Tá clog adamhach ar bord gach satailít. Craolann siad comhartha ag na minicíochtaí iompair. Anuas ar an comhartha sin tá cód súdarandamach atá uathúil do gach satailít. Tugtar cód óir ar an gcomhartha sin. Anuas air sin arís craoltar an t-eolas gps. An príomh eolas ná an t-am agus an ionad ina raibh an satailít nuair a craoladh an comhartha. Ach bíonn eolas breise ann. Eolas faoi éifeacht an atmaisféar ar na comharthaí, eolas faoi chruinneas ama, agus eifimiris - eolas faoi fithis na satailítí. Bunaithe ar an eolas sin caithfidh glacadóir cothromóid i gceithre anaithnid a réiteach - domhanfhad, domhanleithead, airde agus am. Mar sin, caithfidh glacadóir comhartha ó ar a laghad ceithre satailít a chur san áireamh. Go hiondúil baintear feidhm as cúig chinn. I gcás glacadóir ar fón is féidir eolas ó na stáisiún bunáite - a bhfuil a n-ionad aitheanta - a chur san áireamh chun cruinneas a fheabhsú.
Is féidir freisin córas gps a úsáid chun am a ríomh le cruinneas clog adamhach, má tá eolas cruinn ar an ionad. Mar sin a fhaigheann córas na gutháin soghluaiste an t-am.
Tá an chóras ГЛОНАСС (glonass - córas domhanda satailítí loingseoireachta) ag an Rúis agus Galileo ag an Aontas Eorpach. Ní hionann na mionsonraí teicniúla, ach tá na prionsabail céanna i gceist.
Tá caint faoi láthair ar trasnaíocht gps. Is féidir leis sin tarlú má chraoltar comhartha láidir ag na minicíochtaí atá in úsáid ag gps. Fágann sé sin nach féidir le glacadóirí an comhartha ceart a aithint.
Táimid éirithe thar a bheith spléach ar na córais seo, do loingseoireacht agus fiú do nithe fearacht am cruinn agus suirbhéireacht.
Cúis imní mar sin má tá mioscais sa scéal.