Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label margaret lonergan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label margaret lonergan werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-12-26

IMRAM 2020


Buaicphointe le linn na bliana dom Féile IMRAM, féile litríochta a bhíonn ar siúl timpeall ar Bhaile Átha Cliath in  ionaid éagsúla. I mbliana bhí ar an féile dul ar líne. Seachas zoom, roghnaigh Liam Carson an taibhe ilmheáin is dual do IMRAM a chuir i láthair le scannáin ar ardchaighdeán - rud a fhágann go mbeidh cartlann fiúntach fágtha.

Bheadh sé indéanta, is dócha, amharc ar gach rud - ach bheadh póit éalaíne orm dá ndéanfainn. D'amharc mé ar trí shraith. 

Dánta Duibhneacha, dhá taispeántas a taifeadadh sa Díseart sa Daingean le filí agus ceoltóirí Duibhneacha. Tá neart filí agus ceoltóirí ann, ar ndóigh, agus éagsúlacht guthanna agus stíle. Ionad deas freisin cé gur bhraith mé gur fhuamnaigh sé folamh - ag cuir leis an uaigneas a bhaineann le léamh don gceamara gan pobal. Ach ba dheas ann é, agus chuala mé guth a bhí nua domsa - Peadar Ó hUallaigh, chomh maith le filí agus ceoltóirí a bhfuil aithne agam orthu. 

Duine acu, Dairena Ní Chinnéide, a léigh leaganacha Mháire Mhic an tSaoi de Marbhnaí Duino Rilke. Ana rogha, mar gur canúint shaibhir Dhuibhneach a chuir Máire Mhac an tSaoi ar Gearmáinis shaibhir Rilke. Mar is iondúil, chuir Margaret Lonergan rogha iontach físeanna leis na focail, agus bhí na focail le léamh freisin ar an scáileán. Is oth liom a rá go raibh sé deacair díriú air suite ar an dtolg sa bhaile seachas dá mbeinn suite i Scoil na mBuachaillí, abair. Ach is féidir liom amharc siar nuair atá m'aigne níos suaimhní! 

Caitríona Ní Cleirchín a chuir Gaeilge air dornán eachtraí ó Leabhar na nAthruithe Oivid. Léigh Cathal Póirtéir go sollúnta beoga na focail - agus thug scáth puipéid Púca Puppets (Niamh Lawlor) beatha ar leith don scéal. Bhí Síle Denvir agus Thomas Johnston ag tionlacan an taibhiú le ceol - agus uaireanta chan Síle amhrán ar an sean nós a d'fheil don scéal - léiriú eile ar uilíochas litríocht na Gaeilge agus a ionad seasmhach sa chultúr Dhomhanda. 

Taithí deas a bhí ann cé gur bhraith mé uaim go mór an chomhluadar agus an atmaisféar ar leith a eascraíonn as pobal a bheith ag éisteacht go  géar le hoirfidigh. Sin ráite is boige i bhfad an tolg sa bhaile ná binsí crua Scoil na mBuachaillí i Scabhat Smock! 

Tá súil agam mar sin féin go mbeidh IMRAM 2021 ar ais sa ghnáth mhodh - cé gur féidir gurb fiú smaoineamh ar roinnt de a thaifid agus an dá thráth a fhreastal. 

Ana obair déanta ag Liam Carson agus meitheal Féile IMRAM. 


2019-11-11

Margaret Lonergan

Tá mé ag freastal ar imeachtaí de chuid IMRAM le blianta anois. Go minic bíonn filíocht físe de chuid Margaret Lonergan mar chúlra ag léiriú na léamha agus na taibheanna.

Téann siad i bhfeidhm orm agus is minic a fhanann íomhá liom (agus a chuireann ag tóraíocht mé). 

Tá cuimhne fairsing agus súil géar aici, agus na scileanna chun íomhánna a mheascadh agus colláis a chruthú. 

Chuaigh a roghanna i mbliana i bhfeidhm go minic orm agus tá sé sin ráite agam sna nótaí fánacha anseo. 

Is léir go dtumann sí í féin sna saothair chun an meon agus atmaisféar cuí a aimsiú don taibhe - agus é in oiriúint don seomra agus do saothair na hoirfidigh eile. 

