Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-06-15

Donna Leon

Le fada anois is breá liom cérinneachán, tá pléisiúr ar leith san léitheoireacht. Ar chúis éigin is mná ar fad na húdar sa réimse a bhfuil tóir agam orthu, le heisceacht amháin - Michael Connolly.

Ní cuimhin liom anois cad a chas úrscéalta Donna Leon mo threo an chéad lá. Ach táim éirithe ana cheanúil ar an gCommisario Brunetti, a theaghlach agus a chomhleacaithe. Rinne mé talamh slán de ó ainm an údair agus ón mblas a bhí ar na scéalta gur san Iodáilis a scríobhadh iad. Ach chuir Anna Heussaff ar mo shúile dom go raibh dul amú orm agus go deimhin nach mian leis an údar go mbeadh a cuid leabhair ar fáil in Iodáilis. Rud a fhágann ar a cumas sráideanna na Veinéise a shiúl gan a bheith aitheanta mar údar mór le rá!

Is sna sráideanna céanna a bhíonn Brunetti ag lorgaireacht, lorgaireacht ar leith. Teannas idir é agus a shaoiste, fear ón tSicil isteach atá dílis do chiorcail órga na polaitíochta seachas an cóir. Fear machnaimh é Brunetti, léitheoireacht údar na Róimhe Ársa a chaitheamh aimsire. Ó chúlra lucht oibre é féin, ach é pósta ar ollamh le litríocht an Bhéarla ar de sliocht uaisle na Veinéise iad. Beirt gasúir acu.

Tá éagsúlacht cúlra agus meoin i measc a chomhleacaithe freisin, agus is pearsa lárnach sna scéalta rúnaí na rannóga Signorina Elettra, ar haiceálaí cumasach í agus a thugann cuidiú nach bhfuil iomlán dleathach do Bhrunetti.

Is iad an malairt smaointe agus na cairdis agus eascairdis neart na scéalta measaim. Léithe an saoil, cíoradh ceisteanna nach bhfuil dubh agus bán.

Ceist mór sna leabhair lofacht polaitíocht na hIodáile, gné a choscann deireadh néata, cás cúirte agus breith cinnte ar na cásanna a bhfuil baint ag Brunetti leo.

Bíonn leagan éigin den fhírinne aimsithe aige, ach is annamh a bhaineann sé cóir amach do na híospartaigh ainneoin a dhícheall.

Cuirtear i leith Leon í bheith fríth eaglasta. Níor thug mé sin faoi dearadh sna leabhair cé go bhfuil amhras féin gcliarlathas eaglasta chomh maith le stáit ann. Agnóisí é Brunetti shamhlóinn ach é ag iarraidh cóir agus moráltacht a bhaint amach.

Tá lón machnaimh agus lón pléisiúr sna scéalta.