Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-05-28

Amhráin & Dánta Raiftearaí

Táim buíoch de Futa Fata a sheol cóip léirmheasa den oll-saothar seo chugam. De réir an chuir síos is éard atá ann:
I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar a gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn).  Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra rí-thaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.

Saothar mór téagartha atá ann, agus níl sé ar fad léite, ná baol air, agam. Leabhair tagartha atá ann, agus compánach fíor úsáideach do  bheathaisnéis Thadhg Mhic Dhonnagáin Mise Raiftearaí an Fíodóir Focail.

Tá díonbhrollach chuimsitheach curtha leis an leabhar ag Nollaig Ó Muraíle sa bhreis ar réamhráite agus nótaí chuimsitheacha an Chraoibhín - na nótaí beachtaithe agus fairsingithe nuair is gá. Tá Aguisín ann le leaganacha Béarla an Chraoibhín de na dánta ann. Tá clár céad línte ann, agus innéacs chuimsitheach. Foinse luachmhar eolais le bheith agam ar mo leabhragáin: mo nós le filíocht na leabhar a tharraingt chum ó am go chéile nuair a bhuaileann an taom mé. Beidh an ceann seo gar chuige sin!

De bharr an ré inar mhair Raiftearaí, agus a chúinsí féin, tá stair sóisialta na tíre sna dánta agus san eolas fúthu. Tá níos mó i gceist mar sin ná liricí neamhurchóideacha agus amhráin sábháilte grá! Tá roinn cuir síos ann freisin ar achrann Raiftearaí le daoine éagsúla, go háirithe teaghlach eile filí ar thit sé amach leo, rud a ghin go leor filíocht!

Tá ana chuir síos ann ar an meas agus go deimhin an eagla roimh filí a bhí ann lena ré, agus an tuiscint nach maith an rud é i gcónaí go molfadh file duine.

Seod luachmhar eile i leabharlann na nGael!


Amhráin & Dánta Raiftearaí
Údar:Dúghlas De hÍde
Eagarthóir: Nollaig Ó Muráile
Futa Fata a d'fhoilsigh
Dubh & Bán, Clúdach Crua
Líon na lth: 424 lth
ISBN: 978-1-910945-33-9