Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-17

Slí Lorcáin



Tá ball de na Cnocadóirí, Breandán Mac Aodha Bhuí, tar éis taighde agus pleanáil a dhéanamh chun bealach siúlóide nua a mholadh do na húdaráis. Seo leanas a chuir síos air an mbeartas agus a chúis - 

Beimid ag déanamh na siúlóide le fáil amach ar cheart í a mholadh mar shiúlóid oilithrigh nó mar shiúlóid náisiúnta, chun naoi gcéad bliain ó rugadh Naomh Lorcán Ua Tuathail a chomóradh. 
Rugadh Lorcán Ua Tuathail i Mullach Raoileann, gar do Dhíseart Diarmada i gCill Dara i 1128. Chaith sé dhá bhliain nuair a bhí sé ina ghasúr mar ghiall do Rí Laighean, Diarmaid Mac Murchada.
Deirtear go raibh sé i nGleann Ó Máil mar ghiall. Tá dhá thagairt do Lorcán fós sa cheantar sin i láthair na huaire. Tá gort mór darbh ainm ‘St. Laurence’s Field’ sa chéad eagrán de léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis ó na 1840dí, agus tá ballán ar a dtugtar ‘Handprint of St. Laurence O’Toole’ sa Ghleann. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ón gceantar sin.
Scaoileadh Lorcán ó bheith ina ghiall i mainistir Ghleann Dá Loch, agus é ina bhuachaill dhá bhliain déag d'aois. Roghnaigh Lorcán fánacht ansin agus oiliúint a fháil mar mhanach. Chaith Lorcán breis le trí bliana déag mar mhanach i nGleann Dá Loch, sular toghadh ina ab é, agus é cúig bliana agus fiche d’aois, an t-ab is óige riamh ansin. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, i 1156, bhí Lorcán ina easpag ar Ghleann Dá Loch.
Is ag iarsmaí na mainistreach sin a chríochnófar an tsiúlóid, ag Mainistir an tSlánaitheora, prióireacht Agaistíneach a bhunaigh Lorcán.

Ar an Satharn dá réir chruinnigh mórsheisear Cnocadóirí ag an Láithreach chun tabhairt faoin siúlóid. 


Bhí bus ar cíos chun muid a thabhairt go dtí tús na siúlóide i nGleann Ó Máil. Tráthúil go leor bus le Gerry O'Toole. Dhreap muid suas i dtreo Sliabh an Tábla tríd na tailte sa réimse míleata, ar chosán atá marcáilte mar shiúlóid sábháilte. Bhíomar ar bóithre coille nó bóithre glasa go dtí gur bhaineamar an droim amach, ag spota ar a dtugtar Stony Top as Béarla. Bhí radharc anuas isteach i nGleann Molúra ansin againn. Leanamar cosán síos isteach sa Ghleann beagán, go dtí gur shroich sé bóthar coille a bhí ag leanacht imeall thuaidh an Ghleanna. Ba ansin a casadh tréad mór gabhair orainn. Níl mé iomlán cinnte go raibh siad fiáin - bhí cuma orthu go raibh cúram á dhéanamh dóibh. Ach bhféidir nach raibh ann ach go bhfuil saol folláin acu! Bhí neart meannáin ina measc.
Nuair a tháinig deireadh leis an mbóthar coille ar a raibh dromchla gairbhéil, lean muid rian seanbhóthar tréigthe ó thuaidh. Bhí sé sin fliuch achrannach in áiteanna. Ansin ghearr muid trasna an Ghleanna bhig ag trasnú srutháin chun an droim go Log Dubh a bhaint amach. Shiúlamar tríd na cailleacha portaigh fán droim go dtí gur shroicheamar Log Dubh, agus ansin barr thoir Log Dubh. Bhí radharc iontach ón droim isteach i nGleann Molúra ar dheas agus Gleann Abhlach agus Gleann dá Loch ó thuaidh. Chasamar soir ó thuaidh ag barr thoir Log Dubh, ar cosán a thug síos muid go dtí conair marcáilte na mianadóirí. As sin go dtí an Spinc os cionn Loch Uachtair Gleann dá Loch. Fán Spinc agus síos isteach sa ghleann ag Poll an Easa. 



Fán bóthar ghlas ansin thar Loch na Péiste agus Mainistir agus Tobar Chaoimhín. Ar Mainistir an tSlánaitheora a bhí ár dtriail. Is cuimhin liom, fiche éigin bliain ó shin, go raibh an log suaimhneach seo i lár coill dorcha giúise. Tá na crainn sin leagtha ó shin agus coill nua de mheascán crann leathan duilleach curtha - cúig bliana déag ó shin, bhféidir. Tá siad fásta go maith agus is tríd coill dlúth atá an cosán go dtí fothrach a rinneadh athchóiriú air san 19ú céad. 


Is cuid de sraith foirgneamh Rómhánúil atá ann a tógadh i Laighean le linn Ríocht Diarmuid na nGall, gaol le Lorcán Ó Tuathail. Tá breis faoi siúd san DIB

Tá roinnt de na clocha maisithe fós le feiceáil. 

Leanamar orainn ag siúl go dtí an carrchlós áit a raibh na cairr. Bhíomar thart ar seacht n-uaire ar an siúlóid, ceithre uair a chloig ag bogadh. (Bíonn grúpa i gcónaí níos moille ná duine aonair nó beirt!). 

Siúlóid thar a bheith taitneamhach. Bheadh roinnt oibre de dhíth áfach dá mbeadh sé i gceist siúlóid oifigiúil a dhéanamh as, chun teacht roimh an creimeadh talún a leanann siúlóirí nuair a bhíonn go leor acu ann. Ach bhfiú go mór é a dhéanamh. 

Bhí an t-ádh linn leis an aimsir. Cé go raibh an portach sách fliuch de bharr na báistí le cúpla lá anuas, ní raibh orainne ach cuir suas le múr amháin i nGleann Ó Máil. Bhí sé geal seachas sin agus léargas iontach againn ar shléibhte Chill Mhantáin agus chomh fada leis an gcósta. 

Lá dar saol.