Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-08-22

Cosán na Naomh - Rinn Chonaill

Tá cosán marcáilte ar a dtugtar Cosán na Naomh ó Halla Ceann Trá go dtí bun Cnoc Bréanainn ag carrchlós an Bhaile Bhric.

Ar an ndrochuair tá go leor de ar bhóithre, cé gur cúlbhóithre ciúine iad don mórchuid. Níor shiúil mé an t-iomlán i mbliana ach os rud é go raibh fonn orm freastal ar Allagar na hAoine in Áras Bhréanainn Aoine amháin agus muid thiar, thosaigh mé á shiúl ón mBaile Breac aduaidh. Ar an mbóthar ón mBaile Breac chomh fada le Corr Áille. Tá radharc ón cuid sin den mbóthar ar Loch Corr Áille mar ar sháinnigh Naomh Cúán piast craosach faoi choire. (Ach is i mbaile fearainn Rinn Chonaill atá an Loch, mar a dúirt Helen Ní Shé liom ar Twitter ar na mallaibh). 
Tá radharc níos fearr air ó shleasa Rinn Chonaill féin. Fágann an cosán an bóthar ina dhiaidh ansin, tríd geata in aice le teach, tríd gort ina bhfuil fothrach ón ré luath Críostaí ina bhfuil crosleac. 
Tá an cnoc sách fliuch ainneoin é bheith géar go maith. Agus tá go leor bláthanna scaipthe i measc an fhéir. Tá cuaillí marcála measartha soiléire ann an bealach ar fad go dtí barr an chnoic. Ón tor clochach ag a bharr tá radharc breá siar ar Pharóiste Múrach agus ar aghaidh go Beatha Sagairt an Fheirtéaraigh. 

Síos fána fliuch ar an dtaobh eile ansin i dtreo Cill Maoilceadair áit a bhfuil eaglais agus go leor iarsmaí eile. D'éirigh liom i mbliana amharc ar an gcloch atá luaite leis an nGlas Gaibhneach. Ní fhaca mé cheana é mar go mbíonn ag dul sa treo eile, ach chuaigh mé á lorg an uair seo. 
Ó Cill Maoilceadair ar aghaidh leanann an cosán an bóthar - comhthreomhar leis an gcnoc ar feadh tamaill, ag dul thar iarsmaí fearacht Teach an seansailéara agus Cathair Deargáin. Síos bóthar fada díreach ansin i dtreo Gallarus. Go gairid sula sroicheann an bóthar an bóthar mór tá bóithrín glas ar chlé isteach go Caisleán Gallarus. Téann an cosán ar aghaidh go hionad (príobháideach) cuairteoirí Airegal Gallarus. Bhí an ionad dúnta ach an aicearra go dtí an aireagal oscailte, mar sin lean mé é. 
Trasnaíonn an cosán cúpla Páirc ansin agus bóthairín glas a thugann chomh fada leis an Leataoibh Mór é. 

De bhrí go raibh mé ag dul go dtí Baile an Fheirtéaraigh, d'fhág mé an cosán ag an bpointe sin agus lean na bóithre (measartha gnóthach) go Baile an Fheirtéaraigh. 

Thóg an t-iomlán thart trí go leith uair a chloig orm, á ghlacadh breá réidh. Is é seo, de réir mo chuimhne, an sciar is taitneamhaí le siúl de Chosán na Naomh.