Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-09-27

Amhráin Áine


Amhráin Áine - ar fáil trí Bandcamp (Tríd an phoist, féirín ó Áine, a tháinig sé chugam féin).

Tá Áine ag scríobh amhráin le roinnt blianta anuas, agus bua aici amhránaithe den scoth a aimsiú. Is minic a thug amhrán léi an chraobh ag an bhféile Pan Cheilteach go náisiúnta, agus cúpla uair go hidirnáisiúnta. 

Amhráin a chíorann an saol, saol pearsanta agus an saol mór. Cumha iontu, toisc gur iomaí corr sa saol - saol an duine agus saol an chine. Ach tá dóchas sna hamhráin freisin. Bás, ár, briseadh croí, néaltrú - níl aoinne againn nach dteagmhaíonn a leithéid linn. Ach tá dóchas ann - ní mhaireann aon ní ach seal, agus bíonn cneasú ann. 

Tá dhá rian a dhiúltaím éisteacht leo, go fóill. 
Tá sé de gheasa droma draíochta orm gan éisteacht le hamhráin Nollaig lasmuigh den Aidbhint agus an dá lá déag!

Déanaigí gar daoibh féin, is faighigí an t-albam!