Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Dairena Ní Chinnéide werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dairena Ní Chinnéide werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-11-23

Dán na Caillí

Bíonn rogha na himeachtaí le freastal orthu le linn féile IMRAM i gcónaí deacair. I mbliana, ar an ndrochuair, bhí orm bheith thar lear don bpríomh deireadh seachtaine. 

Ba leor áfach duine de Laoighseach Ní Choisdealbha, Dairena Ní Chinnéide nó Eithne Ní Ghallchobhair mé a mhealladh go lár na cathrach - ach an triúr acu le chéile!

Anuraidh bhí comhdháil acadúil ag an Acadamh Ríoga faoi phearsa na Caillí. D'aithin siad an uair úd go raibh rud le rá freisin ag na healaíontóirí faoin ábhar, agus chuaigh i bpáirt le hIMRAM agus na filí chun an bhearna sin a líonadh. Bhí an tinfeadh ag Majella Ní Chriocháin, bainisteoir IMRAM Róis a luadh le Liam Carson mar cheoltóir feiliúnach.

Triúr ban ultach, trodaí Duibhneach agus an file físe Margaret Lonergan, ar dheacair ócáid de chuid IMRAM a shamhlú d'uireasa a híomhánna teilgthe. 

Is iomaí brí ag an bhfocal Cailleach ar ndóigh, agus thagair Máire Ní hAnnracháin do brí amháin, i. Bean scothaosta agus í ag baint feidhme as an cuir síos sin uirthi féin. 

Baineann sanasaíocht Cailleach le caille, i. fial. Agus bhí éadan Róis folaithe faoi chaille dhubh lása nuair a tháinig sí i láthair chun a cheol diamhair féin a chuir i láthair - guth álainn agus asarlaíocht leictreonach scaití á threisiú agus babhtaí eile á choimhthiú. Thug sí amhráin dúinn idir na filí agus tionlacan cúlra dóibh. 

Thug Laoighseach sraith dánta dúinn, mar is iondúil ionchollaithe, baineann, láidir. Lán de thagairtí do théacsanna idir saolta, scrioptúrtha agus ó litríocht na cruinne agus na Gaeilge. Fite fuaite le tuiscint ar Chailleach Bhéara an dáin agus a miangas sise. 

Bhí dánta Dairena Ní Chinnéide fáiscthe as Dinnseanchas Iarthar Dhuibhne agus cuimhní teaghlaigh ar mná feasa, agus coimhlint idir piseog is creideamh, mná feasa agus cléireach tiarnúil. 

Agus bhí reacaireacht Eithne Ní Ghallchobhair báite sa bhéaloideas, cuid de na téamaí a chíor sí i Múscail, a ghiorria. Tuiscint is neamhbhreithiúnacht an bhean feasa, beag beann ar na claontuairimí fúithi féin agus a dlúthbhaint leis an dúlra. 

Bhí dán amháin i nGaeilge na hAlban againn, ó Caitrìona Lexy Chaimbheul .

Mar is iondúil le ócáidí imram.ie, fiú agus seo i suíomh acadúil leabharlann an Acadaimh ríoga, is Gesamtkunstwerk a bhí ann - filíocht, íomhánna agus ceol ag tagairt dá chéile, fite fuaite le chéile chun an lucht éisteachta agus féachana a fhuadach chuig domhain na samhlaíochta faoi réir na Caillí. 



2025-10-01

Room to Rhyme


Bhí mé sa Cheoláras Náisiúnta oíche Sathairn. Mar chuid den fhéile Tradition now bhí ócáid ar thug siad Room to Rhyme i gcuimhne ar Séamus Heaney, Michael Longley & David Hammond.

Ócáid filíochta le tionlacan ceoil, nó b'fhéidir ócáid ceoil le tionlacan filíochta. Chuala mé Dairena Ní Chinnéide ag trácht air ar an saol ó dheas. Cheannaigh mé ticéad ar an bpointe!

