Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-05-21

An Túr - Tionscadal an Tarot

Táim dall ar, agus go deimhin amhrasach faoin Tarot. De réir mo thuisceana teoranta is modh fáistine atá ann a d'forbair as cluiche cártaí. Diaidh ar ndiaidh forbraíodh léamha asarlaíochta ar titim na gcartaí.

Ní an ábhar a mheall mé aréir go Smock Alley, ach filíocht Dairena Ní Chinnéide.

D'fhág mo aineolas gur beag adhmaid a bhain mé as sraith dánta is ealaíona a chruthaigh agus a chuir Helen Ivory i láthair. Do mo leitheidí gan insealbhú sa mhistéir ní raibh ann ach íomhánna agus focail diamhra. Dá mbeadh tuiscint agam ar na hÁrd Arcana a bhí faoi chaibidil aici, tharlódh go mbeadh ar mo chumas tuairim fiúntach a thabhairt. Ach ba dorcha agam iad.

Scéal eile ar fad ab ea taibhe Dhairena. Scéal triúr ban - an Bhanfhile, an Bhean Feasa agus an Bhean Rua - ag roinnt taithí agus eolas ar an saol, á iniúchadh trí bhíthin an tarot. Thug sí réamhrá agus léargas ar rudaí uilíocha, caidreamh, grá, gruaim, titim, téarnamh agus teacht aniar.
Na cártaí agus a dtitim nó na sraitheanna ag tabhairt léargas agus gaois gach mnaoi faoi seach, agus iad ag fuineadh cairdeas agus comhairle.

Tá súil agam go bhfaigheadh an aiste cló buan, agus go mbeidh tionlacan rogha íomhánna an file físe Margaret Lonergan aige, mar a bhí aréir. Ancaire láidir do oscailt fuinneoga na hÉigse Gaelaí do chách, príomh chúram IMRAM, is ea filíocht físe Margaret le fada.

Sáraíonn an cheoil teorainn teanga freisin. Chan Enda Reilly leaganacha trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock de hamhráin le Bob Dylan, a scríobh seisean faoi anáil asarlaíocht an Tarot agus a siombail.

Taibhe fuinte fileata forbartha, mar a bhítear ag súil leis ó IMRAM.

Gura fada buan IMRAM agus na hoirfidigh.

Bhí scáil ar an ócáid faraor agus Liam Ó Muirthile ar lár ón Aoine. Chuir Liam Carson a ómós agus a bhrón in iúl roimh tús imeachtaí. Ba chuí sin- roinn Liam a éigeas go flaithiúil tríd IMRAM mar a rinne ar a liachta ardán eile. Go raibh suaimhneas síoraí aige.