Tá an chaint le clos anseo. Seo gluais ar sin, mar a déarfá.
Dúirt mé go raibh iarrachtaí ar bun ag rialtais bogearraí foinse oscailte a úsáid agus a oiriúnú dóibh féin. Tá sainmhíniu ar bogearra foinse oscailte anseo:
Tá neart ar bun - office.eu mar shampla, a chuireann malairt rogha ar bun do Microsoft Office. Luaigh mise Libre Office atá in úsáid agam féin le blianta. Tá comhéadan Gaeilge ar fáil, a bhuí le Kevin Scannell agus an Ríomhacadamh.
Mar atá don brabhsálaí Firefox, atá in úsáid agam le breis agus deich mbliana.
Rinne Marion Gunn, beannacht Dé lena hanam, ceannródaíocht ar úsáid foinsí oscailte chun an Ghaeilge a chuir ar fáil ar ríomhairí. Bhí baint aici roimhe sin le Gaeilge a chur ar táirgí Apple - Clarisworks. Chuir Apple deireadh thar oíche leis an gcomhoibriú. Ní féidir leis sin tarlú i gcás foinsí oscailte. Is an pobal - nó baill díograiseacha de - a dhéanann an obair, agus is leo an táirge. Tá an t-ádh linn go bhfuil leithéidí Kevin Scannell ag saothrú ar ár son!
Tugann bogearraí foinse oscailte deis do dhaoine an bogearra á mhúnlú mar is toil leo féin. Níl síntiúis bhliantúil riachtanach, mar atá á éileamh ag Microsoft agus Google agus a leithéid. Go deimhin tá fáil saor in aisce ar na táirgí, ach is féidir íoc as tacaíocht má tá sin de dhíth.
Tá córas oibriúcháin Linux ar fáil, togra a bhfuil Linus Torvalds, Fionlannach ón mionlach a labhraíonn Sualainnis, ina thionscnóir air. Tá Linux ina chnámh droma ag an idirlíon. Agus tá leaganacha ar fáil do ríomhaire phearsanta. Tá Ubuntu in úsáid agam féin le cúpla bliain. Arís, tá comhéadan Gaeilge ar fáil.
Tá an iliomad táirge foinse oscailte ann. Go minic is féidir iad a chur ag obair ar sean ríomhaire, murab ionann agus táirgí Microsoft a éilíonn crua earraí nua gach cúpla bliain de bharr a gcraos cuimhne agus cumhacht ríomhaireachta.
Cuirimis an ríomhlóid chun cinn!
.