Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-08-15

Flóra Chorca Dhuibhne

Caithim seal uair nó dhó sa bhliain i gCorca Dhuibhne. Déanaim go leor siúl agus mé ann. Níos mó ná is maith liom ar bhóithre!
Ach sa samhraidh bíonn bláthanna fiáine ar gach taobh den mbóthar, flúirse álainn dathanna. Tá na bláthanna ard agus feiceálach.

Nuair a bhaintear amach sleasa an chnoic atá go  minic fliuch níl na bláthanna chomh ard feiceálach céanna. Ach tá siad chomh hálainn céanna, agus in áiteanna chomh flúirseach gur geal le bheith ag siúl ar bróidnéireacht é.

Blianta beaga ó shin cheannaigh mé an leabhar Flóra Chorca Dhuibhne, a d'eascair as taighde cúramach de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá cuir síos ar sciar suntasach den 600 bláth a aimsíodh san taighde a lean roinnt blianta ann. Tá réamhrá léannta as Gaeilge faoi na cúinsí a mhúnlaíonn gnáthóga don saibhreas bláthanna. 

Níl spás i mo chuimhne ach do dhornán ainm. Ach tarraingíonn chugam an leabhar anois is arís ar mhaithe leis an eolas idir eolaíochta agus béaloidis ann. 

Bhí duine de seanfhondúirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne istigh ag caint le Helen Ní Shé ar an saol ó dheas inné. Sheol mé giolc a rá gurb é an t-aon locht a bhí agam ar an leabhar ná nach dtig é iompar leat i do phóca! 

Is saothar atá ann a sheasfaidh i bhfad. Treise leo! 
Póiríní seangáin 
Sciollam na móna 
Lus na seilge