Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-06-03

Adalbert Stifter

"Allein der große goldene Strom der Liebe, der in den Jahrtausenden bis zu uns herab geronnen, durch die unzählbaren Mutterherzen, durch Bräute, Väter, Geschwister, Freunde, ist die Regel, und seine Aufmerkung ward vergessen; das andere, der Haß, ist die Ausnahme, und ist in tausend Büchern aufgeschrieben worden." 

Die Mappe meines Urgrossvaters 

Ach sé sruth leathan órga an Ghrá, a shruthlaigh anuas chugainn tríd na mílte bliain, trí croíthe gan áireamh Máithreacha, tríd leannáin, athair, deirfiúracha agus deartháireacha, cairde an gnáthrud, agus rinneadh faillí ina thaifead; eisceacht an rud eile, an Ghráin, agus scríobhadh faoi sna mílte leabhar.

Mála cáipéisí mo shin-shean-athair.

Tógadh mo nuachar san Oir-Ghearmáin, rud a fhág faoi thionchair eile í ná mar a bhí agamsa. Léitheoir is ea í freisin, agus bhí lear mór leabhair aici sular chuir muid aithne ar a chéile. Rinne sí staidéir ar an Seicis don ardteist thall, seachas Rúisis, agus tá gean aici ar an tSeic - nuair  a bhí cónaí orainn i mBeirlín (agus le linn dúinn bheith ag suirí) chuaigh muid ag siúl sách minic san gcuid sin den tSeic atá díreach trasna an teorainn ón Sacsan. Thug turas amháin níos faide isteach sa tír muid, go dtí an áit ina dtagann an Baváir, an Ostair agus an tSeic le chéile. 
Taobh tíre atá anseo a bhí riamh ina dhlúthchuid den tSeic ach a raibh pobail a labhair Gearmáinis ann ar feadh míle bliain. Faraor de bharr ainghníomhartha na Naitsithe dhíbir Rialtas na Seice na Gearmáiniseoirí - Forógraí Beneš. 

Tá lorg an chultúir fós ann, áfach, agus lorg domhain i litríocht na Gearmáinise. Is sa cheantar seo a rugadh agus tógadh ceann de scríbhneoirí an Biedermeier - Adalbert Stifter. Chuir mo nuachar a chuid saothair faoi mo bhráid, agus thaitin siad liom. Le déanaí, cé go bhfuil go leor dá shaothar ar mo leabhragán agus léite agam, fuair mé a shaothar ar fad don Kindle. Ní bhíonn ach thart ar euro a saothar scríbhneora atá as cóipcheart. Agus tá an Kindle fóinteach don té a léann ar an DART!

Gluaiseacht caomhach oisín-i-ndiadh-na-féine a bhí san Biedermeier, a tháinig chun cinn i ndiaidh corraíl cogaí Napoleon, agus  san Ostair ach go háirithe Metternich ag fáisceadh údarás na ríochta arís.

Tá cáil ar leith ar Stifter as an cuir síos álainn atá aige ar an dúlra, go háirithe an ceantar inár tógadh é. Is minic a scéalta agus úrscéalta ag amharc siar, cúrsaí suirí agus grá i gceist. Go hiondúil ní bhíonn eachtraí móra i gceist, ach ní bhíonn cosain an ghrá réidh - d'fhulaing sé féin de bharr caidreamh éagmaiseach a raibh droch-chríoch air.

Scríobh sé mór úrscéal stairiúil amháin - Witiko - faoi fear a tháinig chun cinn mar taoiseach sa cheantar sin sna meánaoiseanna agus a bhunaigh roinnt sliocht uasail.

Seachas sin áfach is mioneachtraí teaghlaigh a bhíonn i gceist, ach minic go leor is uaisle na pearsan atá i gceist, agus éirí agus titim a sleachta.

Teanga shaibhir séimh atá ina scríbhinní, agus téann mothúcháin a phearsan agus áilleacht an dúlra, fiú an fásaigh, i bhfeidhm orm. Bíonn an searc cumhachtach sna scéalta, agus ní bhíonn mórán olc ná gráin i gceist. Léitheoireacht sítheach suaimhneach taitneamhach.

Bhí súil agam turas siúlóide a thabhairt ar an gceantar an samhraidh seo, ach níor chuir mé lóistín in áirithint in am, agus d'athraigh mé mo bheart dá réir. Tá súil agam filleadh ar an bheart! Agus gach seans go mbeidh níos mó le rá agam abhus faoi Stifter agus Witiko.