Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-22

Baile Mór

Bhí an déagóir fanta sa bhaile chun tabhairt faoi scrúdúithe damhsa. Mar sin, ar an Déardaoin thaisteal mé suas arís go Cill Mhantáin ar an mbus, agus tháinig anuas leo ar an mbus oíche Aoine.

Go moch ar maidin fuair mé an bus nasc áitiúil ón Aird Mhór go dtí Dún Garbhán - Baile Mór, mar a thugann muintir na Rinne air. Turas ana dheas atá ann - fán gcósta agus tríd an Seanaphobal agus an Rinn, amach go Heilbhic agus ar ais. Tá suíochán arda sna busanna atá faighte ag an Údarás iompair don gcóras nasc áitiúil. Is féidir íoc le cárta Leap - chosain an turas 3.70€ orm sílim. Tá 5€ air in airgead tirim - bhí an turas chomh taitneamhach gur mhol mé do mo nuachar a máthair agus a pháirtí a chuir air. Rinne, agus bhain siad taitneamh as. Ní bheadh na radhairc le fáil ó ghluaisteán, toisc fál a bheith ar dhá thaobh an bhóthair agus na paisinéirí níos ísle dá réir.

Fuair mé bricfeasta i gcaifé i nDún Garbhán - bricfeasta Éireannach d'fhonn mé a coinneáil ag dul. Nuair a bhí mé ag fágáil an chaifé thug mé faoi deara go raibh dáta sa chló Ghaelach greanta i leac ar an dtairseach. 4 Márta 1922. D'fhiosraigh mé an cheist le lucht an chaifé, ach ní raibh siad cinnte cén brí a bhí leis.
Bhí thart ar uair an chloig agam sula mbeadh Bus Bhleá Cliath ann, agus thosaigh mé ag siúl thart ar an gcearnóg. Thug mé faoi deara go raibh leaca agus rudaí greanta orthu os comhair nach mór gach siopa. Ar ball, tar éis roinnt guglála, fuair mé amach gur togra stair áitiúil a bhí i gceist, i gcomhar le Múseam an Chontae. Agus go raibh leabhar déanta as sraith altanna faoi agus é ar fáil go leictreonach ó Amazon

Íomhánna éagsúla de shaol agus stair an cheantair, sciar maith acu bunaithe ar sceitseanna ealaíontóra ón 19ú Céad, Sampson Towgood Roch. 

Ach san áireamh tá an chianstair - fuarthas cnámha mamat sa cheantar - , agus an nua eolaíocht - rugadh Walton, a scoilt an t-adamh, i nDún na Mainistreach.

Chaith mé tamall eile ag fánaíocht thart. Baile glan taitneamhach agus neart bialanna agus araile le feiceáil. 


Bus - an bus cáidheach céanna - go Baile Átha Cliath agus ansin amach go Bré, áit a raibh scrúdú an déagóra thart. Bhí an turas bus taitneamhach seachas riocht an bhus féin. Radhairc le fáil ar an dtuath agus na bailte - Cill Chainnigh go hairithe - a thaisteal muid tríothu.