Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-11

Trí trioblóidí mná na Rinne — páistí, prátaí a's trioscar


Ar an Domhnach d'fhág mé Baile an Chinnéidigh ar bhus 133 isteach sa chathair chun bus 600 a fháil go dtí Dún Garbhán. Bhí an bus le fágáil um a dó - bhí sé pas beag mall ag tosú. 

Is eagal liom nach féidir liom an seirbhís seo - le comhlacht príobháideach - a mholadh, agus ní cionn is go raibh sé mall. Ach bhí mé ar an mbus trí bhabhta - síos go Dún Garbhán, ar ais ar an Déardaoin agus síos arís ar an Aoine. Thóg Tiernán go Baile Átha Cliath ar an Aoine freisin é. Ar gach turas daoibh bhí an bus cáidheach, agus boladh múin stálaithe agus níos measa ón leithreas ar bord. (Tá roghanna eile ann - Bus 40 de chuid Bus Éireann, mar shampla.) 

Toisc gur agnóisí spóirt mé, ní raibh fhios agam go raibh drocham roghnaithe agam do bhus a d'imigh tríd Cill Chainnigh. Bhí cluiche mór díreach ag críochnú agus tranglam trom tráchta. Thóg sé i bhfad dul tríd an chathair. Níos mó ná an leathuair a bhí idir an t-am a bhí mé ceaptha bheith i nDún Garbhán, agus am imithe an bus nasc áitiúil go dtí An Rinn.
Bheadh bus i gceann dhá uair an chloig eile, ach is beag fonn a bhí orm fanacht ar sin. Tháinig mo chomrádaí ag triail orm. Thug sé ar chamchuairt gasta tríd an Rinn mé freisin ar an mbealach chuig a thí. Bhí fáilte agam roimh an béile a chuir a shonuachar romham.
Bhog Joe ó Bleá Cliath lena nuachar agus a pháiste is sine chun tabhairt faoi phost taighde in institiúid teicneolaíochta Phort Láirge i 2008. Bhíodar ag smaoineamh ar áit a fháil ar cíos i nDún Garbhán - ach ní raibh ag éirí leo. Cé nach raibh Gaeilge ag a bhean, is ise a smaoinigh ar bogadh chun na Gaeltachta - bhí Joe diongbháilte go rachadh a chlann ar Ghaelscoil, agus ní fhéadfadh scoil Dún Garbhán é sin a dhearbhú dó. Ach bheadh fáilte roimh breis daltaí sa Rinn. Tá siad ann ó shin, ceathrar clainne anois acu, teach ceannaithe agus iad fite fuaite sa phobal - iománaí diongbháilte ab ea Joe riamh!

Nuair a bhíomar san Seanaphobal ar feadh cúpla lá anuraidh, fuair mé comhairle ó na Gaeil ar líne faoi siúlóidí. Ní raibh deis agam an uair úd tabhairt faoin gCoinigéar - leathinis caol fhada a thrasnaíonn an inbhir agus a bhfuil a phointe faoi urchar méaróige den mainistir i nDún Garbhán.

Neart bláthanna agus éanlaithe le feiceáil. Tá cúpla feirm oisre sa chuan. Chonaic mé bean ar an trá ag cnuasach bruscair - cuid mór de málaí agus bandaí ruibéir bainteach leis na feirmeacha. Is cosúil go bhfuil stráice den trá faoi chúram gach comhlacht faoi sheach. Bhí suntas tugtha agam don méid sliogán oisre a bhí faoin trá. Níl na comhlachtaí ceaptha oisrí marbha a scaoileadh le sruth - ach is cosúil go ndearna comhlacht mór amháin neamhaird de sin cúpla bliain ó shin nuair a bhí bású mór i measc na hoisrí. 

Shiúl mé ar ais fán trá ón bpointe, agus ar aghaidh go dtí sráidbhaile na Rinne. Cupán tae tí Joe agus ar aghaidh liom arís go dtí an taobh eile den leathinis agus ó dheas arís go Heilbhic. Thug mé cuairt fán slí ar an séipéal. Pictiúir altóra thar a bheith spéisiúil - pandéach fiú - agus tagairtí ann do muir agus bádóireacht.