Ní bhrúnn na híomhánna iad féin chun cinn, cuireann siad leis an éigse gan baint de na focail. Tugann lón machnaimh don lucht féachana gan a samhlaíocht a srianadh. 

Gura fada buan í. 



Tá roinnt dá cuid saothair féin le feiceáil ar Instagram https://www.instagram.com/jackdawstudiodublin/

2019-11-04

IMRAM - Nick Drake

Gadhar dúshúileach tháinig chugam
Gadhar dúshúileach bhí tuilleadh uaidh
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar na súl dubh
Gadhar na súl dubh

Bliain i ndiaidh bliana cuireann IMRAM ceolchoirm i láthair ina gcuireann plúr na gceoltóirí leaganacha traschruthaithe de amhráin ceoltóra Béarla i láthair. Blianta eile is ainm mór le rá a bhí i gceist, agus foireann mór glórach ceoltóirí ar an ardán. Spleodar agus fuinneamh ag croitheadh an lucht féachana.

Bhí cúrsaí difriúil i mbliana. Triúr ceoltóir ar an ardán.  Liam Ó Maonlaí (guth, pianó), Neil Martin (Dordveidhil), agus Peter O'Toole (giotár).

Nick Drake an cumadóir a bhí i gceist, amhránaí nach raibh ach trí albaim eisithe aige nuair a chuir ródháileog drugaí don galar dubhach a raibh a chrúba go domhain ann deireadh lena shaol. 

Bhí an ceol níos brónaí ná mar is iondúil, níos pearsanta, níos giorra do dhaoine. 

Leaganacha traschruthaithe Gabriel. 

Saothar chúramach físe Margaret Lonergan. Go leor grianghraf de Nick Drake agus a theaghlach fite le colláis ealaíne. Agus ealaíontóirí ar leith freisin. Javier Riera mar shampla, a leagann pátrún solais geoiméadracha anuas ar tírdhreacha a bhí mar chúlra do "Crann Torthaí". 

Ealaíontóir eile nach raibh fadsaolach de bharr duairceas faoina healaíon a thug na híomhánna oiriúnacha do "Hazey Jane / Jane Sa Cheo" — an Grianghrafadóir turgnamhach Francesca Woodman. 

Fíodh na heilimintí ar fad le chéile go cúramach as saothair na healaíontóirí uilig seo chun lón anama agus machnaimh a thabhairt do lucht a bhlaiste. 

Chuir Gabriel aguisín leis, ag léamh roinnt dáin de chuid máthair Nick, Molly Drake maille dán dá chuid féin spreagtha ag leac uaighe Nick Drake. Óna shuíochán a léigh sé seachas ón ardán, sa dóigh is gur guth díchollaithe na hÉigse a chuala an lucht féachana.... Diamhair. 

Tá formhór na téacsanna ar fáil ar bhlag Gabriel

2017-10-20

Mis

Bhí féasta eile éigse romham anocht ag Áras Éigse Éireann. Mar chuid d'fhéile IMRAM, bhí Biddy Jenkinson ag reic sleachta as a dán fada, athinsint ar scéal Mhis agus a slánú ag Dubhrois ón mire a ghlac seilbh uirthi ar bás a hathair i gCath Fionntrá.

Bhí reacaireacht Biddy ceolmhar ann féin, ag tabhairt beocht ar leith dá focla. Ach maille sin bhí ceol giotár agus gutha ó Enda Reilly. Agus bhí léaráidí áille cruthaithe ag Margaret Lonergan.

Tá fuil agus ár sa scéal, lionndubh agus buile. Ach freisin gean agus grá. Macnas agus collaíocht. Áthas agus iontas. Brón agus sceoin.

D'oibrigh an triúr ealaíontóir as lámha a chéile chun an lucht féachana agus éisteachta a bhá sa scéal, muid a fhuadach ar aistear samhlaíochta.

Bhí ilghnéitheacht sa léiriú: thug mé suntas ar leith do na guthanna a bhronn Biddy ar na cailleacha agus deamhain. Do Saturn Goya agus tírdhreacha Sliabh Mis i measc íomhánna saibhre Margaret Lonergan. Don réimse idir goltraí agus geantraí a d'fháisc Enda Reilly as guth agus giotár.

