrón a leanann é.

duibithir éc. 

2024-10-21

Sruth an Eallaigh, Páirc an Leasrí agus Dochtúir Buile


Mise san amharclann, Fionn ⁊ Tom Butler (Wozzeck),
marbhshruth an bháid, cuntar tábhairne,
siopa 24 uair a chlog i gKilburn

Thug mé sciurd gairid ar Londain an tseachtain seo. Tá máistreacht bainte amach ag Fionn san amhránaíocht Opera, agus tá sé i mbun cúrsa dhá bhliana breis oiliúna. Toisc gur dord atá ann, tá breis forbairt de dhíth air.

Mar chuid den oiliúint, cuirtear radhairc as réimse Opera ar stáitse, mar a rinne mé cuir síos air sa bhlagmhír deireadh. 

Bhí mo shonuachar i láthair ag an ceolchoirm a rinne sé do dheireadh na máistreachta, inar chan sé i sé teanga agus ghnóthaigh céad onóracha. A bhuí le togra Dairíne Ní Mheadhra Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge bhí an Ghaeilge ar aon chéim ann le Iodáilis, Rúisis, Gearmáinis agus Sacs-Bhéarla. Thug John Kinsella cead do Fionn an trí amhrán a rinne sé féin a chóiriú dá ghuth - agus chan sé Bóithre Fada Bána Eoin Ó Tuairisc dá réir. (Bhí téama fánaíochta aige tríd síos)

Thug mé féin na bóithre orm féin. Ní raibh fonn eitilte orm, agus shocraigh mé ar bhád agus iarnród a úsáid arís. (112€ ar an dturas fillte as BÁC go Londain. Ní bheadh eitilt mórán níos saoire, cé go mbeadh sé níos gaiste.)

Bhí an bád ag seoladh um 08:00. Cé go mbeadh sé indéanta é a bhaint amach ó Bhaile an Chinnéidigh tríd bus luath a fháil, bheadh éiginnteacht agus strus i gceist leis sin. Shocraigh mé an oíche roimh ré a chaitheamh tí m'athair i dTír an Iúir. Luaigh mo nuachar liom go raibh Glasbhealach oscailte timpeall an chalafoirt. Os rúd é 
  1. gur mhúscail mé an-luath
  2. go raibh sé tirim
  3. go raibh gealach lán ann
  4. Go dtéann bus as tír an uair go dtí an Trá Thuaidh

shocraigh mé - ag an nóiméad deiridh - siúl ón Trá Thuaidh seachas bus eile a fháil ó lár na cathrach. Bhí neart ama agam toisc a luaithe is a mhúscail mé. Fuair mé bus 15 ó Thír an Iúir go dtí Droichead Newcomen.

Bhí mé tar éis éirí den mbus rud beag luath - is an Canál Ríoga seachas an Tulcha a thrasnaíonn an droichead. Ach bhí fuílleach ama agam. Lean mé orm suas an bhóthair go dtí gur shroich mé an Tulcha. Ar dheis fán mbruach ansin, chomh fada le Bóthar Alfie Byrne. Trasna an droichead. Thug aicearra tríd Páirc mé chomh fada le Park gnó an pointe thoir, agus tús an ghlasbhealaigh. Bhí taithí agam ar an gcosán cúng ar imeallbhord na páirce. Bhí mé ag obair sa pháirc gnó ar feadh roinnt blianta, agus ba chúrsa an cosán m'aclaíocht am lóin. Ainneoin na gealaí, bhí sé dorcha go maith idir na crainn. Bhí sé ina lagthrá, agus bhí glaocha diamhaire na éin mara ag cuir leis an uaigneas. Bhí cúpla lóchán ar an gcosán. 

Bhain mé deireadh na páirce gnó amach faoi dheireadh. Cosán nuadhéanta a bhí anois fúm, leathan go leor do choisithe agus rothaithe. Agus soilsithe go maith. 
Ceapacha bláthanna ar an imeall, neart poipíní. Fógraí eolas nár thug mé mórán aird orthu. Dónall Ó Conaill ina measc!

Ní fada go raibh mé ag an mbád, ticéad faighte, mála droma scaoilte isteach i mbolg an bháid agus mé ag ithe céadphroinn friochta ar boird. 
 
