Mar chuid de Sheachtain na Matamatice beidh Lá matamaitice trí Ghaeilge ar bun ar an Domhnach, 12ú Deireadh Fómhair in Ollscoil na Gaillimhe.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibh freastal air.
Tá sé i gceist go mbeidh cainteanna gairide ar ábhar matamaitice ann, ach oiriúnach do dhaoine nach speisialtóirí iad. Déanfaidh cuid de na cainteanna nasc idir an Ghaeilge agus an matamaitic.
Dá mbeadh fonn ort caint dá leithéid a thabhairt, nó freastal ar an ócáid, iarraimid ort sin a chur in iúl tríd clárú anseo Lá na Matamaitice as Gaeilge
Ceisteanna chuig fintan[ponc]hegarty[ag]universityofgalway[ponc]ie .
Táimid buíoch as tacaíocht ó Maths Week Ireland agus Ollscoil na Gaillimhe.