Ina mbeirteanna (seachas i gcás an Chéad ghlúin eile agus Annemarie Ní Churreáin) a tháinig na hoirfidigh ar stáitse.

Chuir Susan McKeown tús leis an imeacht le sliocht i nGaeilge ársa nár thuig mé, ach a raibh cumhacht sna fuaimeanna. 

Meascán d'fhilíocht agus amhráin idir Béarla agus Gaeilge, rogha na hoirfidigh a bhí ann. Léigh Breanndán Begley sliocht fileata as a leabhar chomh maith le Dairena a thionlacan. (Nuair a deir fear Baile na bpoc rud chun a shástachta, tá filíocht ann). Tugadh amhrán as Araibis dúinn freisin.

Cuireadh bailchríoch ar an oíche nuair a tháinig na hoirfidigh ar stáitse in éineacht agus chan agus cheol Raglan road Kavanagh - chuir Breanndán tús leis sin tríd an amhrán len a mbaineann an fonn a chanadh - Ar bhruacha Locha Léin.

An chliar iomlán -
Breanndán Begley, Colm Broderick, Moya Cannon, Brigid Mae Power, Dairena Ní Chinnéide, Neil Martin, Annemarie Ní Churreáin, Aisling Lyons, Colm Mac Con Iomaire, Susan McKeown, MayKay, Liam Ó Maonlaí, Steve Cooney, Éoghan Ó Ceannabháin, Andy Irvine, Áine Uí Cheallaigh, An Chéad Ghlúin Eile, Derbhle Crotty

Filí, reacairí, amhránaithe, píobairí, cruitirí, agus seinnteoirí sreanga. 

Ard oíche. 

2022-06-04

Cosán Cholm Cille


Bhí an leabhar seo istigh mar féirín le Bádh b'fhéidir nuair a tháinig sé chomh fada liom ó Éabhlóid. 

Dánta agus seanchas a bhfuil baint acu le Colm Cille agus ealaíon ag dul leo.

Dánta nua le Dairena Ní Chinnéide agus Meg Bateman ag tarraingt as scéalta faoi shaol Cholm Chille. Aistriúcháin ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ar dánta ón tseanlitríocht a leagtar ar Cholm Cille.
Leagan i nGaeilge na hÉireann ag Rody Gorman ar an ndán fada le Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair - Birling Chlann Uí Dhónaill - faoi foireann agus long i ngleic leis an anfa, ach a bhaineann Í amach slán.
Blúiríní seanchas as bailiúchán na scoil. Léaráidí agus grianghraif ealaíonta.

Deoir ghloine ag Seán Ó Flaithearta agus é curtha i lár tírdhreacha éagsúla. Léaráidí ag triúr eile ag treisiú na dánta le híomhánna.

Is dócha go raibh taispeántas ag dul leis le linn Fhéile an Earagail. Is cuimhneachán cuanna ealaíne an leabhar ar cothrom lae breithe Cholm Chille míle chúig chéad bliana ó shin. 


Cosán Cholm Cille
Ceiliúradh 1500 Cholm Cille
Baird Nua-Aoiseacha d'Fhéile an Earagail 2021 i gcomhar le Colmcille


SCRÍBHNEOIRÍ:
Dairena Ní Chinnéide
Meg Bateman
Rody Gorman
Eoghan Mac Giolla Bhríde

EALAÍONTÓIRÍ:
Seán Ó Flaithearta
Kim Sharkey
Norman Shaw
Derek Robertson

2021-06-17

Tairseach

Tamall siar chuala mé Dairena Ní Chinnéide ag plé an cnuasaigh seo le Helen Ní Shé ar an Saol ó Dheas. Tá roinnt leabhair le Dairena léite agam, agus í feicthe agam ag rá a cuid dánta. Bean láidir neamhspleách, atá sách láidir nach bhfuil deacracht aici laige a léiriú! Dánta daonna. Ar éigin go raibh an clár thart nó go raibh an leabhar ceannaithe agam ó Éabhlóid  agus ticéad curtha in áirithe agam don seoladh (ar líne). 