Thart ar meán lae a bhaineamar Caer Gybi amach. Bhí beartaithe agam traein díreach ó thógáil go Euston - ach is amhlaidh go raibh fuarlaigh thart ar Crewe agus moill ar traenacha, nó iad ar ceal ar fad. D'fhág príobháidiú na n-iarnróid san Ríocht Aontaithe na comhlachtaí éagsúla i bhfeighil codanna éagsúla, agus deacrachtaí cumarsáide dá réir. B'é an comhairle is fearr a bhí ar fáil ná dul ar an dtraein chomh fada le Caer agus comhairle a lorg ansin! Bhí dornán de na coisithe ón mbád ag tabhairt faoin aistear céanna, agus is mar mheitheal a bhogamar ar aghaidh. I gCaer dúradh linn dul i dtreo Leeds chomh fada le Warrenpoint Bank Quay. Leathuair d'fhanacht ansin, agus ansin traein (plódaithe) go Euston. De shiúl na gcos ansin go dtí Acadamh Ríoga an Cheoil, áit a raibh mé díreach in am eochair a fháil ó Fionn sula raibh air dul ar stáitse.
 
 Thóg mé bus ansin go dtí Kilburn, agus lóistín Fhinn, d'fhonn fáil réidh leis an mála droma. Faoin am a d'fhill mé ar RAM bhí an ceolchoirm thart agus chuaigh Fionn is mé féin le roinnt de hoirfidigh eile chun béile a fháil. Comhrá mar anlann leis. Ar ais go dtí lóistín Fhinn ansin, buidéal leanna ón mBeilg agus leaba. 

Maidin Aoine ansin, Fionn fós ina thromshuan, chuaigh mé ag lorg céadphroinn. Phrioc an t-ainm d'Accord m'fhiosracht nuair a d'fhiafraigh mé do Google cá bhfaigheann bricfeasta. Bhí dhá chupán caife agam, ceapaire agus croissant. Agus comhrá deas bríomhar leis an Spáinneach agus an duine de bhunadh na hÉireann a bhí i bhfeighil. An sméar mullaigh leis an ceapaire - síotaicé briosc triomaithe

Shiúl mé na sráideanna tamall ansin, agus d'éist Aifreann a deich. Sagart ón India, pobal ó gach cearn. Faoin am sin bhí Fionn ina shuí. Bhí mé tar éis suntas a thabhairt do siopa beag níocháin, agus fiosrú faoi léine a fháil glanta agus smúdáilte in am don gceolchoirm tráthnóna. Rinneadh amhlaidh ar 5£, agus síneadh láimhe de punt a shíl mé bheith ag dul dó toisc gur chuir mé faoi bhrú é bheith ullamh roimh a haon. Bhailigh Fionn leis le ullmhú don gceolchoirm um a trí, agus d'fhan mise tamall go dtí go raibh sé in am an léine a bhailiú. Ghléas mé mé féin ansin i gcasóg agus bríste a fuair mé ar iasacht ó Fionn, agus mo léine agus carbhat féin.

Ar aghaidh liom ansin de shiúl na gcos. Tá ard bhóthair Kilburn (Sruth an Eallaigh na Sacsan seachas Cill Uí Bhroin Gaelach) lán le siopaí beaga ilchineálacha - bia, éadach, leictreonaic. Chonac siopa éisc le humar amháin lán gliomaigh agus ceann eile lán portán. Siopaí eile agus cairn móra arda de ghlasraí agus torthaí úra lasmuigh agus an iliomad earra tirim istigh. Chuaigh mé ag póirseáil i siopa amháin arbh geal le pluais Aladin é - seilfeanna arda, dorchlaí a bhí ar éigin ar leithead duine agus earraí ó bhonn go barr ó gach cearn den domhan. Cheannaigh mé roinnt féiríní ann.

Ar aghaidh liom ansin i dtreo RAM, ag gearradh tríd Páirc an Leasrí. Bhí an lá go hálainn. Sráideanna deasa tithe sraithe, ag dul i ngalántacht de réir mar a dhruid mé le Páirc an Leasrí. Bhí mé in am maith le mo shuíochán a ghlacadh don taibhiú - cuir síos déanta agam ar sin anseo.

In dhiaidh sin threoraigh Fionn mé chuig siopa ar leith chun peann nua a cheannach don déagóir, agus ansin chuamar ag ól! Agus ar deireadh in éineacht le compánach dá chuid ag ithe, san YMCA Indiach. Líonadh goile ar bheagán airgid. An dóigh cuí le n-ithe foghlamtha ag Fionn ó chomhscoláire - chloí mise le sceanra agus nós an Iarthair! 

