Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label údarás na giolcaireachta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label údarás na giolcaireachta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-02

Inis Méain na bpabhsaeir


Is dóigh liom gur Twaithne a chuir mé ar Aedín Ní Thiarnaigh i dtosach, í ag scaipeadh scéalta na mbláthanna fiáine ann agus ar na meáin. Bhain mé an taitneamh as an sraith cláracha a rinne sí ar TG4 faoi na bláthanna. Bhí fhios agam go raibh siúlóidí bláthanna á dhéanamh aici ar Inis Meáin agus chuaigh mé i dteagmháil léi chun ceann a shocrú.

Bhíomar le bheith ann go moch ar maidin, agus Aedín gafa ag teagasc go dtí am lóin. Nuair a d'fhiosraigh mé cad a d'fhéadfaí a dhéanamh leis na málaí móra agus an puball idir an dá linn, thairg sí dúinn iad a fhágáil tí s'aici. Ní bheadh sí féin ann, ach bheadh a páirtí tí. Bhíomar buíoch. Ní hamháin go raibh deis againn fáil réidh leis an dtromualach, ach fuaireamar cupán tae!

Chuamar ag spaisteoireacht dúinn féin ansin, go dtí Leaba Diarmada agus Gráinne i dtosach. Ní raibh an cromleach chomh suntasach agus a shíl mé go mbeadh ach bhí na leaca loma aolchloiche thart air! Thugamar aghaidh ar an siopa ansin, toisc nach raibh céadphroinn ceart caite againn. Is nós liom buaileadh isteach i séipéil ar mo shiúlta ar aon nós, ach bhí fhios agam go raibh fuinneoga Harry Clarke ann agus b'shin cúis breise.

Ansin tharraing fógra do Theach Synge ár n-aird. Isteach linn. Sean teach athchóirithe lán de cuimhneacháin. Bhí dreas spéisiúil comhrá againn le gariníon nó b'fhéidir fionnó leis an lánúin a thug aíocht do Synge san tigh céanna.

Thugamar aghaidh ansin ar Dhún Chonchúir. Ag dreapadh ar na ballaí agus ag baint lán ár súl as tír agus muirdhreach.

Bhí sé in am faoi sin casadh ar ais go tí Aedíne. Nuair a bhaineamar amach an teach áfach rinne an déagóir ceannairc. Bhí barraíocht siúl déanta! Ní raibh fonn orthu tabhairt faoi siúlóid eile, fiú chun eolas a chur ar bhláthanna fiáine an oileáin. B'shin sin.

Mar sin, is amhlaidh a rinneamar ceol agus caidrimh le hAedín agus a páirtí tí Úna Ní Fhlannagáin, cruitire. Ní raibh uirlis ag an déagóir, ach bhaineadar ceol as feadóg stáin a fuaireadar ar iasacht. 

Agus bhronn Aedín leabhrán an duine orainn sular thug sí muid ina carr chomh fada leis an gcé. Chaitheamar seal cois cladaigh sular tháinig bád na Gaillimhe. 

Lá dar saol. 

2017-10-20

Croí phobal na Gaeilge ar Twitter?

Le déanaí tá Tuairisc ag iarraidh tátal a bhaint as cnuasach sonraí agus taighde Kevin Scannell ar Twitter agus an Ghaeilge. Tá eolas luachmhar sa chnuasach ag Kevin, a bhfuil achoimre de ar fáil ag
http://indigenoustweets.com/ga/. Ach ceist eile conas croí phobal a thomhais.

Tá gá le slat tomhais éigin, agus roghnaigh Kevin an céatadán giolc i ngaeilge agus tairseach 66%. D'fhág sin cuid mhór daoine a bhím féin ag plé as Gaeilge go laethúil as an áireamh, toisc go mbíonn comhráití eile as Béarla acu, nó go mbíonn go leor giolc as Béarla á athghiolcadh acu, nó an úsáid á bhaint acu as gifeanna.

Tá Twitter mar a bheadh teach tábhairne glórach, daoine ag sleamhnú ó chomhrá go comhrá. Tá sé de nós agam féin gan ach Gaeilge a labhairt, toisc gurb é sin an chúis go bhfuilim ann. Ach bím ag leanacht scata cuntas as Béarla, (agus teangacha eile) a thagann le mo spéiseanna - spás, teicneolaíocht faisnéise, litríocht, nathaíocht. Sách minic spreagann giolc ach comhrá i nGaeilge. Tá comhrá leanúnach faoi intleacht shaorga ar bun idir @Murchadhmor @tomairua agus mé féin, altanna á bhabhtáil againn. Le déanaí mhuscail giolc le @neilhimself mo spéis i @nnedi agus d'eascair comhrá le @olamajekodunmi1 as sin. Bíonn roinnt comhrá macarónach agam, mise ag giolcadh as Gaeilge, an té a bhfuilim ag allagar leo as Béarla.

Fearacht teach tábhairne freisin tá daoine ann nach bhfuil fonn orm caint leo, agus iad balbhaithe nó fiú blocáilte dá réir. Mar atá san fíor saol, ní pobal amháin lucht labhartha Gaeilge Twitter, ach scata pobail, agus daoine ar leith ina nascanna idir phobail.

Measaim gur thug an graif a scaip @kscanne de na comhráití pictiúr sách soiléir, ainneoin go raibh daoine áirithe ar lár de bharr an cuóta 66%.

Níl mórán eolas agam ar mhatamaitic na graif, ach shamhlóinn go mbeadh sé spéisiúil graif na comhráití ag sciar de na Gaeilgeoirí is béalscaoilte ar Twitter a iniúchadh, ag tosú leo mar nód agus ag rianadh na nascanna @ ina gcuid giolc agus na freagraí iontu.

Níl fhios agam an bhfeadfaí é sin a dheánamh go huathoibríoch nó an gá an léitheoir daonna fós.

Tá machaire taighde ansin, agus go leor nithe eile le scagadh.

Thug mé suntas dó go raibh Ciarán Ó Feinneadha ag léiriú spéiseanna Fheargal Uí Chuilinn (suaimhneas síoraí ar a anam) tré sampla dá ghiolc a úsáid.

Tá cnuasach Khevin luachmhar agus ábhar go leor taighde ann!