Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label saol ó dheas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label saol ó dheas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-06-06

Capall na Mara


Bhí clár speisialta ag An Saol ó dheas ó Óstán an Merrion i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus taispeántas de ealaíon Liam Ó Néil á oscailt, agus naomhóg de chuid Eddie Hutch mar chuid de. Ní raibh ar mo chumas freastal ar an dtaispeántas sular bhog sé go dtí Dánlann an Oriel.

Tá seal caite agam ag siúl cnoic agus cósta Chorca Dhuibhne mórán gach bliain ó 2003, fillimid arís is arís ar ar mhaithe leis an dtírdhreach. Tá draíocht sa solas athraitheach a chruthaíonn dathanna faoi leith.

Tá sin gafa ag Liam Ó Néil sa sraith pictiúir seo a léiríonn naomhóga i mbun oibre ar canbháis móra. Dathanna láidre geala. Níl eolas agam ar an gceird ach bhraith mé go raibh gluaiseacht na bhfear agus na farraige ceaptha aige ar bhealach diamhair éigin. 

Is iomaí grianghraf glactha agam, agus tá cinn iontacha feicthe agam a ghlac daoine eile. Ach tá toise éigin ar leith, draíocht éigin san ola dhath a mhúsclaíonn mothúcháin nach bhfuil ar chumas grianghraf dá fheabhas a ghiniúint. 

Tá mé thar a bheith sásta gur chuala mé an clár agus gur spreagadh mé le cuairt a thabhairt ar an ndánlann. (Níl an t-airgead ná go deimhin an spás agam aon cheann de na na canbhás iontacha a bhreith liom!)

Bhí mé faoi gheasa go háirithe ag an gcéad pictiúir thuas, potaí gliomaigh á ardú faoi sholas na gealaí. Asarlaíocht! 

2021-08-27

Baile na nGall


Ainneoin tréan iarrachtaí athair mo mháthair, a ghearr uchtán giolcaigh Loch Rí mar chúnamh snáimhe dom agus é ag tabhairt ceachtanna dom, ní snámhaí maith in aon chor mé. Ach ní hamhlaidh do mo chlann. Níl ní is fearr leo ná léimt isteach sa tsáile ón gcé - Cuas an Bhodaigh nó Baile na nGall.

Baile na nGall is fearr leo. Tá dhá thrá beag deas ar gach taobh den ché, agus leathbhealach síos an ché tá staighre, mar sin is féidir léim ó airde níos ísle. Is féidir léim go sábháilte nuair atá an taoide idir lagthrá agus lánmhara.

Ar ndóigh, is cé oibre Baile na nGall, agus bíonn iascairí ag teacht le cé le lastas portáin nó potaí gliomaigh, agus veain fear an éisc ag teacht á bhailiú. Agus bíonn báid ceangailte le cé.

Ní mór dom a rá nár chuir a leithéid as dúinne, agus bhíomar airdeallach agus in ann na báid a sheachaint.

Ach chuala mé beirt iascaire ag caint ar an Saol ó Dheas - báid scriosta orthu mar gur ghiorraigh duine éigin an téad, agus gur fágadh ag crochadh an bád ag lagthrá, agus gur líonadh le huisce é agus an tuile ag teacht. Is dóigh liom gur deargaineolas agus faillí tromchúiseach é sin. Ba cheart go dtuigfeadh daoine go bhfuil an taoide íseal. Agus ar a laghad ba cheart an téad a scaoileadh amach arís tar éis é chiorrú roimh an cé a fhágáil.

An mór fhadhb eile ná trácht agus páirceáil.

Seachnaíonn mo nuachar tiomáint chomh fada leis an gcé. Fanann sí linn ar imeall an bhaile. I gculaith uisce tig leis na gasúr (atá fásta faoi seo) roinnt uair an chloig a chaitheamh san uisce nó gar dó. Go hiondúil fanaimse leo, agus imíonn sise léi ar a suaimhneas. 