Piúint eile san Jackalope agus ansin bhí sé in am ag Fionn brostú chuig an aerfort. Chuaigh mise ar ais ag an lóistín agus chodail. An maidin dar gcionn bhí sé ag ceobhrán. Thóg mé an Bus go Sráid Baker agus shiúil as sin go Euston. Ba cuimhin liom ó mo chamchuairt deiridh go raibh bricfeasta ar fáil lámh leis an stáisiúin.  Líon mé mo ghoile, agus d'fhan ar a traein díreach go Caer Gybi - ní raibh aon deacracht an uair seo. Cuireadh moill bheag ar an traein cgl ach ní raibh aon bhaol ann nach mbeinn in am don bád. 

Bhí an uain iontach agus bhí radharcanna maithe ar Chualann, Beann Éadair agus Cuan Duibhlinne agus muid ag druidim le ceann scríbe. Bhí an bus imithe faoin am ar éirigh liom tuirlingt den mbád. Fuair mé tacsaí agus Aifreann 18:30 i Seipéal San Seosamh ar an mBalla Thoir. Sagart ón India arís - ach bheannaigh sé as Gaeilge, agus dúirt Kyrie agus Paidir as Gaeilge freisin.

Ag sin eachtra Aonghusa i Londain



2024-10-03

I bpoll sa talamh.....

“I bpoll sa talamh a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”



Bhí iomrá faighte ag an déagóir ar Poill Hobad glampáil Mhaigh Eo. Agus an áit roghnaithe mar sprioc don gcamchuairt againn. 

Thug bus chomh fada le Caisleán an Bharraigh muid. Ach bhí an ionad deich gciliméadar as sin. Tacsaí dá réir.... 

Clachan beag tithe saoire, cúpla poll hobaid. Cúpla botháin eile, cuma éagsúla orthu - díon géar. An ríchathaoir iarainn mar leithreas i mbothán eile! 

Bhí ár bpoll hobaid cluthar. Bhí cistin san ionad chomh maith le seomra ceathanna agus tobán te nó dhó.

Daoine gnaíúil an úinéir, an clachan turasóireachta tógtha aige chun breis ioncaim a aimsiú don bhfeirm. 

Chomh maith leis an cistin bhí oigheann dóite adhmaid aige agus réitigh sé Pizza dúinn agus do roinnt eile a bhí ann. Clann as Árainn ar saoire deireadh seachtaine le teaghlach eile ó tír mór, lánúin de bhunadh deisceart na hIndia, lánúin ón Fhrainc agus leanbh óg.

Tar éis dúinn an Pizza a chaitheamh chuamar go dtí ár poll hobaid. Isteach sa leaba linn. Ba de dhéantús Samsung an teilifís ar an mballa. Rud a d'fhág ar ár gcumas scannán a chaitheamh air ón guthán glic. Ceann éigin aicsean as ceárta Marvel a bhfuil an déagóir tugtha dóibh. 

Chodail muid go sámh san ionad teolaí cluthar.

An maidin dár gcionn thug an úinéir ina charr muid agus ár bagáiste chomh fada le Músaem saol na Tuaithe. Bagáiste sa chúinne. Céadphroinn sa bhialann ann, agus ansin cuairt ar an Músaem. Nithe spéisiúla ann. Troscán agus trealamh déanta as tuí. Taispeántas ar leith faoi bheacha. Móg! Giuirléid agus troscán ó chineáil éagsúla tithe tuaithe agus gairmeacha beatha éagsúla.

Chaitheamar cúpla uair taitneamhach ann. Bhí sé beartaithe againn an bus Nasc áitiúil a fháil go Caisleán an Bharraigh. Bhí sé ceaptha fágáil ó gheata an Mhúsaeim. Ach ní raibh sé soiléir cén áit go baileach - ní raibh stad bhus le feiceáil. Agus muid ag fanacht (bhíomar ann i bhfad roimh am) d'fhiosraigh muid an cheist le bean a bhí tagtha ag siúl a madra i bPáirc an Tí Mhóir ina bhfuil an músaem. Ní raibh fhios aici, ach dúirt sí go raibh sí ag dul go Caisleán an Bharraigh cibé agus dá mbeadh muid fós ann nuair a bhí an siúlóid déanta go dtabharfadh sí síob dúinn.
Bhíomar, agus rinne - cé go ndúirt sí linn agus muid ag tuirlingt ag an stáisiún traenach gur thug sí a héitheach - gur san treo eile a bhí sí ag dul!

Traen go Heuston. Luas go Busáras. Bus abhaile. 

Agus críoch leis an gcamchuairt agus an saoire. 

Finit. 