Tháinig an leabhar laistigh de chúpla lá - i bpáipéar burlála iontach cuanna le ribín dubh thart air. Nuair a amharc mé níos géire chonaic mé gurb iad na léaráidí beaga le Kim Sharkey atá ar an bpáipéar burlála. Tá na léaraidí beaga dubha agus bána seo scaipthe tríd an leabhair, mar a bheadh nótaí imill, ag trácht ar na dánta gan a bheith ag tarraingt air uathu. Tá dearadh an leabhar iontach cuanna - é beagán níos lú i bhfad agus leithead ná gnáthleabhar, clúdach deannaigh agus clúdach crua cuanna faoi. Cló deas, cé gur mhothaigh mé féin le mo shúile millte ag ríomhaireacht na blianta go bhfeadfadh an cló a bheith pas beag níos mó!

Is díolaim shaibhir atá sa leabhar, le roinnt rannóga ann ag plé le réimsí éagsúla saoil - bás máthair na file agus an cumha a d'eascair as sin, dánta grá collaí, dánta caidrimh de chineáil eile, comhluadar agus comhghuaillíocht le mná, agus le fir. Rannóg cumhachtach fáiscthe as an paindéim agus an clutharú - agus na fréamhacha doimhne atá aici in Iarthar Dhuibhneach agus sa phobal.

Tá na dánta iontach saibhir, agus léigh mé an cnuasach go mall. Bhí sciar nár thuig mé - ach fillfidh mé orthu. Bhí go leor a las solas ionam, go háirithe nuair a theagmhaigh siad le mo thaithí féin nó le háit nó ócáid go raibh eolas agam air. Is dóigh liom go mbeidh mé ag filleadh ar an gcnuasach seo arís is arís, ag roghnú dánta a labhraíonn liom de réir mo mheoin agus taithí ag an am. Compánach de leabhar. Fiú na dánta a bhaineann leis an tréimhse eatramhach paindéime seo, tá gnéithe uilíoch iontu.

Máirín Nic Eoin a scríobh an réamhrá don leabhar, agus is í freisin a chuir agallamh ar Dairena ag an seoladh ar líne a reáchtáil Féile Litríochta an Daingin. Lena heolas leathan, léirigh ceisteanna Máirín agus freagraí Dairena - agus an rogha dánta a d'iarr Máirín ar Dairena a léamh - go leor dom nach mbeadh feicthe agam féin.

Maraon leis sin ag an seoladh bhí roinnt de na dánta curtha le ceol agus físeán - tá teacht orthu sin ar Youtube Éabhlóid.


Cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide
Clúdach crua. 152 lch.
Éabhlóid

2020-12-26

IMRAM 2020


Buaicphointe le linn na bliana dom Féile IMRAM, féile litríochta a bhíonn ar siúl timpeall ar Bhaile Átha Cliath in  ionaid éagsúla. I mbliana bhí ar an féile dul ar líne. Seachas zoom, roghnaigh Liam Carson an taibhe ilmheáin is dual do IMRAM a chuir i láthair le scannáin ar ardchaighdeán - rud a fhágann go mbeidh cartlann fiúntach fágtha.

Bheadh sé indéanta, is dócha, amharc ar gach rud - ach bheadh póit éalaíne orm dá ndéanfainn. D'amharc mé ar trí shraith. 

Dánta Duibhneacha, dhá taispeántas a taifeadadh sa Díseart sa Daingean le filí agus ceoltóirí Duibhneacha. Tá neart filí agus ceoltóirí ann, ar ndóigh, agus éagsúlacht guthanna agus stíle. Ionad deas freisin cé gur bhraith mé gur fhuamnaigh sé folamh - ag cuir leis an uaigneas a bhaineann le léamh don gceamara gan pobal. Ach ba dheas ann é, agus chuala mé guth a bhí nua domsa - Peadar Ó hUallaigh, chomh maith le filí agus ceoltóirí a bhfuil aithne agam orthu. 

