Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-08-23

Ikenga


De réir an mhargaíocht don úrscéal is déanaí seo ó Nnedi Okorafor, tá sé dírithe ar leanaí "middle grade" — thart ar a deich de réir mo thuisceana. Tá an laoch féin agus a chairde dódhéag. Scéal maith is ea scéal maith áfach agus bhí fonn orm éalú go saol eile, mar sin chuir mé fios ar an scéal don kindle.

Tá an scéal lonnaithe i Nigéir an lae inniu. Maraíodh athair Nnamdi (ainm a chiallaíonn "Maireann m'athair"). Ba ceannaire na bpóilíní é, agus tá gach duine cinnte gur coirpeach mór le rá, Taoiseach na dTaoiseach atá freagrach as a bhás. Gan a athair ann chun saothrú dóibh, titeann Nnamdi agus a mháthair i mbochtaineacht. Goilleann rudaí go mór ar Nnamdi. Ag cuimhneachán bliana a athair tógann rudaí casadh. Sleamhnaíonn sé ón gcóisir agus leanann duine. Spiorad a athair atá ann, agus bronnann sé Ikenga air - dealbh rathúnais. Bronnann sé seo cumhachtaí ar leith air agus gabhann sé i ngleic leis na coirpigh - a bhfuil gnéithe draíochta ag baint le cuid acu. Africanjujuism a thugann Nnedi Okorafor ar an cineál seo scríbhneoireacht, í ag tarraingt as foinsí agus tuiscintí a dúchas Nigéireach - Igbo go háirithe. (Dar léi féin is Naijameiriceánach í, féiniúlacht doscoilte).

Le mistéir bás a athair a réiteach caithfidh Nnamdi smacht a fháil ar na cumhachtaí nua seo, agus go háirithe ar a fhearg féin. Ní leor an neart nua a bhronnann an ikenga air. Murach a chara, cailín darb ainm Chioma, theipfeadh air. (Níl mé cinnte faoi bhrí Chioma, ach is é chi spiorad nó diagacht an duine aonair a shocraíonn a chinniúint, agus ciallaíonn Oma maith). 

Is iomaí cor agus casadh san scéal agus is minic nach bhfuil rudaí mar a shíltear iad a bheith. 

Ach le cairdeas agus muinín baintear amach bua. Agus fágtar an doras oscailte do bhreis scéalta faoi Nnamdi agus Ikenga. 

Ba léitheoireacht taitneamhach an scéal domsa agus shamhlóinn do mbainfidh daoine óga sult as. Lasmuigh de cúpla abairt fánach Béarla caighdeánach atá ann. Agus tá an cúpla abairt pidsin soiléir i gcomhthéacs. 

Ach tá boladh agus blas na hAfraice ar an scéal, chomh fada agus atá ar mo chumas breith a thabhairt!