Oíche Luain seo caite bhí mé san Coimpléacs, ionad ealaíona ó thuaidh den Life, áit ar bogadh seoladh feachtas Catherine Connolly ó Óstán Wynnes, de bharr éileamh. Éileamh nach bhféadfaí a shásamh ansin ach oiread! Bhí sruthú beo agus daoine cruinnithe le chéile i dtithe tábhairne máguaird le hamharc air.
Is annamh gach páirtí freasúra ag tarraingt ar aon téad, ach bhí ceannaire nó ionadaí ó gach cearn acu ar ardán maraon le Catherine Connolly í féin.
Labhair gach duine acu ar feadh cúig nóiméad, ach roimhe sin chas Eva Carroll Bánchnoic Éireann. Agus amhrán agóide Croppies who will not down (Leagan Brian Moore anseo)
Thug sin téama na hoíche. Tírghrá phraiticiúil, dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta.
Labhair na ceannairí ar a dtaithí phearsanta ar Catherine Connolly. Bhí an seanadóir neamhspleách Eileen Flynn, (neamhspleách), ball den Lucht siúil, iontach moltach faoin gcúnamh pearsanta ciúin a thug Catherine di i dtithe an Oireachtais. Greannmhar freisin, ag rá go raibh sí ag seachaint Catherine i dtosach toisc gur chuala sí gur síceolaí ab ea í!
Bhi Roderic O'Gorman (Comhaontas Glas) sa Rialtas deireadh, agus mhaígh sé go mbíodh an réamhobair déanta i dtólamh aici. An Tuairisc léite. Tuairiscí gaolmhara léite. An Tuairisc ó na 1970í léite a mhínigh cá rabhthas tar éis dul amú ó shin!
Bhí neart gáire chomh maith le dóchas agus fuinneamh.
Labhair Catherine í féin ansin. Ainneoin gur duine thar a bheith príobháideach í, thuig sí gur gá anois labhairt ar an cúlra a mhúnlaigh í. An muirir mór a bhí sa bhaile, ceathrar déag acu. Rud a d'fhág dualgais le comhlíonadh agus tuairimí iomadúla le plé.
Taithí ag cabhrú le bochtáin agus easláin le Léigiún Mhuire, agus Ord Mhálta. Obair mar chúramóir, mar glantóir, mar síceolaí, mar abhcóide, mar ionadaí phoiblí. Saol caite ag fónamh do dhaoine eile. Síochánaí diongbháilte. Gan bheith claonta i leith impiriúlachas ar bith. Ar son neodracht gníomhach, a iarrann réiteach síochánta a aimsiú tríd taidhleoireacht. Ar son an dreama nach bhfaigheann isteach.
Duine í a éisteann agus a machnaíonn roimh labhairt.
Tá dóchas agam gur féidir an fuinneamh sin a threisiú agus an toghchán a bhaint!