Féasta éigse!

2014-02-22

Fuaim, fís agus filíocht

D'fhreastail mé ar ócáid eile den scoth eagraithe ag Liam Carson agus IMRAM aréir. Mar chuid de chomhdháil ar Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain cuireadh blaiseadh ar fáil de trí chinn de Thionscadail IMRAM. Léigh Liam Ó Muirthile roinnt dá aistriúcháin ar Rimbaud. Léigh Ailbhe Ní Ghearrbhuigh a dánta a cumadh do BAILE OÍCHE. Agus léigh Gabriel Rosenstock samplaí dá leaganacha de de Haiku Jack Kerouac agus ansin a dhán Góstaí Jack Kerouac.
Ach mar thionlacan leis na léamha bhí filíocht físe Margaret Lonergan agus ceol a chum agus a sheinn Enda Reilly don ócáid - éacht ós rud é nach bhfuair sé ach fógra cúpla lá! Ag seinm a ghiotár a bhí sé le cuidiú ó roinnt cleasaíocht leictreonach - an chineál ruda ar thug Colm Mac Con Iomaire an Recession Quartet air ag Imbolc anuraidh!
Is buanchuid de na Tionscadal na híomhánna teilgthe a chuireann Margaret Lonergan ar fáil mar léiriú ar an bhfilíocht. Bhí deis aici agus an Enda a réimse scileanna a chuir i láthair mar go raibh éagsúlachtaí ana mhór san ábhar. Léigh Liam a leaganacha áille, ag brúchtadh le híomhánna de shaothar Rimbaud, an dán Aube abair agus bhí díreach na híomhánna cearta roghnaithe ag Margaret.
I gcás "Baile Oíche" is amhlaidh a tháinig na híomhánna roimh na dánta - chuir Liam pictiúr de Bhaile Átha Cliath istoíche faoi bhráid roinnt filí agus d'iarr dánta orthu. Bhí dornán dánta taitneamhacha, greannmhara ag Ailbhe dúinn. Spreag pictiúr de mhainicín i siopa éadach cnis scéal dán fíor ghreannmhar faoi Ghaeilgeoir deireadh Bhaile Átha Cliath - Bé aimsire de chuid TG4 a d'éalaigh ón ár a d'imir Rights for Anglophones ar an gcuid eile againn agus a bhí anois caomhnaithe in iarsmalann....
Filíocht uirbeach, freacnairceach, greannmhar, spraíúil.
Lean dánta bithbhuana ó Gabriel. Tá meas haijin - máistir Haiku - ar Jack Kerouac, (mar atá sílim ar Gabriel féin), duine atá in inmhe an bomaite tabhairt faoi deara a cheapadh i bhfoirm haiku. Léigh sé sampla de dhánta Kerouac a d'aistrigh sé. Ansin léigh sé a dhán fhéin, dán faoi na tionchair ar Kerouac. Nós a bhí aige nuair a chonaic an tionscadal iomlán, lean sé de anseo - i. léamh ón lucht féachana seachas ón gcrannóg, sa chaoi is gur guth amháin a bhí i dtreis, gan radharc ar an léitheoir. Éifeachtach.
Bhí gnó eile le déanamh ar an Oíche, i. leabhar (arís eile!) de chuid Gabriel a sheoladh. Is ar chrann Alan Titley a thit sé (d'fhógair Liam go raibh sé chun caint *gairid* a thabhairt, a bhéim siúd). Thug sé, mar is dual dó, ana phíosa cainte faoi Ghabriel agus na haiku. Leabhar teagasc de chineal an leabahr seo - dírithe ar dhaoine óga chun ealaíon an Haiku a mhíniú dóibh san bealach is éifeachtaí - samplaí ó Issa, trácht ar na gnáis agus na nósanna. Chuir Alan deireadh lena chaint le haiku dá chuid féin - níl mé cinnte ar thug mé slán liom é ach b'é seo a éirim:
bior géar focail
dealg gaoise
stoc an róis

Tour de Force eile ó IMRAM agus na Filí, idir focail físe agus sreanga!

2014-02-27 Aguisín: Fuair mé an bunleagan uaidh Alan:
Bior ar fhocail
Dearg ghéar gaoise
Rós an Stoic