Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-05-24

Laoch na Laochra -Tionscadal na Tána

Tá Táin Bó Cuailgne (Darach Ó Scolaí) agus (cuid mhaith de) Laoch na Laochra (Réamoinn Ó Ciaráin) léite agam, agus fillim scaití orthu. Thug sin cúlra agus spéis dom in ócáid na hoíche aréir i Smock Alley, imeacht eile de chuid IMRAM agus Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath.

Ba dhá sprioc éagsúla ag an mbeirt acu, agus labhair siad fúthu - ag cuir sleachta ó na saothair i láthair agus ag léamh astu. Ansin chuir fear an tí, Cathal Póirtéir, an bheirt faoi agallamh ag doimhniú an méid a bhí ráite acu.

An sprioc a chuir Réamonn roimhe ná scéalta beatha Con Chulainn a thabhairt le chéile, ó na foinsí éagsúla Gaeilge agus Béarla. Agus é sin a dheánamh go tarraingteach agus thar aon rud eile i nGaeilge Uladh. Ní ar an Táin amháin a bhí a chuid oibre dírithe mar sin, ach ar Cú Chulainn go háirithe. Tá léaráidí lán dathanna Dara Vallely mar tionlacan ag aithris Réamoinn, agus is labhair mór toirtiúil atá ann. (Admhaím nach bhfuil an t-iomlán léite agam).  Ó shin tá eagrán Béarla den leabhar foilsithe, agus tá eagrán i nGaeilge, dírithe ar dhéagóirí ar na bacáin. Luaigh Cathal leis an cion agus an feidhm a bhaineann idir dílseoirí (a fheiceann Cú Uladh, cosantóir a gcúige ann) agus náisiúnaithe as. Luaigh Réamonn an feidhm a bhain an Piarsach as Cú Chulainn mar samhail an laoich foirfe. (Léigh mé áit éigin gurb geall le ball foirne i Scoil Éanna ab ea é). Agus go raibh plean ag dílseoirí dealbh cháiliúil Oliver Sheppard a ghoid on GPO, ach go raibh sé ró throm!

Scéal samhlaíoch osréalach scéal Cú na gCleas, scéal a shaibhríonn samhlaíocht agus litríocht ar fud na cruinne.

Litríocht na nGaeilge is mó is cás le Darach, agus is air atá Leabhar Breac ag fónamh faoina stiúir. Feictear dó go bhfuil leaganacha Nua Ghaeilge de dhíth agus dlite do scríbhneoirí na linne seo. Mura bhfuil a leithéidí ar fáil go forleathan do léitheoirí na Gaeilge, ní féidir le scríbhneoirí tagairtí díreacha nó indíreacha a bheadh sothuigthe a dheánamh. 

Tá roinnt saothair foilsithe ag Leabhar Breac thar na blianta, agus tuilleadh idir lámha.

Ina leagan fhéin de Táin Bó Cuailgne bhí Darach ag iarraidh athnuachan a dheánamh ar ghontacht agus ealaín an bhunleagan, saothair éigeas áirithe amháin dar leis. Bhunaigh sé a athchruthú ar leagan Leabhar na hUidhre. Ach tá roinnt scéalta a mbeadh taithí ag daoine orthu, agus súil acu leo, nach bhfuil ann ach atá sa Leabhar Laighneach - atá níos osréalaí foclaí. B'éigean do mar sin iad a lomadh le go neadódh siad i gceart san athnuachan.

Athnuachan ar cheart tarlú gach glúin dar leis, de bhrí go sleamhnaíonn brí focail agus fráma tagartha an léitheora de bharr taithí éagsúil.

Ócáid agus plé thaitneamhach, agus is cinnte gur dhá shaothair iad a chuirfidh go mór le saibhreas léitheoirí na Gaeilge.

Mar is iondúil d'imeachtaí IMRAM bhí íomhánna á theilgeadh ar an mballa- rogha Margaret Lonergan as pictiúr Dara Vallely, móide roinnt íomhánna ó leaganacha eile fearacht leagan Lady Gregory nó saothair Jim Fitzpatrick, agus roinnt trealamh ón Iarnaois as stóir an Iarsmalann Náisiúnta. Ar an ndrochuair ní raibh siad chomh héifeachtach agus a bhíonn de ghnáth. Tá Smock Alley ana ghnóthach le linn Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath, agus mar sin ní raibh deis ag Margaret an ghnáth cúram a chaitheamh le roghnú agus lonnú scáileáin. Ní raibh de rogha aici mar sin ach na híomhánna a theilgeadh ar an mballa - agus sin i leataobh ó na cainteoirí. Ba dheacair dá réir aird a thabhairt orthu. (Ach tá spreagadh faighte agam amharc arís ar an leabhar).