Cathair na dTreabh





D'fhágamar Inis Meáin um ardtráthnóna agus thug aghaidh ar Ros a Mhíl. Turas níos faide ná aon ceann eile de na turais báid ach bád níos mó agus an fharraige, buíochas le Dia, ina léinseach. Thart ar uair an chloig más buan mo chuimhne an trasnú. Bhí fanacht orainn ansin ar an mbus go Gaillimh. Ach faoi dheireadh tháinig an bus agus bhaineamar an Gealchathair amach. Thugamar aghaidh ar an mbrú agus d'fhág an bagáiste ann.

Fuaireamar dinnéar i mbialann Áiseach lámh leis an mbrú.

Bhí socrú déanta agam le Cathal Seoighe casadh leis i dtábhairne agus go mbeadh fidil leis chun go bhféadfadh an déagóir seinm san seisiúin cheoil. Fad a bhí, bhí comhrá agam le Cathal, a chomhghleacaí Fintan agus dís ó Chymru.

Bhí seomra ceathrar sa bhrú againn dúinn féin. Leabaí bhunc. Bhí sé go deas gan a bheith ag codladh ar an talamh chrua.

An mhaidin dár gcionn chuamar ag lorg bricfeasta Éireannach chun go gcoinneoidh sé ag dul muid. Agus fuaireamar. 

Ceann de na cúiseanna go raibh an Ghaillimh ar ár gcúrsa beartaithe ná go raibh fonn le fada ar an déagóir cuairt a thabhairt ar Halla an Iarla Rua, iarsma ó na meánaoiseanna. Aon uair eile a bhíomar sa Ghaillimh bhí an áit iata. Sásaíodh an mian sin. Agus bhí an áit spéisiúil go deimhin.

Ní raibh aon éalú ansin ó siopa Charlie Byrne's. Nuair a bhí ár sáith póirseála déanta agus cúpla leabhar an duine ceannaithe, shiúl muid thart píosa agus fuair caoineog le n-ól.

Ar ais ag an mbrú ansin chun an bagáiste a fháil agus ansin fanacht ar bhus Cathair na Mart. 

2024-10-02

Inis Méain na bpabhsaeir


Is dóigh liom gur Twaithne a chuir mé ar Aedín Ní Thiarnaigh i dtosach, í ag scaipeadh scéalta na mbláthanna fiáine ann agus ar na meáin. Bhain mé an taitneamh as an sraith cláracha a rinne sí ar TG4 faoi na bláthanna. Bhí fhios agam go raibh siúlóidí bláthanna á dhéanamh aici ar Inis Meáin agus chuaigh mé i dteagmháil léi chun ceann a shocrú.

Bhíomar le bheith ann go moch ar maidin, agus Aedín gafa ag teagasc go dtí am lóin. Nuair a d'fhiosraigh mé cad a d'fhéadfaí a dhéanamh leis na málaí móra agus an puball idir an dá linn, thairg sí dúinn iad a fhágáil tí s'aici. Ní bheadh sí féin ann, ach bheadh a páirtí tí. Bhíomar buíoch. Ní hamháin go raibh deis againn fáil réidh leis an dtromualach, ach fuaireamar cupán tae!

Chuamar ag spaisteoireacht dúinn féin ansin, go dtí Leaba Diarmada agus Gráinne i dtosach. Ní raibh an cromleach chomh suntasach agus a shíl mé go mbeadh ach bhí na leaca loma aolchloiche thart air! Thugamar aghaidh ar an siopa ansin, toisc nach raibh céadphroinn ceart caite againn. Is nós liom buaileadh isteach i séipéil ar mo shiúlta ar aon nós, ach bhí fhios agam go raibh fuinneoga Harry Clarke ann agus b'shin cúis breise.

Ansin tharraing fógra do Theach Synge ár n-aird. Isteach linn. Sean teach athchóirithe lán de cuimhneacháin. Bhí dreas spéisiúil comhrá againn le gariníon nó b'fhéidir fionnó leis an lánúin a thug aíocht do Synge san tigh céanna.

Thugamar aghaidh ansin ar Dhún Chonchúir. Ag dreapadh ar na ballaí agus ag baint lán ár súl as tír agus muirdhreach.

Bhí sé in am faoi sin casadh ar ais go tí Aedíne. Nuair a bhaineamar amach an teach áfach rinne an déagóir ceannairc. Bhí barraíocht siúl déanta! Ní raibh fonn orthu tabhairt faoi siúlóid eile, fiú chun eolas a chur ar bhláthanna fiáine an oileáin. B'shin sin.

