Is é Baile an Lochaigh an chéad baile eile trasna ón mBaile Breac i gCorca Dhuibhne. Roinnt mhaith blianta ó shin tháinig mé síos ón taobh eile den nGleann tar éis Cnoc Bhréanainn agus an Ghearáin a shiúl. Bhí sé ana ghéar! Ach ní raibh mé istigh sa ghleann féin riamh i gceart.
Fuair mé comhairle áitiúil, agus ós rud é nár theastaigh uaim talamh príobháideach feirme a raibh claíocha timpeall air a thrasnú, thosaigh mé féin agus Fionn ag siúl suas Cosán na Naomh go Cnoc Bréanainn - ach d'fhág muid go luath an cosán marcáilte agus shiúl amach ar dhroim sléibhe go dtí go raibh radharc isteach sa ghleann againn.
Shiúl muid ar aghaidh isteach sa ghleann ag dul síos go mall le fána - bhí sleasa an chnoic sách géar.
Bhí iarsmaí cónaí daoine le feiceáil anseo is ansiúd, clochán ina measc.
Faoin am seo bhí sé ag ceobhrán agus bhíomar sásta urlár an ghleanna a bhaint amach. Urlár a bhí sách fliuch!
Chonaiceamar sean teach a raibh adhmaid nua curtha mar fráma díon air - is dóigh liom go mbíonn sé in úsáid, clúdaithe le tarp, nuair a bhíonn na caoirigh ag breith nó nuair atá obair eile le déanamh.
Bhí cosán amach as an nGleann a d'éirigh níos soiléire de réir a chéile go dtí go rabhamar ag siúl ar bhóithrín a thug go dtí an áth muid. Ar an ndea-uair dúinne bhí droichead ann freisin - droichead lindéar - le go leor colúin agus clocha leathana eatarthu.
Ní raibh le déanamh ansin ach an bóthar a leanacht amach agus filleadh ar na bóithre go dtí an Baile Breac.
Siúlóid deas, a thóg roinnt uaireanta an chloig orainn, á ghlacadh go breá réidh.