Duine acu, Dairena Ní Chinnéide, a léigh leaganacha Mháire Mhic an tSaoi de Marbhnaí Duino Rilke. Ana rogha, mar gur canúint shaibhir Dhuibhneach a chuir Máire Mhac an tSaoi ar Gearmáinis shaibhir Rilke. Mar is iondúil, chuir Margaret Lonergan rogha iontach físeanna leis na focail, agus bhí na focail le léamh freisin ar an scáileán. Is oth liom a rá go raibh sé deacair díriú air suite ar an dtolg sa bhaile seachas dá mbeinn suite i Scoil na mBuachaillí, abair. Ach is féidir liom amharc siar nuair atá m'aigne níos suaimhní! 

Caitríona Ní Cleirchín a chuir Gaeilge air dornán eachtraí ó Leabhar na nAthruithe Oivid. Léigh Cathal Póirtéir go sollúnta beoga na focail - agus thug scáth puipéid Púca Puppets (Niamh Lawlor) beatha ar leith don scéal. Bhí Síle Denvir agus Thomas Johnston ag tionlacan an taibhiú le ceol - agus uaireanta chan Síle amhrán ar an sean nós a d'fheil don scéal - léiriú eile ar uilíochas litríocht na Gaeilge agus a ionad seasmhach sa chultúr Dhomhanda. 

Taithí deas a bhí ann cé gur bhraith mé uaim go mór an chomhluadar agus an atmaisféar ar leith a eascraíonn as pobal a bheith ag éisteacht go  géar le hoirfidigh. Sin ráite is boige i bhfad an tolg sa bhaile ná binsí crua Scoil na mBuachaillí i Scabhat Smock! 

Tá súil agam mar sin féin go mbeidh IMRAM 2021 ar ais sa ghnáth mhodh - cé gur féidir gurb fiú smaoineamh ar roinnt de a thaifid agus an dá thráth a fhreastal. 

Ana obair déanta ag Liam Carson agus meitheal Féile IMRAM. 


2019-05-08

Máthair an Fhiaigh


Ar lá na Filíochta le déanaí tarlaíonn sé go bhfaca mé físeán de Dhairena  Ní Chinnéide ag reic filíochta faoi dhó. Dán faoin nGaeilge le Mícheál Ó hAirtnéide, agus dán dá cuid féin ag léiriú ómós do Sheoirse an Chaifé Liteartha. 

Spreag sé sin mé le súil a chaitheamh ar seilf (bheag) na Gaeilge i leabharlann Mhullach Íde. Bhí súil agam rud éigin le Ó hAirtnéide a aimsiú mar nach bhfuil faic dá chuid léite agam (tá sé iarrtha agam ar iasacht idir leabharlainne). 

Tá scríofa agam cheana faoin Trodaí, cnuasach dá cuid a léigh mé traidhfil blianta ó shin. 

Bhí na dánta sin trodach don gcuid is mó, streachailt an ghrá agus an tsaoil. 

Carraig mara i gCorca Dhuibhne is ea Máthair an Fhiaigh (Go gcosnaí Dia tú ar an fiach is a mháthair!) 

Tá sciar de na dánta seo ar maos i ngrá d'Iarthar Dhuibhneach, áit dúchais an fhile as a bhfáisceann sí neart agus neart filíochta. (Ceantar atá siúlta go minic agam féin agus mo chroí istigh ann). 

Tá rannóg eile lán le grá máthartha dá mac. 

Ceann eile fós ag ceiliúradh go macnasach tig dá cuid féin a bheith aici faoi dheireadh agus í in ann é chuir in oiriúint di féin de réir a toighis. 

Rannóg faoi thréimhse oibre san Eoraip. 