Tá dornán áit páirceála lasmuigh de Thigh Bheaglaoich, ach is annamh nach mbíonn siad lán. Le roinnt blianta anois tá binsí lasmuigh de Thigh TP. Ní bheadh sé cuí páirceáil ansin. Tá dornán tithe saoire le páirceáil dóibh féin i dtreo na faille - mar sin ní hannamh tranglam tráchta - go háirithe mar go bhfuil cúinne géar ann. 

Aontaím go láidir le moladh an t-iascaire go mbeadh clos páirceála ar imeall an bhaile. Ansin bosca mór groí buí ag ceann an ché agus na cúinní chun a dhéanamh soiléir go mba cheart fanacht glan ar an áit. 

Mar a tharlaíonn sé, toisc nach raibh na buachaillí thart an dara seachtain, chaith mé níos mó ama san uisce, ag coinneáil comhluadar leis an déagóir. Is iontach an difear a dhéanann culaith uisce (d'oir ceann Finn dom). Ní hamháin nár éirigh mé chomh fuar céanna, ach bhí snámh sa chulaith a d'fhág nár tháinig tuirse orm de dheasca mo dhrochshnámh. 

Áit iontach is ea Baile na nGall, agus tá súil agam go mbainfear amach cothromaíocht idir riachtanais na n-iascairí agus na fámairí (ar a bhfuil na tithe óil agus ithe ag braith, gan trácht ar an folcadán feamainne...) 


2021-04-28

Cártaí Feasa

Is buaiteoir comórtas fiontraíochta Údarás na Gaeltachta iad Cártaí Feasa ó Phobalscoil Corca Dhuibhne. Chuala mé na mná óga ag caint ar an Saol ó Dheas an tseachtain seo chaite, agus chuaigh mé caol díreach go dtí eBay leis an táirge a cheannach!

Deich Euro atá ar na cártaí, agus 2.50 € ar phostas in Éirinn. Tháinig na cártaí inniu.

Fiche ceathair pictiúir le neacha osnádúrtha, roinnte ina dtrí rannóg - Scéalta, Miotais nó Finscéal. De bharr an roinnt sin is féidir cluiche simplí cártaí a imirt leo, ina gcuirtear na cártaí i gcomparáid de réir aicme, agus aicme amháin ag sárú aicme eile.

Tá na pictiúir gleoite, agus stíleanna éagsúla orthu.

Tá cód QR ar chúl gach cárta a nascann le suíomh idirlín an togra, áit a bhfuil scéal gach neach inste i nGaeilge agus as Béarla - agus taifid fuaime ag dul leis agus an scéal á insint ag duine den fhoireann.

Bheinn beagáinín buartha faoi seasmhacht an chuid sin den togra - imíonn suíomhanna idirlín le gaoth nuair nach bhfuil institiúid laistiar daoibh, agus níl soundcloud féin iomlán iontaofa.

Ach mar togra scoile tá sé iontach snasta. Is maith liom an stáin ina bhfuil na cártaí, cé go bhfuil sé beagáinín deacair iad a bhaint amach. Is cosúil gur aimsigh siad clódóir áitiúil in Oileáin Chiarraí chun an cló a dhéanamh.

Moladh amháin chun feabhais a dhéanfainn ná gur ceart cúinní cruinne a bheith ar na cártaí, ach seans go gcuirfeadh sé sin go mór leis an gcostas.

Deis caillte a bhí ann gur as Béarla (Tales, Myths and Legends) atá na haicmí cé gur as Gaeilge atá mórchuid na neacha ainmnithe.
Ba leor dar liom an dath éagsúil chun an aicme a chuir in iúl dóibh siúd gan Ghaeilge. 

Mionrudaí iad seo áfach. Togra idirbhliana atá i gceist, ach tá gach gné de snasta gairmiúil. Tá na fiontraithe óga ag tabhairt aghaidh ar chomórtas Eorpach anois - ar líne, faraor, mar is cinnte go bhfuil an taithí a bheadh le fáil as taisteal agus meascadh le fiontraithe óga eile tuillte go maith acu. 

