Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-08-12

Cad is pobal Gaeilge Twitter ann?

Tá mise ar Twitter ó 2011. Roimhe sin bhí mé ag baint feidhm as liostaí ríomhphost, cláracha plé, agus bloganna. Tá a leithéid riachtanach dom chun bheith ag comhrá as Gaeilge le daoine fásta. Níl baint gairmiúil agam leis an nGaeilge agus níl aon dlúthphobal Gaeilge gar dom. Fiú roimh an dianghlasáil covid bhí dua i gceist le deiseanna a aimsiú Gaeilge a labhairt.

Is go fíor annamh a úsáidim teanga seachas Gaeilge ar Twitter; níl spéis ná foighne agam bheith ag plé na Gaeilge as teangacha eile agus níl aon scil agam i múineadh. 

Ach ní lia duine ar Twitter ná cúis a bheith air, agus iompair teanga dá réir. Gan trácht orthu siúd atá ag amharc go ciúin ar an aicsean. 

De réir twitter táim ag leanacht míle cúig chéad cuntas; agus tá breis agus ceithre mhíle do mo leanacht. Ní féidir le daonnaí ar bith an oiread san caidreamh a bhainistiú agus bheadh ionadh orm má bhí comhrá ceart idir mé féin agus níos mó ná céad cuntas fá seach. 

Le grúpa i bhfad níos dlúithe a bhíonn cumarsáid rialta agam agus uaireanta bíonn an comhrá sin dhátheangach, Gaeilge agamsa agus Béarla ar an dtaobh eile.

Ó thús tá taighde luachmhar cainníochtúil ar bun ag Kevin Scannell agus torthaí ar fáil ar leithéidí http://indigenoustweets.com/ga/

Anois is arís déantar alt a fháisceadh as staidreamh Kevin. An ceann is déanaí le caint a tharraingt ná alt i Nós leis an gceannteideal gáifeach Tá 46 duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?
Alt ag leanacht dhá alt eile a bhain le feiceálacht na Gaeilge - anseo agus anseo.

I gcás na 46 cuntas, an slat tomhais a bhí i gceist ná
A) gníomhach, sé sin ar a laghad giolc sa tseachtain.
B) 66% nó níos mó de na giolcanna aitheanta mar Gaeilge. Tá athghiolc san áireamh anseo.
C) nach cuntas ar son eagraíochta atá i gceist. 

Tá mé féin ar an liosta. Ach tá daoine air nach raibh comhrá agam riamh leo, nó nach bhfuil mé sásta comhrá leo ar chúis amháin nó eile. Ba dheacair mar sin pobal a thabhairt ar an gcnuasach.

Ní dóigh liom gur féidir le modhanna cainníochta léargas a thabhairt ar phobal, ná ar bhríomhaireacht teanga ar líne.

Agus ní dóigh liom gur ceart tátal a bhaint bhaint as staidreamh lom gan breis eolais a lorg agus a aimsiú chun bonn cáilíochtúil a chuir faoi. 

Agus ar aon nós tá col agam le liostaí!

Tá staidreamh Kevin tábhachtach agus measaim go mbeidh taighdeoirí eile in ann tógáil air, go háirithe maidir le gnás athraitheach teanga ar líne, cad atá ag dó na geirbe ar lucht na Gaeilge ar líne agus nithe spéisiúla mar é. 

Ach is gá bheith fuarchúiseach faoi staidrimh agus an comhthéacs a chuir san áireamh. 

Agus sin mo racht go n-uige seo!

Aguisín - rinne mé dearmad a lua nach bhfuil teacht ag an api, de réir mo thuisceana, ach ar cuntais poiblí. Tá go leor Gaeil faoi ghlas ar twitter.