Níl na nótaí dorcha in easnamh go hiomlán ach ar an mórgóir is ceiliúradh ar aoibhneas na beatha an cnuasach seo. Ardú meanman. 

(Corr amharc a chaith mé ar a leaganacha Béarla, nuair a bhí mé éiginnte faoi fhocail.)

Táim sásta gur ghéill mé don spreagadh! 





 Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother 
 Dairena Ní Chinnéide
 Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781905560271 

2018-05-21

An Túr - Tionscadal an Tarot

Táim dall ar, agus go deimhin amhrasach faoin Tarot. De réir mo thuisceana teoranta is modh fáistine atá ann a d'forbair as cluiche cártaí. Diaidh ar ndiaidh forbraíodh léamha asarlaíochta ar titim na gcartaí.

Ní an ábhar a mheall mé aréir go Smock Alley, ach filíocht Dairena Ní Chinnéide.

D'fhág mo aineolas gur beag adhmaid a bhain mé as sraith dánta is ealaíona a chruthaigh agus a chuir Helen Ivory i láthair. Do mo leitheidí gan insealbhú sa mhistéir ní raibh ann ach íomhánna agus focail diamhra. Dá mbeadh tuiscint agam ar na hÁrd Arcana a bhí faoi chaibidil aici, tharlódh go mbeadh ar mo chumas tuairim fiúntach a thabhairt. Ach ba dorcha agam iad.

Scéal eile ar fad ab ea taibhe Dhairena. Scéal triúr ban - an Bhanfhile, an Bhean Feasa agus an Bhean Rua - ag roinnt taithí agus eolas ar an saol, á iniúchadh trí bhíthin an tarot. Thug sí réamhrá agus léargas ar rudaí uilíocha, caidreamh, grá, gruaim, titim, téarnamh agus teacht aniar.
Na cártaí agus a dtitim nó na sraitheanna ag tabhairt léargas agus gaois gach mnaoi faoi seach, agus iad ag fuineadh cairdeas agus comhairle.

Tá súil agam go bhfaigheadh an aiste cló buan, agus go mbeidh tionlacan rogha íomhánna an file físe Margaret Lonergan aige, mar a bhí aréir. Ancaire láidir do oscailt fuinneoga na hÉigse Gaelaí do chách, príomh chúram IMRAM, is ea filíocht físe Margaret le fada.

Sáraíonn an cheoil teorainn teanga freisin. Chan Enda Reilly leaganacha trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock de hamhráin le Bob Dylan, a scríobh seisean faoi anáil asarlaíocht an Tarot agus a siombail.

Taibhe fuinte fileata forbartha, mar a bhítear ag súil leis ó IMRAM.

Gura fada buan IMRAM agus na hoirfidigh.

Bhí scáil ar an ócáid faraor agus Liam Ó Muirthile ar lár ón Aoine. Chuir Liam Carson a ómós agus a bhrón in iúl roimh tús imeachtaí. Ba chuí sin- roinn Liam a éigeas go flaithiúil tríd IMRAM mar a rinne ar a liachta ardán eile. Go raibh suaimhneas síoraí aige.

2016-09-22

An Trodaí

Ní léitheoir minic filíochta mé. Tá dosaen éigin leabhair filíochta, roinnt díolaim ina measc, ar mo leabhragáin. Seanfhondúirí den chuid is mó. Ó Ríordáin, Ó Direáin, ┐araile. (Níl cnuasach ceart de chuid Mhac an tSaoi i leabhar agam. Bearna). Corr chnuasach nua, go minic toisc go raibh mé ag seoladh.

Anois is arís buaileann taghd mé is léim dán nó trí.

Is don gcluas filíocht áfach, agus tá leathdosaen file agus a ndánta á reic acu  ar mo sheinnteoir ceol, ag giorrú mo thurais dom nuair a bhíonn an fonn sin orm.

