Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-10-24

Ora, a dhiabhal, preab san ól

Tá Fionn s'againne i Londain le cúpla bliain, i mbun máistreachta sa chantaireacht Opera i dtosach, agus anois i mbun cúrsa dhá bhliana iar mháistreachta.

Mar chuid den gcúrsa cuirtear ar stáitse iad in Opera. Ach ní fhaigheann gach guth sa rang na deiseanna is dúshláin céanna in Opera - is annamh ról lárnach do chách.

Mar sin, bíonn ceolchoirm eile le radharc as scata Opera d'fhonn deis a thabhairt do gach guth cumas a léiriú. Níl saineolaí mé, agus ar aon nós tá mé claonta. Tuairisc seachas critic atá anseo dá réir. 

Bhí mé in Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain Dé hAoine seo caite dá réir, do Radharcanna Opera an Fhómhair. 

Dhá aria a bhí le canadh agus le haisteoireacht ag Fionn - aria Ralph ó La jolie fille de Perth le Bizet. Druncaeir ag caoineadh a chás agus deacrachtaí an ghrá. 

Bhí sé le clos ag béiceadh as Rúisis mar Tsar agus a chomrádaí Pavel Basov ag canadh aria Pimen ag múscailt ciontacht Boris Godunov Mussorgsky. 

Agus ansin b'é an diabhal i riocht Dr. Miracle é, ag mealladh le dul thar a neart ag canadh  Les contes d’Hoffmann. 

Sé an chaoi gur minic dord dalba nó ina drochdhuine ar stáitse! 

Bhí na radhairc ar fad tugtha le chéile go maith, an athrú ó radharc go radharc glan ainneoin athrú stíle, ré agus teanga bheith eatarthu. (Bíonn stiúrthóirí agus an gcuid eile den fhoireann faoi oiliúint freisin). Tionlacan pianó a bhí ann seachas ceolfhoireann iomlán, ach ní bhaineann sin de - tugann sé deis níos fearr do na guthanna seasamh amach. 

B’fhiú an turas é. (Aerthuras an uair seo ceal laethanta saoire agus am).