Gúim gach rath orthu. Luaigh siad ar an Saol ó Dheas go raibh fiontraí i dteagmháil leo cheana chun breis forbartha a dhéanamh ar an gcoincheap. Agus go raibh smaointe acu féin conas tógáil ar an dtogra. Go n-éirí go geal leo! 

2020-08-15

Flóra Chorca Dhuibhne

Caithim seal uair nó dhó sa bhliain i gCorca Dhuibhne. Déanaim go leor siúl agus mé ann. Níos mó ná is maith liom ar bhóithre!
Ach sa samhraidh bíonn bláthanna fiáine ar gach taobh den mbóthar, flúirse álainn dathanna. Tá na bláthanna ard agus feiceálach.

Nuair a bhaintear amach sleasa an chnoic atá go  minic fliuch níl na bláthanna chomh ard feiceálach céanna. Ach tá siad chomh hálainn céanna, agus in áiteanna chomh flúirseach gur geal le bheith ag siúl ar bróidnéireacht é.

Blianta beaga ó shin cheannaigh mé an leabhar Flóra Chorca Dhuibhne, a d'eascair as taighde cúramach de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá cuir síos ar sciar suntasach den 600 bláth a aimsíodh san taighde a lean roinnt blianta ann. Tá réamhrá léannta as Gaeilge faoi na cúinsí a mhúnlaíonn gnáthóga don saibhreas bláthanna. 

Níl spás i mo chuimhne ach do dhornán ainm. Ach tarraingíonn chugam an leabhar anois is arís ar mhaithe leis an eolas idir eolaíochta agus béaloidis ann. 

Bhí duine de seanfhondúirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne istigh ag caint le Helen Ní Shé ar an saol ó dheas inné. Sheol mé giolc a rá gurb é an t-aon locht a bhí agam ar an leabhar ná nach dtig é iompar leat i do phóca! 

Is saothar atá ann a sheasfaidh i bhfad. Treise leo! 
Póiríní seangáin 
Sciollam na móna 
Lus na seilge 

2018-07-10

Maidhc File

Bhí fhios agam go raibh an File mar ainm ar mhac Pheig Sayers, Micheál Ó Gaoithín. Gurb é a scríobh síos óna reacaireacht a saol agus a scéalta. Bhí mé dall áfach ar filíocht leis a bheith i gcló. Go dtí gur chuala Séamus Barra ar an saol ó dheas ar na mallaibh, ag léamh dán dá chuid as a chnuasach Coinnle Corra. Spreag sé m'fhiosracht agus chuir mé fios ar ón leabharlann.

Bhí sé ceart agam éisteacht níos cúraimí le Séamus Barra! Dúirt sé go raibh a chuid filíochta duairc. Tá. Cumha, coimhthís, caoineadh. Fiú nuair a scaoiltear grá isteach is grá éagmaise atá ann.

Tá máistreacht ar teanga agus mothúcháin aige, agus ní filíocht pobail atá anseo mar a shíl mé - neafaiseach, éadrom ócáidiúil.

Cinnte tá caoineadh ar dhaoine ar leith ann, agus cumha d'áiteanna ar leith mar a thuigfeá i gcás duine a raibh air an baile a thréigeann (ach a raibh radharc fós aige ar an oileán óna bhaile nua).

Ach i ndáiríre is dánta uilíocha atá iontu, fuinte go maith. Téama a fánaí is atá an saol go smior iontu.

Is ina dhiaidh sin a léigh mé a bheatha ar Ainm agus is léir gur duine thar a bheith spéisiúil, léannta a bhí ann. Deirtear san insint sin go mbaineann sé leis na meánaoiseanna ar shlí, go raibh sé tógtha le Decameron Boccaccio.

Memento Mori.

Táim sásta gur léigh mé na dánta, ainneoin an duairceas. Ach ní uaidh a bheidh mé ag lorg sólás!