Seo an tríú imleabhar ina bhfuil beatha nua tugtha ag Diarmuid Johnson do scéal ón tseanlitríocht. An uair seo, de bhrí nach bhfuil scéal iomlán tagtha anuas chugainn, bhí ar féin roinnt den scéal a cheapadh, rud atá mínithe aige in aguisín. Ach níl aon difríocht le haithint idir athinsint agus cumadóireacht sa reacaireacht fuinte seo.
Thaithin an teanga san imleabhar seo go mór liom. Is geal le ceol é. Abairtí gairide go minic. Athrá éifeachtach ar samhlacha. Tá Trecheng Brethre Féne luaite i measc a chuid foinsí, maraon leis an sár leabhar Flóra Chorca Dhuibhne.
Tá an scéal suite i gcomhthéacs níos leithne aige, ag tosú le mealladh na Bóinne ag an Dagda agus breith Aonghus Óg, agus ag críochnú le casadh tuismitheoirí Conaire Mór ar a chéile.
Idir eatarthu tá scéal Éadaoine. Ach cé gurb a hainm atá ar an scéal, is scéal na rudaí a tharlaíonn di atá ann seachas na nithe a dhéanann sí. Ní léir fiú an í dáiríre a bhronnann searc nó an ag déanamh áil den éigin atá sí. Midir, a chéad bhean siúd Fuamnach agus dara céile Éadaoine Eochaidh na gníomhaithe.
Draíocht agus dásacht. Searc agus éad. Cleasaíocht agus cruálacht. Ach áilleacht cainte agus íomhánna.
Cuireann na scéalta seo go mór le saibhreas na litríochta nua Ghaeilge.
Tá dornán focail nach mbeadh cur amach agam orthu agus tá gluais úsáideach i ndeireadh an leabhair. Ach i ndáiríre tá siad soiléir i gcomhthéacs.
Chuala mé go bhfuil taifeadadh déanta ag Diarmuid ar Conaire Mór mar chlosleabhar. B'fhiú go mór amhlaidh a dhéanamh leis an leabhar seo. Admhaím gur i nglór Diarmuide a chuala mo chluas inmheánach é...