Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-09

Camchuairt Leath Mogha (agus giota leis)

Táim ar saoire le coicís. Ba é an phríomhchúis ná freastal ar Féile Opera Gleann Móire. Bhí mo mhac Fionn i bpáirt Curio san Opera Giulio Cesare.
Tháinig mo mháthair céile agus a páirtí ó Bheirlín, agus thógamar teach saoire ar an Aird Mhór ar cíos ar feadh seachtaine, ó Máirt go Máirt. Ach leis an mbeirt ó Bheirlín agus bagáiste, bheadh gluaisteán mo nuachar lán - gan spás domsa. Bheadh orm taisteal ar bhus. Ó tharla go mbeadh sin amhlaidh, agus ó tharla coinníoll ag m'fhostóir go nglacfaí ar a laghad saoire amháin coicíse roimh Meán Fómhair, shocraigh mé cuir leis an dturas. 

D'aimsigh an déagóir poll Hobaid i Maigh Eo. Ach shíleamar gurbh leor oíche amháin ansan. 

Tá oileáin Árainn leath bhealach idir Port Láirge agus Maigh Eo, cineál. Rith sé liom go mbeadh sé go deas sciuird gasta a thabhairt orthu. Fuair mé amach go mbeadh sé indéanta oíche a chaitheamh ar Inis Oírr, oíche ar Árainn agus filleadh thar Inis Méain. 
Oíche sa Ghaillimh. Ar aghaidh go Maigh Eo. Filleadh ar thraein ó Caisleán an Bharraigh. 
D'aimsigh mé busanna ó Eochaill via Corcaigh agus Inis go Dúlainn. 

Bheadh sé indéanta dul ón Aird Mhór, ach ní bheadh mórán ama idir bhusanna agus ní raibh fonn orm dul sa tseans an bhád a chailleadh. Thug mo bhean síob go hEochaill dúinn. 

Ar an slí síos chaith mé dhá oíche le cara liom sa Rinn. Agus bhí orm filleadh abhaile Déardaoin agus síos arís Dé hAoine leis an déagóir, a raibh scrúdú damhsa acu. 

Ar an Máirt thaisteal mé ar an nasc áitiúil ón Rinn go Dún Garbhán, agus ar aghaidh go dtí an Lios Mór áit a raibh ceolchoirm am lóin ag Fionn. 

Tráthnóna fuair mé síob go dtí an Eaglais, agus shiúl cuid de Shlí Dhéagláin. Tar éis 16km, toisc go raibh sé ag ceobhrán, ag éirí mall agus an bagáiste trom chuir mé fios ar mo nuachar - bhí faid nach raibh mé ag súil leis curtha leis an mbealach toisc droichead a bheith scuabtha chun siúil. 

Roinne mé roinnt siúl agus taisteal eile fán mbealach - tá sé i gceist agam roinnt blagmhír a scríobh faoi! 

Ach seo agaibh achoimre. Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí iompair, agus is iontach iad na busanna nasc áitiúil - gur féidir íoc astu le cárta Leap.