Mar sin féin, tá Dairena Ní Chinnéide cloiste agam cúpla uair ag imeachtaí de chuid IMRAM agus chuaigh a fuinneamh i bhfeidhm orm. Croch mé liom a saothar dhá theangach An Trodaí  dá réir nuair a tháinig mé air i measc an beagán leabhair Gaeilge atá i leabharlann Mullach Íde.

Toisc gur ar iasacht a bhí sé agam, rinne mé iarracht é léamh ó chlúdach go clúdach- bun os cionn le mo ghnáth nós i leith filíochta.

Ní raibh pioc díomá orm. Tá na dánta láidir, lán de mórtas áite agus cine ainneoin an file bheith ag iomrascáil lena saol agus a cuid deamhain, neacha nach bhfuil éinne saor orthu.

Réabann grá máthair ach freisin na dúshláin a bhíonn roimh tuismitheoir ar bith as na dánta a luann a mac.

Tá Iarthar Dhuibhneach ina phearsa geal leis sna dánta, an tírdhreach as ar fáisceadh an file is a muintir.

Tarlaíonn sé go bhfuil go leor den talamh úd, atá beannaithe ag béaloideas na glúinte, siúlta agam, mar atá Reilig agus Tobar Ghobnatan atá luaite i ndán. (Níor leag mé cos ar na Blascaod fós, ach sin scéal eile).

Mhúscail na dánta macallaí i mo shamhlaíocht agus smaointe. Buíochas le Dia níl na deacrachtaí i mbím féin i ngleic leo ach íseal. Níor bhlais mé mar sin ach macallaí faon de na gnéithe sin sa bhfilíocht.

Ba bhreá liom taifead de Dhairena a léamh na saothair a bheith i'm chnuasach agam.

(Saothar dhátheangach atá anseo ach níor fhéach mé ar na leaganacha Béarla, is annamh a teagmhaíonn filíocht béarla le mo chroí)

2014-05-31

Díoltas na Cuimhne

Ar oíche Aoine seo chaite bhí mé i Scoil na mBuachaillí, ceann den trí spás amharclainne atá ag Amharclann Smock Alley.
Bhí oíche d'fhilíocht Marina Tsvetaeva eagraithe ag IMRAM mar chuid d'Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath. Léadh na dánta in aistriúcháin Béarla agus Gaeilge. (Bhí beagán díomá orm nach bhfuair muid blaiseadh ar a laghad de cheol na bun dánta Rúisise, cé nach dtuigfinn focal)

Is í Elaine Feinstein a léigh a cuid aistriúcháin Béarla, agus bhí dánta eile ag Dairena Ní Chinnéide. (Má thuigim i gceart is trí bhíthin leaganacha Feinstein a chuir sí aithne ar Marina Tsvetaeva).

Is iad leaganacha Dairena is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin, an paisean agus miangas níos soiléire ina reacaireacht siúd le hais sibhialtacht Elaine Feinstein. An teanga níos gaire do mo chroí gan amhras!  Ach reacairí den scoth iad araon agus bhí fuinneamh agus paisean le braith ar na dánta.

Spás spéisiúil atá i Scoil na Buachaillí, spás thar folamh na scoile gann ann ach binsí agus é chomh hard le dhá urlár. Fallaí bríce dearg. (Mholfainn áfach cúisín a bhreith leat ann - tá na binsí crua!) Bhí ceol tionlacan ann ó Steve Cooney agus Seán Mac Erlain . Cuireann an cheol go minic leis na hócáidí seo, ach dáiríre bhí an bheirt bhanfile breá in ann an spás a líonadh iad féin lena nguthanna! Níor bhain an ceol ón bpléisiúr, áfach. Agus, dar ndóigh bhí íomhánna an fhile físe, Margaret Lonergan ann.

Ócáid thaitneamhach agus fonn orm breis a chlos agus a léamh futhu ar fad!

Tá blaiseadh de reacaireacht Elaine Feinstein, agus dán le Marina á léamh aici, le clos anseo.