Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-05-12

Mac Dé Cé hÉ?

Sheol Cló Iar Chonnacht cóip léirmheasa den úrscéal is déanaí seo le Pádraig Standún chugam. Tá an Standúnach ag scríobh úrscéalta le fada, agus is minic an ghaol idir an Eaglais, an chreideamh agus an pobal á chíoradh iontu. (Tá a ghaol féin leis an Eaglais céanna sách casta mar a léirigh sé in Eaglais na gCatacómaí)
San úrscéal seo tá an cheist á chíoradh arís aige, ag baint feidhm as criú scannánaíochta, an stiúrthóir ach go háirithe, a bheith tagtha chomh fada le baile beag in Iarthar na hÉireann chun scannán faoi Íosa a dhéanamh.

Ní dóigh liom gur éirigh leis an consaeit.

Níor chreid mé i formhór a chuid carachtar - seachas an sagart paróiste féin. Bhraith mé gur dearcthaí seachas daoine a bhí sa gcuid eile, iad cineál aon-toiseach. 

Níor chreid mé in aon chor san iriseoir óg mná a chuaigh ó bheith ag iarraidh stop a chuir leis an rud go bheith ina páirt lárnach sa scannán.

Bhí smaointe maithe ann, agus bhí smaointe an sagairt a léirigh sé i sruth comhfheasa spéisiúil. Ach ní dóigh liom gur iompar an scéal na smaointe agus bhí barraíocht den údar a bheith ag rá linn seachas ag taispeáint dúinn. 

Bhraith mé freisin gur fhorbairt cuid mhaith de na heachtraí collaíochta (agus táid ann) ró ghasta le bheith inchreidte; níos thúisce an stiúrthóir i leaba bean an tí tábhairne ná bhí an scéal ag madraí an bhaile. Go deimhin, agus seans gur fabht eagarthóireachta ba chúis le seo, shílfeá go raibh na ráflaí scaipthe sular tharla an comhriachtain! 

Bhí sé deacair scaití freisin an imeacht ama a bhí ceaptha bheith sa scéal a tomhais, rud b'fhéidir a bhain de mo thuiscint air.

Mac Dé Cé hÉ
Pádraig Standún
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441715