Seo an dara cnuasach filíochta le Laoighseach Ní Choisdealbha atá foilsithe ag Barzaz. Bhí mé tógtha le Solas geimhridh. Tá Mainistir na Feola iontach láidir freisin. Dánta ina bhfuil sé follasach gur ó dhearcadh baineann a scríobhadh. Neamhleithscéalach. Colainneach, uaireanta miangasach, i dtólamh lán íomhánna láidre. Rabhadh sláinte do mo leithéid ann, agus greann dóite.
Baineannach Fireann
A fhir chóir!
Bí cúramach is tú ag léamh na filíochta seo.
Tá seans ann go dtógfaidh tú
an bhandacht
ón dán
mar a bheadh deilgneach ann.
...
Agus freisin
tá suim mhíchuí agam i gcónai
i rudaí fearúla,
de réir na ndánta:
an saol, an fhilíocht,
an grá féin.
Déantús an dáin faoi chaibidil i roinnt de na dánta, allagar samhailteach freisin le filí eile fearacht Biddy Jenkinson (ábhar PhD Laoighseach) nó Colm Breathnach agus a ghéag taosctha.
Dearbhú ar an méid atá ráite ag scríbhneoirí eile - mar a dúirt Diarmuid Johnson le déanaí - go mbíonn an scríbhneoir cráite mura bhfuil sé ag scríobh le sruth na smaointe a ídiú.
Dánta eile ag plé leis an gcolainn agus a aicíd. Dán fíor phearsanta Scrúdú a haistríodh agus a bhuaigh duais.
An dán fada Mainistir na Feola ag plé le gearradh meaill as colainn ach é ar maos le tagairtí agus machnaimh, ar chiontach, ceap milleán agus miangas.
Baintear feidhm as an gcreideamh Chaitliceach ar bhealaí cruthaitheach. Ós pápaire mé féin, ní raibh mé ar mo chompord uilig leis sin, go háirithe athinsint miangasach ar Theachtaireacht an Aingil, bunaithe air phictiúr le Henry Ossawa Tanner sa dán Gan smál. (Mhúscail an teideal an saoithín ionam freisin, ní do choimpeart Íosa a thagraíonn Giniúint gan smál, ach don dóigh a chaomhnaigh Dia a mháthair ó smál pheaca an tsinsir, reamhthoradh a pháise.)
Tá an t-aon aistriúchán san aicme seo freisin, dán Naomi Shihab Nye faoi atrua d'Íosa maidir leis na daoine uilig a shíleann labhairt ar a shon. Thaithin an dán sin, agus an dán faoi Iúdás, á ghlanadh a cháil seisean, níos fearr liom.
Spreag 蛸と海女 Tako to Ama dán anghrách, ag samhlú gliúcalaí baineann ar an láthair, an miangas atá san saothair á iniúchadh trí priosma baineann (téacs íomhá Hokusai fite tríd chomh maith leis an íomhá).
Dán fhada ag logánú seanscéal iontais a fuair sí via scannán Ghibli かぐや姫の物語 scéal an bhanphrionsa Kaguya Aimsithe sa phortach. Cíortar éirí in airde, grá agus saint, miangas agus maoin.
Nuachainteoir ón Lagáin í Laoighseach, agus sa chnuasach seo arís cíortar caidreamh teangan, teanga a tógáil agus teanga a Bé, a shamhlaíonn sí fireann.
Cnuasach láidir. Táim lánchinnte go saibhreas tagairt ann a bhfuilim féin, tuatach, dall orthu. Fuair mé sásamh ann ámh agus is breá liom an spreagadh anoir a d'úsáid sí. (Fios curtha agam ar scannán Ghibli ón leabharlann).
Cosa i bportach agus eibhir an áit thiar, rútaí sa Lagáin ach samhlaíocht idirnáisiúnta. Dearcadh baineann ag déanamh spior spear le greann séimh de chinnteacht mascalach. Neamhspleách. Misniúil fiú agus í ag iomrascáil le ceardaíocht agus friotail. Fréamhaithe i saothair glúinte filí roimpi gan a bheith faoi chuing.
Tá an leabhar féin álainn. Clúdach crua, clúdach páipéir snasta. Clóchur shoiléir. Páipéar cuanna.
Cloch gan locht eile in áras Bharzaz.
Laoighseach Ní Choisdealbha
Barzaz
Clúdach maisithe ag Anastasia Melnykova.