Mar sin, is amhlaidh a rinneamar ceol agus caidrimh le hAedín agus a páirtí tí Úna Ní Fhlannagáin, cruitire. Ní raibh uirlis ag an déagóir, ach bhaineadar ceol as feadóg stáin a fuaireadar ar iasacht. 

Agus bhronn Aedín leabhrán an duine orainn sular thug sí muid ina carr chomh fada leis an gcé. Chaitheamar seal cois cladaigh sular tháinig bád na Gaillimhe. 

Lá dar saol. 

Ar ghearrán iarainn go Dún Aonghusa

Go hÁrainn a chuaigh muid ó Inis Oírr. Bhí sé ina hardtráthnóna nuair a shroicheamar Cill Rónáin. Bhí beartaithe againn aghaidh a thabhairt ar Dhún Aonghusa. Shíl mé go mba críonna an mhaise é rothar beirte a chuir in áirithint - ní dhearna an déagóir mórán rothaíochta ó bhí siad an óg, agus ní raibh mise ar rothar le blianta. Ach ar rothar beirte bheadh muid le chéile ar aon nós! D'fhágamar na málaí san ionad glampála is campála gar don gcé, agus bhailigh an rothar.
Ba mhaith an beart é, ach go raibh dearmad déanta agam go mbeadh rothar fruilithe caite go maith. Bhí na giar caite go maith, agus ag sciorradh anois is arís. Thóg sé tamall go dtí go raibh socrú measartha aimsithe agam. Ar aghaidh linn ar an mbóthar íseal. Bhí cnoc géar le sárú i dtosach i Cill Rónáin féin. Suas agus síos ansin, muid ag streachailt scaití. Agus leathbhealach curtha dínn againn, shíl mé nach mbainfimis ceann scríbe amach ar chor ar bith! Ach shocraimear isteach ar an rothaíocht agus bhaineamar ceann scríbe amach faoi dheireadh. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh costas isteach ar an lá a bhíomar ann, agus shiúlamar suas go barr na haille. Bhaineamar lán ar súil as an radharc. Bhí sé ag éirí déanach áfach agus bhí an bóthar ar ais le dul fós. Síos linn arís agus ar ais an bhóthar íseal. Bhí rithim níos fearr againn, agus níor bhain mé leis na giar!

I gCill Rónáin arís, thóg muid an puball agus thug aghaidh ar Tí Joe Watty don dinnéar. Bhí sé gnóthach go maith. Foireann ó lár na hEorpa. Agus fear óg amháin áitiúil a thug mo mhias diúilicíní chugham. Bhí an áit lán, agus is ag cúinne boird le turasóirí ón nGearmáin a bhíomar. Bhí an béile blasta. Agus an leann - de dhéantús Conamara.

Ar ais go dtí an pobal agus codladh sámh na hoíche. Ní raibh mé chomh righin an lá dár gcionn is a shíl mé go mbeadh! D'éirigh muid go luath agus thug aghaidh ar an gcé agus bád Inis Méain. 

2024-10-01

Camchuairt Inis Oírr

Dhúisigh an ghrian agus cruas an talamh fúm go moch mé, agus shleamhnaigh mé amach as an bpuball d'fhonn gan cuir as do shuain an déagóra. Thug mé faoi camchuairt imeall an Oileáin, tuathal. Ar bhóithre i dtreo raic an Plassey i dtosach, ansin fán duirling agus na creaga timpeall cúl an oileáin.

Bhí an aimsir go breá. 


Shiúl mé romham le fonn. Bhí an siúl ar chúl an oileáin dúshlánach go maith, ar leaca agus duirling (bhí an taoide íseal agus an ghaoth lag, nó bheadh sé i bhfad níos dúshlánaí!) Níor rug an fearthainn orm go dtí go raibh mé ar ais ar an mbóthar ar Iarthar an Oileáin. Ghearr mé isteach ón gcósta ansin toisc gur phrioc fógra maidir le tobar beannaithe m'aird. 

Thart ar dhá uair an chloig a thóg an camchuairt orm. Bhí an déagóir ina dúiseacht faoi sin, agus cheannaigh muid ábhar bricfeasta san siopa. Tar éis bricfeasta chuaigh an bheirt againn ag siúl arís, suas chuig Caisleán Uí Bhriain agus ansin trasna go dtí an Plassey arís. 

Ansin bhaineamar anuas an puball agus chuaigh ag feitheamh ar bhád Árainn. Bhí orainn roinnt Fudge a cheannach cois cé!